DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chóiré Theas, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chóiré Theas

Má tá tú ag taisteal chun na Cóiré Theas, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach sa chomhairle taistil atá cothrom le dáta.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh cúrsaí athrú go tapa, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn gealladh a thabhairt go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge cothrom le dáta go hiomlán. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, seiceáil an leagan Béarla chomh maith le do thoil nó déan teagmháil linn go díreach.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Cóiré Theas

Is féidir leis na riachtanais iontrála don Chóiré athrú faoi ghearrfhógra, mar sin moltar do na taistealaithe uile na riachtanais iontrála a sheiceáil le húdaráis na Cóiré roimh thaisteal. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil ar shuíomhanna gréasáin maidir le Gníomhaireacht na Cóiré um Ghalair a Rialú agus a Chosc (KDCA) agus An Aireacht Sláinte agus Leasa (MOHW), chomh maith le hAmbasáid Phoblacht na Cóiré in Éirinn

Faoi láthair, níl aon riachtanas ann tástáil COVID-19 a dhéanamh roimh theacht isteach chun na Cóiré nó ina dhiaidh. Mar sin féin, mhol údaráis na Cóiré don dream atá ag teacht isteach chun na tíre, ‘An Córas Cóid-Q’ a úsáid, chun na pleananna taistil agus an stádas sláinte atá acu a chlárú chun cuidiú leo an próiseas teacht isteach chun na tíre a dhéanamh níos éasca. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Tá coraintín éigeantach fós i bhfeidhm do na daoine sin a fuair toradh deimhneach ar thástáil COVID-19 le linn a bhfanachta sa Chóiré. Ní mór do chuairteoirí gearrthéarmacha ón gcoigríoch coraintín a dhéanamh i saoráid rialtais agus ní mór don chuairteoir na costais a íoc. Is féidir le cónaitheoirí fadtéarmacha agus cónaitheoirí na Cóiré coraintín a chur i gcrích sa bhaile.  

Faoi láthair, tá ar náisiúnaigh ó 66 tír tarscaoilte víosa agus 46 tír ainmnithe gan víosa, Éire san áireamh, ETA (Údarú Taistil Leictreonach) a fháil sula rachaidh siad isteach chun na Cóiré. Baineann sé sin le taistealaithe amháin a thagann isteach faoi tharscaoileadh víosa agus ní bhaineann sé leis na daoine sin a bhfuil víosa acu don Chóiré. Níl ETA na Cóiré ag teastáil uait má tá víosa bhailí agat chun dul isteach chun na Cóiré. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Is beag seans go rachaidh an teannas in olcas i Leithinis na Cóiré le dul i bhfeidhm ar shaol na ndaoine sin atá i bPoblacht na Cóiré. Mar sin féin, is cúis imní iad na tástálacha diúracán a rinne an Chóiré Thuaidh agus ba cheart do chuairteoirí leanúint orthu agus súil a choinneáil ar an gcomhairle taistil ar fhaitíos go méadófar an teannas. Ba cheart do shaoránaigh a chinntiú freisin go gcoinneoidh siad súil ghéar ar chomhairle údaráis na Cóiré agus ar thuairiscí na meán áitiúil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Chóiré Ambasáid na hÉireann sa Chóiré a leanúint ar Twitter. Dá mbeadh géarchéim ann, cuirfimid comhairle taistil ar fáil ó @IrishEmbKorea, bunaithe ar eolas arna chur ar fáil ag na húdaráis in Éirinn agus sa Chóiré.

Mholfaimis go mór do na saoránaigh Éireannacha ar fad atá ina gcónaí sa Chóiré clárú ar Thairseach Chlárúcháin na Saoránach lena chinntiú go mbeidh siad in ann aon chumarsáid atá á cur ar fáil ag an Ambasáid a fháil.

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Chóiré Theas ach scairt a chur ar 112

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála úsáideacha a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh comhairle go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus údar imní slándála
  • Tog na réamhchúraimí ciallmhara maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas maidir leis an duine a bhfuil teagmháil le déanamh leis i gcás éigeandála

Corraíl pholaitiúil

Tá an cor polaitiúil sa Chóiré Theas réasúnta cobhsaí. Leantar leis an sos cogaidh idir Poblacht na Cóiré agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré; an Chóiré Thuaidh (DPRK). Tá an teorainn idir an Chóiré Theas agus an Chóiré Thuaidh, an crios dímhíleataithe nó an (DMZ) ar cheann de na teorainneacha is daingnithe ar domhan.  Tá an caidreamh idir an dá dhlínse ar an leithinis faoi réir líon teannais éagsúla, caismirtí cabhlaigh i bhFarraigí an Iarthair go sonrach. Ní éilíonn an staid i láthair na huaire, mar sin féin, aon chomhairle rabhaidh maidir le taisteal chun na Cóiré Theas, cé nach moltar aon taisteal a dhéanamh sna huiscí in aice Líne na Teorann Thiar. Bí ar an eolas i gcónaí maidir le cad atá ar siúl timpeall ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le do thionscnóir turais nó leis an óstán.

