DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Níos mó ná 10 lá oibre

Cén áit a dhéanfaidh mé iarratas?

Céim 1 de 5

Déan Iarratas ar líne:

Má tá do phas a athnuachan agat, má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois agus muna bhfuil tú ag athrú aon chuid de na sonraí atá taifeadta i do phas cheana féin, ba chóir duit ár tSeirbhís Iarratas ar Phas ar Líne a úsáid.

Déan iarratas ar líne anois

Déan iarratas ag do Oifig an Phoist:

Braitheann an áit a bhfaigheann tú d’fhoirm iarratas ar phas ar cén áit a bhfuil cónaí ort agus an saghas foirm gur gá duit a úsáid

Na cineálacha foirmeacha iarratais:

  • Pas Ar Line - https://www.dfa.ie/ie/pasarline
  • Úsáid foirm APS 1 má chónaíonn tú in Éirinn
  • Úsáid foirm APS 2 má chónaíonn tú i dTuaisceart Éireann

Má chónaíonn tú de ghnáth lasmuigh d’Éirinn ach go bhfuil tú in Éirinn faoi láthair, beidh ort iarratas a dhéanamh ar do phas Éireannach sa tír ina bhfuil cónaí ort (an tír ina bhfuil buanchónaí ort),  agus foirm APS 2 a úsáid.

Cén áit is féidir foirm a fháil?

Foirmeacha APS 1

Féadfaidh tú foirm iarratais don phas APS 1 a fháil sna háiteanna seo a leanas:

  • aon Stáisiún de chuid an Gharda Síochána
  • Oifigí poist de chuid An Post
  • Oifigí na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh

Mura bhfuil tú in ann foirm a fháil nó má theastaíonn líon mór foirmeacha uait, téigh i dteagmháil le do thoil ar an teileafón nó ar ríomhphost agus seolfar na foirmeacha chugat.

Foirmeacha APS 2

Tuaisceart Éireann

Má tá cónaí ort i dTuaisceart Éireann, gheobhaidh tú na foirmeacha iarratais APS 2 don phas i go leor Oifigí Poist.

Lasmuigh d’Éirinn

Má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn, is féidir leat foirm iarratais APS 2 don phas a fháil ón Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit.

Céim 1 de 5

Treoirlínte maidir le Grianghraif don Phas

Céim 2 de 5

Grianghraif a bheith ar chaighdeán íseal an phríomhchúis a bhíonn orainn iarratais ar phas a dhiúltú. Tabhair leat na treoirlínte seo maidir le grianghraif chuig do ghrianghrafadóir agus ar an tslí sin ní chuirfear moill ar d'iarratas.

Seicliosta maidir le grianghraf don phas

  1. Cuir ceithre ghrianghraf le déanaí san áireamh le d’iarratas ar phas
  2. Cinntigh go gcomhlíontar ár riachtanais (féach thíos)
  3. Faigh an finné do d'iarratas chun uimhir na foirme a scríobh (le fáil i gCuid 9 den iarratas) ar chúl péire den cheithre ghrianghraf sin. Beidh orthu cúl an dá ghrianghraif sin a shíniú agus a stampáil freisin.

Cuimhnigh...

Mura gcinntíonn tusa go síníonn an finné cúl an dá ghrianghraf sin, agus go scríobhann siad uimhir na foirme agus go stampálann siad cúl an dá ghrianghraf sin, beidh ortsa foirm iarratais agus grianghraif nua a chur faoi bhráid.

Na nithe atá le comhlíonadh maidir le grianghraif don phas

Staidiúir

  • Bíodh do cheann i lár báire sa ghrianghraf
  • Féach díreach isteach sa cheamara
  • Cinntigh go bhfuil gnéithe d’aghaidh le feiceáil go soiléir, ó íochtar do smig go dtí barr do chinn
  • Ná crom do cheann suas/síos ná ar chlé/ar dheis

Dreach

  • Coimeád dreach d’aghaidh neodrach (ná hardaigh na malaí, ná bíodh gnúis ort)
  • Coinnigh do dhá shúil ar oscailt agus do bhéal dúnta
  • Ná bíodh meangadh gáire ort

Spéaclaí, clúdaigh cinn agus éadach

  • Caith do chuid spéaclaí (má chaitheann tú de ghnáth iad) ach cinntigh nach bhfuil aon frithchaitheamh ar na lionsaí agus nach gclúdaíonn na frámaí do chuid súile
  • Ná caith spéaclaí gréine nó spéaclaí le lionsaí imire, mura bhfuil siad agat ar oideas
  • Ná caith clúdach ar do cheann mura bhfuil sin ort ar chúiseanna reiligiúnacha
  • Ná caith banda gruaige.
  • Ná caith éide, sibhialta nó míleata (e.g. a léiríonn suaitheantais, ionchomhartha)

