DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSín - Hong Cong Macau , gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSín - Hong Cong / Macau

Má tá tú ag taisteal chun na Síne, Hong Cong / Macau, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Coróinvíreas

Cloíonn Rialtas Hong Cong le seasamh ‘dinimiciúil saor ó COVID’.  Ar a cuid beart, tá tástáil éigeantach, pas vacsaíne, níos mó srianta ar ghníomhaíochtaí na mbialann, tithe tábhairne agus roinnt áiteanna poiblí eile.

Ba chóir do shaoránaigh Éireannacha aird a dhíriú ar na pointí seo a leanas:

  • Seans go mbeadh ar dhaoine a fhaigheann toradh deimhneach do COVID-19 féin-aonrú i saoráidí rialtais nó sa bhaile. Beidh ar dhaoine a fhaigheann toradh deimhneach go leanúnach fanacht sa tsaoráid go dtí go bhfaigheann siad toradh diúltach. Seans go ngearrfaí táille ar neamhchónaitheoirí as a gcúram. Tugtar faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeidh cead ag daoine a chónaíonn le duine a mheastar leochaileach nó le leanaí faoi bhun 5 bliana nó daoine aosta coraintín baile a dhéanamh. Tá seans ann go mbeadh bráisléad rianaithe in úsáid i gcásanna coraintín baile. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí seo agus é athrú ar gearrfhógra.
  • D’fhéadadh sé go scarfaí leanaí óna dtuismitheoirí má fhaigheann duine acu toradh deimhneach do COVID-19. Má bhíonn droch-shiomptóim ar pháiste agus é san ospidéal san aonad dianchúraim nó ar bharda péidiatrach, ní bheidh cead ag tuismitheoirí a leanbh a fheiceáil ná cuairt a thabhairt air le linn a thréimhse san ospidéal.  Má tharlaíonn sé seo duit, is féidir glaoch ar +852 2535 0700 chun cúnamh consalachta 24/7 a fháil.
  • Tá srianta 4 daoine ar a mhéad i bhfeidhm ar thionóil phoiblí (tugtar díolúine do daoine ón teaghlach céanna).
  • Tá sé mar pholasaí ag Rialtas Hong Cong gach sárú ar choraintín a fhiosrú agus tugadh rabhadh póilíní agus téarmaí príosúnachta cheana de dheasca sáruithe neamhbheartaithe.  Má thugann an tIonad um Chosaint Sláinte le fios do shaoránach Éireannach go bhfuil sárú ar choraintín á fhiosrú acu, ba chóir don saoránach sin smaoineamh ar chomhairle dhlí a fháil láithreach.  Dá sárófaí an coraintín éigeantach d’fheadfadh duine bheith freagrach as pionós HK$25,000 agus téarma de 6 mhí príosúnachta.
  • Is riachtanas éigeantach é masc aghaidhe a chaitheamh i ngach áit phoiblí, iompar poiblí san áireamh. Mura gclóitear leis an riachtanas seo, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí suas le HK$5,000 mar phionós.
  • Ní mór do dhaoine atá ag tabhairt cuairt ar áitribh rialtais agus ar ionaid siamsaíochta lena n-airítear pictiúrlanna, bialanna agus páirceanna siamsaíochta téama úsáid a bhaint as an aip rianaithe teagmhálaithe LeaveHomeSafe de chuid Rialtas SAR Hong Cong.  Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil anseo.
  • Tá cruthúnas ar vacsaíniú in aghaidh COVID-19 éigeantach chun dul isteach i mbeagnach gach ionad, bialanna, ionaid aclaíochta, linnte snámha agus óstáin san áireamh. Tugtar díolúine do dhaoine faoi 12 bhliain d’aois agus do dhaoine nach bhfuil in ann vacsaín a fháil de réir leighis, ar na riachtanais seo.

Chun an fhaisnéis is deireanaí a fháil ba chóir na treoracha ó údaráis Hong Cong a leanúint agus is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin Rialtas SAR Hong Cong. 

Taisteal go Hong Cong

Mar fhreagairt ar an bpaindéim, tá roinnt rialachán i bhfeidhm in Hong Cong lena n-áirítear tástáil PCR roimh bhordáil, tástáil ar theacht isteach sa tír agus coraintín éigeantach in óstán a gcaithfidh an taistealaí féin íoc as nuair a thagann sé isteach sa tír.

Ní mór do thaistealaithe an fhoirm dhearbhúcháin sláinte a chomhlánú chun deacrachtaí nósanna imeachta bordála a sheachaint leis an aerlíne a roghnaigh siad. Ní théann sé seo i bhfeidhm ar an riachtanas cáipéisíocht chuí a thabhairt ar thástálacha COVID. Cuirtear i gcuimhne do thaistealaithe riachtanais bhordála a chinntiú lena n-aerlíne agus sa chuid thíos.

