Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Consail Oinigh

Tá na Consail Oinigh ina ngné thábhachtach de rannpháirtíocht Stát na hÉireann ar domhan. Tá feidhmeanna, pribhléidí agus díolúine na gconsal oinigh leagtha amach i gCoinbhinsiún Vín um Chaidreamh Consalachta, 1963. Faoin Acht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967, tugadh feidhm dlí don Choinbhinsiún sa Stát agus cuireadh ar chumas na hÉireann an Coinbhinsiún a dhaingniú an bhliain chéanna sin.

Tá líonra fairsing ag Éirinn ina bhfuil thart ar 100 consal oinigh nó ardchonsal oinigh ar fud an domhain. Cé go mbíonn róil agus feidhmeanna éagsúla á gcomhlíonadh ag na consail oinigh, is iondúil go ndéantar iad a cheapadh chun seirbhísí consalachta a sholáthar agus cúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha i limistéar geografach sonrach, go háirithe i dtíortha nach bhfuil misean cónaitheach ag Éirinn iontu, agus tugann siad cúnamh freisin i ndáil le cur chun cinn na trádála, i gcomhairle leis an Ambasáid a dhéanann maoirsiú orthu.

Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a ghlacann cinntí maidir le bunú na gConsalachtaí Oinigh, ag féachaint do na cuspóirí seo a leanas dár gcuid:

  • seirbhísí consalacha a sholáthar agus/nó cúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha;
  • tacú le hiarrachtaí an phobail Éireannaigh sa réigiún; agus
  • cúnamh a thabhairt i ndáil le cothú an chaidrimh trádála agus gheilleagraigh leis an tír nó an réigiún lena mbaineann.

Cuirtear na critéir sin san áireamh freisin agus é á chinneadh ar cheart consal oinigh nua a cheapadh in ionad duine atá ag dul ar scor. Bíonn ceapadh na gconsal oinigh i gcónaí faoi réir cheadú Rialtas na tíre aíochta, ag féachaint dá chuid rialacha agus nósanna imeachta.

Is ról oinigh é post an Chonsail Oinigh, agus ní bhíonn tuarastal ná pinsean ag gabháil leis. Bíonn gach consal oinigh i dteideal airgead oinigh (€1,125 in aghaidh na bliana faoi láthair) lena gcuid costas as póca a chlúdach. Féadfaidh siad leath na dtáillí consalachta a bhaileoidh siad a choinneáil freisin, chun fritháireamh a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin, agus féadfaidh siad aisíocaíocht a éileamh i leith costais chumarsáide áirithe a thabhaítear mar chuid dá soláthar seirbhíse.

Ceaptar Consail Oinigh faoi réir téarmaí agus coinníollacha. Ceanglaítear orthu cuntais a choinneáil agus iadsan agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Roinne, agus cloí le ceanglais na hÉireann i dtaobh cosaint sonraí.

Féadfar sonraí na gConsalachtaí Oinigh a fháil ach cuardach 'de réir tíre' a dhéanamh san eolaire Ambasáidí, Consalachtaí agus Consalachtaí Oinigh dár gcuid.