DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/travel-insurance-and-health. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/travel-insurance-and-health.

Árachas taistil agus sláinte

Roinnt Leideanna

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Ba cheart duit na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras a sheiceáil ocht seachtaine, ar a laghad, sula n-imíonn tú.
  • Tabhair leat do dhóthain cógas le haghaidh do chuairte, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna ann.
  • Más ag taisteal laistigh den AE a bheidh tú déan iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte nó déan é a athnuachan.
  • Foghlaim faoi rioscaí sláinte ar leith sa tír a mbeidh tú ar cuairt uirthi.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó costais a bhaineann le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí cuí árachais taistil, clúdófar na costais seo, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon téarmaí nó coinníollacha sáraithe agat.

Is féidir leat agus le do theaghlach go leor airgid a shábháil má théann cúrsaí in aimhréidh nuair a cheannaítear árachas taistil cuimsitheach. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an chóir leighis a theastaíonn uait, nuair a theastóidh sé uait. Is féidir billí ospidéil méadú go dtí na mílte euro go han‑ghasta, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ag baint le haslonnú leighis go hÉirinn.

Ní hionann na polasaithe ar fad, agus d’fhéadfadh an ceann is saoire a bheith saor ar chúis faoi leith. Déan cinnte go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú an polasaí a chuireann an clúdach íosta leighis de €1 milliún ar fáil.

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí na nithe seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n‑áirítear aslonnú le haerárthach othar, nó nósanna imeachta éigeandála eile, agus aon chostas a bhaineann le fanacht níos faide gan choinne.
  • Do thuras iomlán, ó thús go deireadh. Smaoinigh ar pholasaí bliantúil ilturas a fháil má dhéanann tú níos mó ná turas amháin in aghaidh na bliana.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go dtabharfar cás i d’éadan as gortú nó damáiste a dhéanamh do réadmhaoin).
  • Giuirléidí caillte nó goidte.
  • Cealú agus giorrú.
  • Aon ghníomhaíochtaí breise a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh agus nach gcuirtear san áireamh sna polasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce amhail scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile Féach ar chomhairle chuimsitheach sábháilteachta uisce ó Shábháilteacht Uisce Éireann anseo).

Eisiamh: Ba cheart duit a thuiscint nach gclúdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Agus tú i do chónaitheoir Éireannach, tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil trí na córais phoiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis má bhíonn tú tinn nó má ghortaítear thú agus tú ag fanacht go sealadach ann. Déan cinnte go bhfaigheann tú CEÁS (an t‑ainm nua ar an E111), nó go ndéanann tú athnuachan air, agus ná déan dearmad go dteastaíonn ceann do gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar CEÁS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann CEÁS agus árachas taistil ceart a chuireann árachóir creidiúnach ar fáil. Ní chlúdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóir leanúnach leighis nó cóir leighis nach bhfuil práinn léi. Chomh maith leis sin, tá seans ann nach nglacfaidh roinnt ospidéal le CEÁS. Mar sin de, ba cheart duit é sin a sheiceáil le riarthóir an ospidéil roimh ré.

Vacsaíní

Cuir ceist ar dhochtúir faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ocht seachtaine, ar a laghad, roimh do thuras. Faigh níos mó eolais faoi vacsaíní ar shuíomh gréasáin FSS.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. Tabhair leat cóipeanna de d’oideas ar eagla go gcaillfeá do chógas, nó ar eagla go gcuirfí ceist ort cén fáth a bhfuil cógais ar leith agat ag pointe iontrála (an t-aerfort, an calafort, teorainn talún etc.).

Cuimhnigh nach bhfuil gach cógas a bhíonn ar fáil thar an gcuntar in Éirinn dlíthiúil i dtíortha eile agus déan do thaighde sula n-imíonn tú. Cuir ceist ar Ambasáid nó ar Chonsalacht na tíre a bhfuil sé i gceist agat cuairt a thabhairt uirthi mura bhfuil tú cinnte faoi na cógais is féidir a thabhairt leat.

Galair uisce-iompartha

Tá galair uisce-iompartha amhail calar agus dinnireacht coitianta i roinnt tíortha. Téigh i gcomhairle le gairmí sláinte roimh an turas chun na réamhchúramaí a mheas ba chóir duit a thógáil, glac comhairle áitiúil ar dhea-chleachtas, agus úsáid uisce buidéil, nó uisce fiuchta de réir mar is gá.

Galair muiscít-iompartha

Más ag taisteal chuig tír a bhfuil fadhb le muiscítí aici, ní mór duit réamhchúraimí a ghlacadh in aghaidh galair mhuiscít-iompartha amhail maláire agus fiabhras deinge. Faigh comhairle leighis ar chógas frithmhaláireach sula dtaistealaíonn tú.

Is féidir leis na leideanna simplí seo an seans go ndéanfá galar muiscít-iompartha a tholgadh a laghdú go mór:

  1. Faigh eolas ó dhaoine áitiúla faoin uair is iondúil a bhíonn muiscítí áitiúla ag baint greim as daoine.
  2. Seachain áiteanna ar dóigh go mbeadh muiscítí ag cruinniú (i.e. uisce marbhánta).
  3. Caith éadach feiliúnach: léinte fadmhuinchilleacha, brístí fada, buataisí agus stocaí.
  4. Cosain do sheomra: Is féidir greamanna muiscítí a laghdú le haerchóiriú, scáileáin feithide-dhíonach etc.
  5. Cosain do leaba: Ba chóir líonta leapa agus líonta cliabháin a úsáid mura bhfuil na seomraí sciata nó aerchóirithe a dhóthain.
  6. Bain úsáid as éarthach feithidí: Cuireann na hIonaid um Ghalair a Chosc agus a Rialú comhairle ar úsáid DEET mar éarthach feithidí, lena n-áirítear mná torracha. Cinntigh A) é a spáráil, agus B) é a ghlanadh nuair nach bhfuil an baol ann greim muiscíte a fháil, ó tharla gur ceimiceach é a chuirtear ar an gcraiceann.

VEID agus SEIF

Faigheann daoine VEID óna chéile trí mhalartú díreach sreabhán coirp. Is é an bealach is fearr chun VEID agus galair ghnéas-tarchurtha a chosc ná srian a chur le teagmháil coirp trí ghnéas sábháilte a chleachtadh agus gan snáthaidí a roinnt.

Má cheapann tú gur tholg tú VEID, ba chóir duit cóir leighis a lorg láithreach. Uaireanta is féidir forbairt VEID a stopadh sa chéad 72 uair a chloig tar éis duit é a tholgadh. Tugtar próifiolacsas iarnochta (PEP) air seo. Is éard atá i gceist le PEP ná cógais frith-VEID a ghlacadh ar feadh ceithre seachtaine. Níl aon chinnteacht ann go n-oibreoidh próifiolacsas iarnochta agus is minic a bhíonn fo-iarmhairtí gránna i gceist, amhail masmas, urlacan, buinneach agus tinneas cinn.

Tá níos mó eolais faoi PEP agus VEID/SEIF ar fáil ar shuíomh gréasáin FSS.