D’fhéadfadh sé go mbeidh sé éigeantach do shaoránaigh Éireannacha ag teacht ó mhórthír na Síne, Macao, nó an Téaváin nár thaistil go tíortha agus réigiúnacha thar lear le 14 lá anuas, coraintín agus tástáil COVID-19 a dhéanamh le linn na tréimhse seo mura bhfuil siad go hiomlán vacsaínithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar phaisinéirí lánvacsaínithe coraintín éigeantach níos giorra a dhéanamh, tástáil éigeantach COVID-19 san áireamh. Is féidir mionsonraí a fháil anseo.

Caithfidh Saoránaigh Éireannacha a thug cuairt ar thír nó ar réigiún ar bith taobh amuigh den tSín le 14 lá anuas tástáil COVID-19 a dhéanamh ar theacht isteach dóibh agus ní mór coraintín éigeantach a dhéanamh in óstán oifigiúil ainmnithe. Ní mór do na paisinéirí seo áirithint óstáin a bheith acu sula mbordálann siad eitleán go Hong Cong. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fhad coraintín, mionsonraí faoi cháipéisí atá de dhíth san áireamh, féach suíomh gréasáin Rialtas Hong Cong, le do thoil.

Ar feadh tréimhse tar éis dóibh teacht agus an coraintín thart, beidh cosc ar thaistealaithe dul isteach in áitribh ina bhfuil an aip Leave Home Safe de dhíth.

Ba cheart do theaghlaigh fios a bheith acu go bhféadfaí plé le leanaí chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois mar dhaoine fásta i dtaca leis an leigheas de agus mar sin d’fhéadfadh go mbeadh orthu coraintín a dhéanamh i seomraí nó i lóistín difriúil. Táimid ar an eolas faoi chásanna inar cuireadh leanaí óga faoi chúram dochtúra leo féin tar éis toradh deimhneach ar COVID-19 a fháil ar theacht isteach go Hong Cong dóibh.

Beidh ar an gcuid is mó de phaisinéirí tástáil PCR aigéid núicléasaigh a dhéanamh do COVID-19 taobh istigh de roinnt uaireanta sula n-imíonn a n-eitleán go Hong Cong. B’fhéidir gur mhian le paisinéirí atá tar éis téarnamh ó COVID-19 teastas téarnaimh a bheith acu, tá tuilleadh mionsonraí maidir leis an riachtanas seo mar aon le liosta mionsonraithe de rialacháin reatha le fáil anseo.

Ní bheidh ar leanaí faoi 3 bliana d’aois a d’fhan in áiteanna thar lear nó sa Téaváin an tástáil PCR réamhimeacht 48-uair a dhéanamh chun dul isteach go Hong Cong. Ar theacht isteach go Hong Cong, áfach, beidh ar na leanaí seo tástálacha PCR aigéid núicléasaigh a dhéanamh ina n-úsáidtear sampla faecais de ghnáth.

Níl sé riachtanach a thuilleadh go ndéanfar tástálacha PCR i saotharlann a bhfuil creidiúnú ISO-15189 aici. Ba cheart do thaistealaithe a chinntiú, áfach, go bhfuil an cineál tástála ag teacht leis na cinn atá liostaithe ag údaráis Hong Cong agus go ndéantar nóta den am a ghlactar an sampla.

Go ginearálta, má ainmnítear duine in Hong Cong ina dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe COVID-19 d’fhéadfadh sé go mbeadh air coraintín éigeantach a dhéanamh in ionaid ainmnithe ón lá deireanach a bhí teagmháil aige le cás deimhnithe. Ba cheart go mbeadh paisinéirí ar an eolas gur féidir leis seo tarlú freisin, má fhaigheann comrádaithe taistil nó daoine eile ar an eitleán céanna toradh deimhneach. Is féidir leis an bhfad ama athrú ag brath ar an athraitheach a ainmnítear agus ar thosca eile. Moltar do phaisinéirí atá ag taisteal go Hong Cong a bpleananna taistil agus socruithe víosa a athdheimhniú lena soláthraí taistil agus lena n-aerlíne roimh imeacht.

Ba cheart do thaistealaithe a bheith ar an eolas faoin riosca a bhaineann le daoine a raibh ionfhabhtú COVID-19 orthu agus a théarnaigh toradh deimhneach a fháil ar theacht isteach go Hong Cong dóibh. I gcás mar sin, d’fhéadfadh iad a choinneáil in ospidéal, saoráid aonraithe, nó óstán coraintín ar feadh tréimhse shínte, go dtí go mbaineann siad critéir Roinn Sláinte Hong Cong amach le haghaidh scaoilte. Is féidir mionsonraí a fháil anseo.  Ba cheart do thaistealaithe a tholg an coróinvíreas a théarnaigh sna 90 lá roimh thaisteal go Hong Cong teastas deimhnithe téarnaimh a thabhairt leo.

