DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/saoranacht.

Iarratas a dhéanamh ar theastas athsholáthair

Más rud é gur ligeadh amú do theastas maidir le Clárú Breithe Coigríche (CBC) nó gur goideadh é, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheann eile a fháil ina ionad ach cliceáil anseo. Gearrtar táille €20 ar theastais athsholáthair.

Cinntigh le do thoil go bhfuil na cáipéisí riachtanacha go léir atá sa liosta thíos agat sula gcuirfidh tú d'iarratas isteach.

Cad a theastóidh uait?

Chun iarratas a dhéanamh ar theastas athsholáthair teastóidh na cáipéisí seo a leanas uait:

  1. Foirm iarratais agus í comhlánaithe go hiomlán (ar fáil ag an nasc thuas)
  2. An leagan fada den teastas breithe bunaidh (agus an dá thuismitheoir luaite air)
  3. Cóip dheimhnithe/a bhfuil nótaireacht déanta uirthi de leathanach sonraí an phas bhailí atá agat faoi láthair
  4. Cruthúnas ar sheoladh, mar shampla bille fóntais
  5. Táille €20, íoctha ar líne

Iarratas a dhéanamh ar theastas tuismitheora/linbh

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar theastas athsholáthair do thuismitheoir nó leanbh leat, beidh na cáipéisí atá sa liosta thíos ag teastáil uait.

  1. Foirm iarratais agus í comhlánaithe go hiomlán (ar fáil ag an nasc thuas)
  2. An leagan fada de do theastas breithe bunaidh
  3. An leagan fada de theastas breithe bunaidh an té ar leis nó léi an teastas CBC
  4. Teastas Pósta Sibhialta bunaidh an té ar leis nó léi an teastas CBC
  5. Teastas Báis bunaidh an té ar leis nó léi an teastas CBC
  6. Cruthúnas ar sheoladh baile i gcás an té ar leis nó léi an teastas CBC
  7. Cruthúnas ar do sheoladh baile féin
  8. Táille €20, íoctha ar líne