Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cén áit is féidir liom teacht ar fhoirmeacha/doiciméid chuí?

Foirm Iarratais ar Phas:

Ar an drochuair ní féidir leat cur isteach ar do phas Éireannach ar líne ná cóip den fhoirm iarratais a íoslódáíl.

Na cineálacha foirm iarratais:

  • Úsáid foirm APS 1E má tá tú i do chónaí in Éirinn
  • Úsáid foirm APS 2E má tá tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann

Má bhíonn cónaí ort de ghnáth lasmuigh d’Éirinn ach go bhfuil tú sa tír faoi láthair, caithfidh tú fós cur isteach ar do phas Éireannach sa tír ina bhfuil cónaí ort (tír do bhuanchónaithe) agus foirm APS 2E á húsáid agat.

Cén áit is féidir liom an fhoirm a fháil?

Foirmeacha APS 1E

Féadfaidh tú foirm iarratais APS 1E ar phas a fháil ag:

  • Stáisiún Garda ar bith
  • Post oifigí de chuid An Post
  • Oifigí na bPas i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh

Murar féidir leat foirm a fháil nó má bhíonn líon mór foirmeacha uait, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón nó trí ríomhphost led thoil agus cuirfimid na foirmeacha amach chugat sa bpost.

Foirmeacha APS 2E

Má tá tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann gheobhaidh tú foirmeacha iarratais APS 2E ar phas i roinnt mhaith Oifigí Poist.

Má tá tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn féadfaidh tú foirm iarratais APS 2E ar phas a fháil ó Ambasáid na hÉireann nó ón gConsalacht is cóngaraí.

Mionnscríbhinn Chaomhnóra Aonair:

I gcásanna áirithe beidh sé riachtanach Mionnscríbhinn Chaomhnóra Aonair a chomhlánú. Le tuilleadh eolais a fháil faoi thoiliú leanaí

Foirm Dhearbhúcháin A:

Má tá tuismitheoir ag do leanbh a rugadh laistigh den AE nó den Eilbhéis, teastóidh Foirm Dhearbhúcháin A. Is ráiteas faoi mhionn é seo ag an tuismitheoir, mionsonraí á dtabhairt aige/aici ar a dtréimhse chónaitheachta in Éirinn. Ní mór é a bheith fianaithe i gceart.