DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/ga/dfa/pasanna. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Ceisteanna Coitianta faoin bPaschárta

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar Phaschárta Éireannach?

Níl an Paschárta Éireannach ar fáil ach do Shaoránaigh Éireannacha ag a bhfuil Pasleabhar bailí (Pasleabhar atá bailí go ceann 30 lá eile ar a laghad) agus atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Cé na háiteanna ar féidir liom taisteal chucu ar an bPaschárta?

Tá an cárta bailí i gcomhair taisteal san AE/sa LEE (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch).

An bhfuil Pasleabhar ag teastáil uaim sula ndéanaim iarratas ar Phaschárta?

Tá, ní foláir duit do Phasleabhar reatha a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar Phaschárta. (Tabhair faoi deara: sa chás go bhfuil do Phasleabhar caillte nó goidte, ní foláir duit iarratas a dhéanamh ar Phasleabhar nua sula bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Phaschárta).

Cá mhéad a bheidh ar an bPaschárta?

Is í €35 an táille ar Phaschárta. Beidh táille phoist €5 sa bhreis i gceist má tá tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn.

Conas a íocaim as mo Phaschárta?

Is féidir íocaíocht a dhéanamh ach Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair a úsáid (glactar le Visa, le MasterCard agus le American Express faoi láthair).

Cá fhad a bheidh an Paschárta bailí?

Tá do Phaschárta bailí ar feadh 5 bliana ar a mhéad nó ar feadh na tréimhse atá do Phasleabhar reatha bailí i.e. ní féidir dáta éaga an Phaschárta dáta éaga do Phasleabhair a shárú.

Cad a tharlóidh má chaillim mo Phaschárta nó má ghoidtear é?

Tugann an tSeirbhís Pasanna tuairisc ar na sonraí faoi gach Pas caillte nó goidte do Interpol, rud a fhágann nach bhfuil siad bailí i gcomhair taisteal a thuilleadh. Agus athiarratas á dhéanamh ar do chárta nua, ba cheart duit a chur in iúl sa mhír ábhartha den fhoirm iarratais ar líne cé acu a cailleadh, a goideadh nó a damáistíodh do Phaschárta. Mura bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar chárta nua, ba cheart duit fógra a thabhairt don tSeirbhís Pasanna ach an fhoirm theagmhála a chomhlánú.

Cén uimhir a úsáidim chun seiceáil isteach ar líne agus mé ag taisteal ar mo Phaschárta?

Agus tú ag seiceáil isteach ar líne, úsáid an uimhir cárta atá le fáil sa chúinne ag an mbarr ar dheis d’aghaidh an chárta (mar shampla, C12345678).