Riachtanais maidir le grianghraif don phas

Méid

  • Íosmhéid: 35mm x 45mm
  • Uasmhéid: 38mm x 50mm

Soilsiú agus fócasú

  • Beidh ar ghrianghraif a bheith fócasaithe go soiléir agus a bheith nochtaithe mar is cuí
  • Cinntigh nach bhfuil  scáil do chinn le feiceáil sa chúlra
  • Ní mór cothromaíocht mhaith dathanna agus ton nádúrtha an chraicinn a chinntiú
  • Ní ghlacfar le grianghraif a bhfuil ‘súile dearga’ iontu
  • Tá codarsnacht soiléir de dhíth idir gnéithe d’aghaidh agus an cúlra

Cáilíocht an ghrianghraif

  • Ní mór na grianghraif a phriontáil ar pháipéar grianghraif d’ardchaighdeán ag ardghléineacht
  • Níor chóir go mbeadh aon mharcanna dúigh ná rocanna orthu
  • Ní ghlacfar le haon fheabhsú digiteach ná aon athruithe ar na grianghraif
  • Caithfidh cúlra na ngrianghraf a bheith bán agus neamhghlónraithe
  • Moltar grianghraif dubh agus bán mar go ndéantar iad a phriontáil go digiteach ar an bpas i ndubh agus i mbán. Ach glactar le grianghraif le dathanna freisin.

Naíonáin

Ba chóir grianghraif a thógáil de naíonáin nó de leanaí an-óg nach bhfuil in ann suí suas leo féin agus iad ina luí ar dhromchla bán gan phatrún.

Níor chóir go mbeadh aon duine eile le feiceáil sa ghrianghraf, agus mar sin cinntigh nach mbeidh lámha nó géaga a úsáidfear chun tacú leis an leanbh le feiceáil.

Daoine faoi Mhíchumas

Má tá míchumas ort a chuireann cosc ort na riachtanais seo go léir a chomhlíonadh, bí i dteagmháil linn le do thoil agus féadfaidh muid comhairle a chur ort (nasc chuig uimhir theileafóin / ríomhphost).

Céim 2 de 5

Mar is féidir d’fhoirm iarratais a fhianú

Céim 3 de 5

Ní mór duit d'iarratas ar phas a bheith sínithe agus stampáilte ag finné oifigiúil atá ábalta do chéannacht agus na sonraí atá tugtha agat a dheimhniú.

Iarratas ar phas a fhianú in Éirinn

Céannacht (Cuid 9 den fhoirm iarratais)

Toiliú tuismitheoirí/caomhnóirí (Cuid 7 den fhoirm iarratais)

Pasanna ar iarraidh, goidte, nó damáistithe (Cuid 6 den fhoirm iarratais)

Iarratas ar phas a fhianú i dTuaisceart Éireann

Fianú in Éirinn

Céannacht

Fianóidh Garda ag do stáisiún Garda áitiúil d'fhoirm iarratais ar phas, fhad agus go bhfuil siad sásta maidir le do chéannacht agus go léirítear tusa mar is cuí sna ceithre ghrianghraf.

Cinntigh go dtugann tú céannacht grianghraf leat agus bí ar an eolas go bhféadfadh an Garda cruthúnas céannachta a iarraidh ort.

Ní mór duit na nithe a leanas a chinntiú:

  • Sínigh Cuid 8 den fhoirm i láthair Garda. Ní mór do gach duine a bhfuil seacht mbliana d’aois slánaithe aige/aici a foirm/fhoirm féin a shíniú. Ní mór do thuismitheoir/caomhnóir leanbh faoi sheacht mbliana d’aois a n-ainm féin a shíniú sa bhosca ar thaobh na láimhe deise i gCuid 8 os comhair an fhinné. 

Ní mór don Gharda na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Comhlánaigh Cuid 9 den fhoirm
  • Scríobh uimhir na foirme (le fáil i gCuid 9 den fhoirm iarratais) ar chúl péire den cheithre ghrianghraf
  • Sínigh agus stampáil cúl an dá ghrianghraf sin

Cuimhnigh...

Tá d'fhoirm iarratais bailí ar feadh sé mhí ón dáta a síníonn an finné an fhoirm.

Toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí

Ní mór do gach duine faoi 18 bliain d’aois toiliú a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí a fháil chun pas a fháil agus ní mór an toiliú sin a fhianú.

Is é an t-aon eisceacht atá leis sin má bhíonn an leanbh pósta. 