Sceimhlitheoireacht

Ní aon sceimhlitheoireacht dírithe ar an gCóiré Theas le blianta beaga anuas cé gur cuireadh gníomhartha sceimhlitheoireachta in aghaidh na Cóiré Thuaidh san a caitheadh.

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht sa Chóiré Theas sách íseal i gcónaí ach ba chóid duit réamhchúraimí ciallmhara a thógáil.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil nó do chuid airgid ar iompar agat le chéile – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Fág cóip de do phas (agus doiciméid taistil agus árachais) leis an teaghlach nó le cairde ag baile
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as ATMnna tar éis titim na hoíche, go háirithe má tá tú i d'aonar.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do ghnó a dhéanamh.
  • Coinnigh súil ghéar ar do mhaoin phearsanta agus coinnigh greim maith orthu in áiteanna ar nós caife idirlín agus stáisiúin bus agus traenach
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, socraigh síob ó/go dtí d'árasán nó d'óstán, chomh gar don bhealach isteach agus is féidir.

Coiriúlacht a thuairisciú.

Má fhulaingíonn coir tú le linn duit a bheith sa Chóiré Theas, déan é sin a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid nó le Consalacht/Consal Oinigh na hÉireann má tá cabhair uait. Cuir glaoch ar na Póilíní ag 112 (tá seirbhís ateangaireachta ar fáil le linn uaireanta oibre).

Tiomáint

Tá rialacha bóthair sa Chóiré Theas cosúil a bheag nó a mhór le rialacha na hÉireann.  Ceanglaíonn sár-mhótarbhealaí na cathracha móra ar fad, ach is minic nach mbíonn mórán cothabhála déanta ar na mionbhóithre.  De ghnáth bíonn na comharthaí bóthair scríofa sa Chóiréis agus sa Bhéarla araon. 

Má theastaíonn uait tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas iomchuí agus leordhóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na Cóiré Theas, ar nós teorainneacha luais
  • Bíodh crios sábhála á chaitheamh agat i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas coinnigh do chuid malaí as radharc sa chás go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag na soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Má thugann tú cead do phas a chóipeáil cinntigh go bhfuil tú in ann é a fheiceáil an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh coinníollacha agus téarmaí an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Cleachtaí Náisiúnta

De ghnáth reáchtálann An Chóiré Theas cleachtaí éigeandála sibhialta ar fud na tíre ar an 15ú lá den mhí, ocht n-uaire i rith na bliana (ní bhíonn aon chleachtaí ann i míonna Eanáir, Feabhra, Iúil ná faoin Nollaig). Bíonn bonnáin le cloisteáil, stoptar trácht agus éilítear ar dhaoine dul ar foscadh i stáisiúin meitreo nó in íoslaigh. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cleachtaí ba chóir duit fógraí áitiúla a sheiceáil.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, faigh an méid eolais agus is féidir leat roimh thaisteal agus faigh comhairle áitiúil nuair a shroicheann tú ceann scríbe
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa mar chuairteoir agus tá sé mar fhreagracht ort iad a leanúint
  • Bíodh meas agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla mar go bhféadfaí féachaint ar d’iompar mar iompar míchuí, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí

Drugaí

Tá pionóis thromchúiseacha ag gabháil le húsáid drugaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada (beag beann ar cén saghas druga atá i gceist).

Cúnamh Éigeandála

Cuir glaoch ar 112 le haghaidh na bpóilíní (tá seirbhís ateangaireachta ar fáil le linn uaireanta oibre) agus cuir glaoch ar 119 le haghaidh otharcharr agus dóiteán. Feidhmíonn Póilíní Náisiúnta na Cóiré Lárionad Ateangaireachta 24 uair an chloig, seacht lá na seachtaine áit inar féidir le heachtrannaigh coir a thuairisciú (trí 112).

Teanga

Ní labhraítear an Béarla go forleathan sa Chóiré Theas mar sin bheadh leabhar frásaí an-úsáideach dá dteastódh uait nithe riachtanacha a iarraidh.

Go ginearálta, ní labhraíonn tiománaithe tacsaí Béarla, cé go gcuireann roinnt cuideachtaí seirbhís aistriúcháin ar fáil sa charr. Bheadh sé níos fearr treoracha scríofa (sa Chóiréis) agus léarscáil a bheith agat.

Iompar poiblí

Bíonn drogall ar roinnt tiománaithe tacsaí de chuid na Cóiré eachtrannaigh a phiocadh suas agus d’fhéadfadh an drogall sin a bheith i bhfad níos measa san oíche nó le linn doininne. Ag tógáil coinníollacha tráchta, ar minic leo a bheith trom, san áireamh, ba chóir duit comhairle a lorg maidir le hamanna taistil.

Is sár-mhodh iompair atá i meitreo Súl, tá sé tapa, saor agus forleathan. Feidhmítear meaisín ticéid i mBéarla chomh maith leis an Chóiréis.

