Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cé na doiciméid ar cheart dom iad a chur isteach leis an iarratas ar phas chun pas a fháil i m’ainm nua?

Beidh ort iarratas a dhéanamh ar phas nua. Má tá:

Pas á athnuachan agat

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach:

  • An pas a bhí agat roimhe sin,
  • Dhá dhoiciméad a thaispeánann go bhfuil d’ainm nua in úsáid agat, amhail ceadúnas tiomána, cárta céannachta coláiste, tuarascáil scoile, admhálacha leasa shóisialaigh, bileog phá, billí fóntais, ráitis bhainc nó comhfhreagras oifigiúil ó eagraíocht de chuid na hearnála poiblí nó príobháidí.

Ní mór go mbeidh dáta ar na samplaí sin ag dul siar dhá bhliain ar a laghad ón dáta a chuireann tú an fhoirm iarratais isteach.

Maidir le hathrú ainm i gcás leanaí atá faoi bhun 18 mbliana, ní mór foirm fhada an deimhnithe breithe a chur isteach freisin.

Iarratas á dhéanamh agat den chéad uair

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach:

  • Foirm fhada an deimhnithe breithe,
  • Dhá dhoiciméad a thaispeánann go bhfuil d’ainm nua in úsáid agat, amhail ceadúnas tiomána, cárta céannachta coláiste, tuarascáil scoile, admhálacha leasa shóisialaigh, bileog phá, billí fóntais, ráitis bhainc nó comhfhreagras oifigiúil ó eagraíocht de chuid na hearnála poiblí nó príobháidí.

Ní mór go mbeidh dáta ar na samplaí sin ag dul siar dhá bhliain ar a laghad ón dáta a chuireann tú an fhoirm iarratais isteach.

Má theastaíonn uair d’ainm a athrú tar éis pósadh/dul i mbun páirtnéireacht shibhialta nó má theastaíonn uait filleadh ar do shloinne roimh phósadh glactar le doiciméid eile.