Ní mór do thuismitheoirí/caomhnóirí na nithe seo a leanas a chinntiú:

Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Comhlánaigh, sínigh agus stampáil Cuid 7, lena n-áirítear uimhir theileafóin líne talún na hoibre -  ní ghlacfar le huimhreacha fón póca
  • Sínigh gach aon cholún ar leithligh má fhianaítear síniú an bheirt tuismitheoirí/chaomhnóirí

Féadfaidh na poist a leanas a bheith ag an bhfinné:

  • Ball den Gharda Síochána
  • Ball den chléir
  • Dochtúir leighis
  • Aturnae
  • Bainisteoir bainc/bainisteoir cúnta bainc
  • Ionadaí poiblí tofa
  • Nótaire poiblí/ coimisinéir mionnaí
  • Feidhmeannach síochána
  • Príomhoide/ leas-phríomhoide scoile
  • Cuntasóir

Pasanna ar iarraidh, goidte nó damáistithe

Má théann do phas ar iarraidh, má ghoidtear é nó má bhíonn an pas damáistithe, ní mór duit na nithe a leanas a chinntiú:

  • Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais, mínigh mar a chuaigh do phas roimhe seo ar iarraidh/mar a goideadh é nó mar a rinneadh damáiste dó
  • Cinntigh go bhfianóidh agus go stampálfaidh Garda é sin

Má théann dhá phas nó níos mó ar iarraidh uait, d’fhéadfadh sin srian a chur ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus b’fhéidir nach bhféadfá do phas a fháil laistigh de 10 lá oibre.

Cuimhnigh...

Ná déan iarracht, in aon imthosca, taisteal ar phas a bhfuil tuairisc curtha faoi bhráid go bhfuil sé ar iarraidh nó goidte.

Fianú i dTuaisceart Éireann

Céannacht

Féadfaidh ball de cheann amháin de na gairmeacha beatha atá sa liosta thíos d’fhoirm iarratais don phas a fhianú fhad agus go bhfuil siad sásta maidir le do chéannacht agus go léirítear tusa mar is cuí sna ceithre ghrianghraf.

Cinntigh go dtugann tú céannacht grianghraf leat agus bí ar an eolas go bhféadfadh an finné cruthúnas céannachta eile a iarraidh ort – seo a lánrogha féin.

  • Oifigeach de chuid na bPóilíní/PSNI

  • Príomhoide/leas-phríomhoide scoile

  • Sínigh Cuid 8 den fhoirm i láthair finné. Ní mór do gach duine a bhfuil seacht mbliana d’aois slánaithe aige/aici a foirm/fhoirm féin a shíniú. Ní mór do thuismitheoir/caomhnóir leanbh faoi sheacht mbliana d’aois a n-ainm féin a shíniú sa bhosca ar thaobh na láimhe deise i gCuid 8 os comhair an fhinné.

  • Comhlánaigh Cuid 9 den fhoirm, lena n-áirítear uimhir theileafóin líne talún na hoibre -  ní ghlacfar le huimhreacha fón póca
  • Cuir isteach an uimhir foirme ó Chuid 9 ar chúl phéire den cheithre ghrianghraf

Tá d'fhoirm iarratais bailí ar feadh sé mhí ón dáta a síníonn an finné Cuid 9 den fhoirm.

Toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí

Ní mór do gach duine faoi 18 bliain d’aois toiliú a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí a fháil chun pas a fháil.

Pasanna ar iarraidh/goidte agus damáistithe

  • Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais, mínigh mar a chuaigh do phas roimhe seo ar iarraidh, mar a goideadh é nó mar a rinneadh damáiste dó
  • Cinntigh go bhfianaítear é agus go stampáiltear é ón duine céanna a d'fhianaigh Cuid 9 den fhoirm iarratais

Doiciméid tacaíochta nach mór a áireamh

Céim 4 de 5

Beidh ort na doiciméid seo a chur san áireamh nuair a bheidh tú ag déanamh iarratas ar phas.

Grianghraif

Ceithre ghrianghraf pas, ní mór péire acu sin a bheith fianaithe.

Deimhniú Breithe agus Deimhniú pósta

An leagan fada den deimhniú breithe agus den deimhniú pósta sibhialta (má d’athraigh tú do shloinne).

An Cárta Seirbhísí Poiblí

Ón 29 Márta, 2016, má tá cónaí ort sa Stát, ní mór duit cóip de do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a chur isteach.

Mar gheall ar an gceanglas nua seo, ní gá d'iarratasóirí céaduaire ar phasanna duine fhásta cóip dheimhnithe a sholáthar a thuilleadh de dhoiciméid amhail a gceadúnas tiomána nó a gcárta mac léinn chun críocha aitheantais. Fágfaidh an córas nua freisin nach mbeidh gá le cruthúnas breise ar an ainm, mar atá faoi láthair.