Aitheantas pearsanta

Ba chóir duit aitheantas pearsan a bheith ar iompar agat i gcónaí. Moltar go líonfá isteach an t-eolas maidir le haitheantas pearsanta agus neasghaol ar chúl do phas. Moltar roinnt cóipeanna den phas a thabhairt leat.  Ba chóir duit cóip den phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Bíonn an geimhreadh an-fhuar agus tirim agus bíonn an samhradh sa Chóiré Theas an-te agus bogthais, lena n-áirítear séasúr báistí i mí Iúil (d’fhéadfadh séasúr na báistí maireachtáil chomh fada le mí Lúnasa uaireanta). Bíonn an Fómhar agus an tEarrach an-chineálta ach bíonn siad gearr.

Tosaíonn an samhradh i mí Iúil agus críochnaíonn i ndeireadh mhí Meán Fómhair, tagann laethanta Fómhair ansin a bhíonn crua agus glan a mhaireann go deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Éiríonn sé níos fuaire i mí na Samhna agus tosaíonn an geimhreadh a bhíonn an-fhuar agus dorcha le linn mhí na Nollag agus maireann go dtí deireadh Feabhra.

Tíofúin

Maireann an séasúr tíofúin ó mhí an Mheithimh go dtí mí na Samhna sa Chóiré Theas agus tá an  baol ó stoirmeacha trópaiceacha agus ó thíofúin níos airde ná mar is gnáth le linn na tréimhse sin. Má tú chun taisteal chun na Cóiré Theas, déan monatóireacht ar na réamhaisnéisí aimsire áitiúil agus bí ar an eolas maidir le cad ba chóir duit a bheith ag súil leis.

Treisíonn an National Emergency Management Agency (NEMA) na córais chun tubaistí náisiúnta a chosc agus scrúdaíonn iad chun a chinntiú go bhfuil na córais sin sábháilte, éifeachtach agus iontaofa i gcónaí.

Séasúr na báistí

Maireann séasúr baistí  an tsamhraidh ó dheireadh mhí an Mheithimh go lár mhí Iúil.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte maidir leis na ceanglais iontrála chun na Cóiré Theas, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na Cóiré Theas is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin maidir le cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

D’fhógair Seirbhís Inimirce na Cóiré (KIS) go foirmiúil nach mór do gach náisiúnach nach ón Chóiré iad, le roinnt eisceachtaí, eolas bithmhéadrachta a sholáthar ón 1 Eanáir 2012, ar theacht chun Poblacht na Cóiré. Beidh tú ábalta tuilleadh eolais a fháil ón KIS.

Aitheantas pearsanta

Ba chóir duit aitheantas pearsana a bheith ar iompar agat i gcónaí. Moltar go líonfá isteach an t-eolas maidir le haitheantas pearsanta agus neasghaol ar chúl do phas. Moltar roinnt cóipeanna den phas a thabhairt leat.  Ba chóir duit cóip den phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Cóiré Theas.

Ag tabhairt cuairt ar ospidéal

Tá clinicí idirnáisiúnta sna hospidéil mhóra ina labhraítear Béarla. Má tá ort fanacht thar oíche, bíodh a fhios agat go bhfuiltear ag súil go bhfanfaidh cara nó gaol in éineacht leis an othar agus go bhfreastalóidh an duine sin ar riachtanais neamh-liachta an othair (níl sé mar dhualgas ar an fhoireann altranais é sin a dhéanamh).

Bia

Tá cócaireacht faoi leith ann sa Chóiré, le raon comhábhair difriúla agus d’fhéadfadh sí a bheith an-spíosrach. Ba chóir a bheith cúramach nuair atáthar ag ithe amuigh. Tá an t-iasc go mór chun tosaigh i gcócaireacht na Cóiré. Moltar go láidir, cé go bhfuil sé sábháilte den chuid is mó, gan sliogiasc a itheadh.

Airgead

Is é Won na Cóiré Theas an t-airgeadra áitiúil. Ní ghlactar le cártaí creidmheasa i gcónaí lasmuigh de na cathracha móra. Tá fáil go forleathan ar ATManna agus d’fhéadfadh sé nach dtógfadh siad cárta creidmheasa eachtrach i gcónaí.  

Clúdach fón póca

Go ginearálta ní oibríonn fón póca nach de chuid na Cóiré iad sa Chóiré; tá fón póca sealadach le fáil ar cíos ag Aerfort Incheon. Oibríonn roinnt fón cliste.

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, you should call the Embassy at (822) 721-7200 where you will be given a separate number to call. This will put you in touch directly with an Embassy official.

If necessary, you can also make direct contact with the Consular Assistance Unit at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Leema Bldg. 13F
42, Jongro 1-gil
Jongro-gu
Seoul
Korea 110-755

Tel: +82 2 721 7200
Fax: +82 2 774 6458

Monday to Friday 09:00-12:30 and 13:30-17:00

Contact us