I gcás iarratasóirí céaduaire ar phas duine fhásta nach bhfuil CSP acu faoi láthair, féadfaidh siad ceann a fháil trí phróiseas slán clárúcháin san oifig áitiúil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá sonraí na ndoiciméad atá ag teastáil chun an próiseas clárúcháin don CSP a chur i gcrích agus seirbhís áirithinte chun coinne a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie.

Céannacht Grianghraf

Cóip dheimhnithe de d'aitheantas fótagrafach, cosúil le do cheadúnas tiomána, nó do phas bunaidh ó thír eile nó do chárta aitheantais coláiste. Is féidir leis an té a fhianóidh d'fhoirm iarratais an t-aitheantas fótagrafach a dheimhniú duit.

Níl aitheantas fótagrafach ag teastáil má tá cóip de do Chárta Seirbhísí Poiblí á cur isteach agat; is leor an chóip sin chun na críche seo.

Cruthúnas den ainm

Doiciméad bunaidh ina dtaispeántar cruthúnas ar d'ainm, amhail duillín pá, comhfhreagras ó choláiste i dtaobh clárúcháin nó admhálacha leasa shóisialaigh.

Níl cruthúnas ar d'ainm ag teastáil má tá cóip de do Chárta Seirbhísí Poiblí á cur isteach agat; is leor an chóip sin chun na críche seo.

Cruthúnas den seoladh

Doiciméad bunaidh a léiríonn cruthúnas den seoladh, mar bhille fóntais, ráiteas bainc nó comhfhreagras oifigiúil ó eagraíocht san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach.

Cuimhnigh...

Ní féidir leat an doiciméad céanna a úsáid mar chruthúnas don ainm agus don seoladh.

Léigh gach cuid den fhoirm iarratais don phas lena chinntiú go bhfuil an fhoirm comhlánaithe mar is ceart, lena n-áirítear riachtanais ghrianghraf agus mar is féidir sin a fhianú mar is ceart.

Céim 4 de 5

D’iarratas agus táillí a chur ar aghaidh

Céim 5 de 5

Faigh amach conas d’fhoirm iarratais ar phas a chur faoi bhráid agus an costas a bhaineann leis.

Seirbhís na bPasanna Luais a Úsáid

Molaimid duit Seirbhís na bPasanna Luais a úsáid. Tá Seirbhís na bPasanna Luais ar an mbealach is simplí, is tapúla agus is saoire chun do phas a fháil.

Féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís sin trí níos mó ná 1,000 oifig an phoist de chuid An Post agus trí 70 oifig poist i dTuaisceart Éireann.

Tabhair ar aird le do thoil: Má tá tú ag taisteal i níos lú ná 3 seachtain, moltar duit d’iarratas ar phas a chur faoi bhráid ag an gcuntar poiblí in Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Trí iarratas a dhéanamh láithreach ag an gcuntar poiblí, féadfaimid seiceáil go bhfuil d’iarratas i gceart agus deireadh a chur le himní maidir le moilleanna tríd an bpost.

Feidhmíonn ár n-oifig i mBaile Átha Cliath ar bhonn coinní ó 9am to 4.50pm, Luan go hAoine. Déan coinne linn le do thoil.

Beidh na nithe seo a leanas de dhíth:

  • d'fhoirm iarratais ar phas comhlánaithe agus fianaithe
  • na doiciméid tacaíochta go léir

Táillí pas:

  • Gnáthphas 10 mbliana €80
  • Pas 10 mbliana mór le 66 leathanach €110

Táillí riaracháin An Post

Gearrann An Post táille riaracháin in aghaidh gach iarratas as seirbhís na bPasanna Luais a úsáid. Féadfaidh tú mionsonraí a fháil den táille sin ag d'oifig poist áitiúil nó ar láithreán gréasáin An Post.

Táillí Cuntair Phoiblí

Tá an táille ar iarratas a dhéanamh ag an gCuntar Poiblí níos airde ná an táille a ghearrtar ar Sheirbhís na bPasanna Luais - mar shampla €95 an táille atá ar ghnáthphas ag an gcuntar ach €80 + €9 muirear oifig phoist a bheadh air trí sheirbhís na bpasanna luais. Bíonn sé níos saoire mar sin iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís na bPasanna Luais, má tá go leor ama agat.

Do phas a rianú

Má chomhlánaigh tú d’iarratas mar is ceart, ba chóir go mbeadh do phas agat laistigh de 10 lá oibre.

Is é an t-am a thógann sé ar iarratais Chéaduaire do Dhuine Fásta a dhéantar ag an gCuntar Poiblí ná 20 lá oibre.

Úsáid an uimhir bharrachóid 11-digit (ar an admháil arna eisiúint ag An Post) chun d’iarratas ar phas a rianú.