Tá na cúrsaí seo an-chorrach fós agus srianta ag teacht i bhfeidhm ar gearrfhógra, molaimid go tréan fógraí a leanúint ar shuíomh gréasáin RialtaisHong Cong.

Cuirtear i gcuimhne do shaoránaigh atá ag smaoineamh ar thaisteal idirnáisiúnta a bheith eolach ar na rioscaí maidir le COVID-19 a tholgadh agus iad thar lear agus ar na costais bhreise agus ar na moilleanna a d’fhéadfaí a bheith i gceist. Molaimid do dhuine ar bith a bheith ag taisteal árachas cuimsitheach taistil a cheannach agus a chinntiú roimh imeacht go mbeidh clúdach ann do chostais a bhaineann le toradh deimhneach a fháil agus iad thar lear.

Taisteal go Macao

Mar fhreagairt ar a céad ráig den phaindéim, tá dianghlasáil chrua i bhfeidhm i Macao ina bhfuil srianta gluaiseachta agus tástáil éigeantach. Moltar do thaistealaithe na srianta reatha a sheiceáil go cúramach.

Tá staid COVID-19 i Macao an-chorrach fós agus srianta ag teacht i bhfeidhm a gearrfhógra, molaimid go tréan fógraí a leanúint ar shuíomh gréasáinRialtas Macao.

Caithfidh gach paisinéir atá ag imeacht go Macao, tuairisc ar thástáil COVID-19 aigéid núicléasaigh dhiúltach a thaispeáint roimh bhordáil, eisithe ag institiúid leighis san áit imeachta; d'fhéadfadh sé nach gceadófar do phaisinéirí bordáil mura dtaispeánann siad an tuairisc seo. Bíonn am na tástála PCR seo ag brath ar an tír imeachta, is féidir mionsonraí a fháil anseo. Níl cead ag daoine a raibh COVID-19 orthu cheana dul isteach go Macao ar feadh 2 mhí tar éis a dtéarnaimh.

D’fhéadfadh sé go mbeidh ar dhaoine atá ag teacht isteach sa tír dul faoi bhreathnóireacht leighis ag áit ainmnithe má tháinig siad ó SAR Hong Cong nó ó thíortha thar lear agus réigiúnacha taobh amuigh den tSín le 21 lá anuas. Beidh ar dhaoine a thagann isteach ón Téaváin nó ó mhórthír na Síne dul faoi bhreathnóireacht leighis ag brath ar an gcúige ónar imigh siad. Is féidir mionsonraí a fháil anseo.

Moltar do gach saoránach cloí leis an treoir áitiúil in Hong Cong agus i Macao, treoir maidir le húsáid na masc aghaidhe, cosc, cosaint ar, moilliú agus smacht a chur ar scaipeadh COVID-19. Féach naisc chuig suíomhanna gréasáin cuí thíos:

• Ionad um Chosaint Sláinte Hong Cong.

• Aerfort Idirnáisiúnta Hong Cong

 Biúró Sláinte Macao

Dlí Slándála Náisiúnta

Tháinig Dlí Slándála Náisiúnta i bhfeidhm in Hong Cong ar an 1 Iúil 2020 a rith údaráis mhórthír na Síne. Tugann sé isteach coireanna a bhaineann le scaradh, treascairt, sceimhlitheoireacht agus claonpháirteachas le tír eachtrannach le pionóis éigeantacha suas le agus lena n-áirítear príosúnacht saoil ag brath ar dhéine na gcúiseamh. D’fhéadfadh daoine a ghabhtar faoin Dlí Slándála Náisiúnta a aistriú go mórthír na Síne don triail má bhíonn cúinsí ar leith ann.

Níl iomlán an dlí seo agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm é soiléir fós, ach is féidir cúisimh faoin reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí lena n-áirítear ráitis ar na meáin shóisialta a dhéantar fiú agus tú taobh amuigh de Hong Cong.

Cuirtear i gcuimhne do shaoránaigh na hÉireann go bhfuil sé de cheart acu cúnamh consalachta a iarraidh má choimeádtar ag na húdaráis áitiúla iad.

Corraíl Shóisialta in Hong Cong

In 2019, bhí agóidí leanúnacha in Hong Cong i gcomhair cuspóirí polaitiúla ar leith.  Cuireadh stop leis na cineálacha seo agóidí le linn phaindéim COVID-19 agus bhí tionchar ag cur i bhfeidhm Dhlí Slándála Náisiúnta ar chumas na sochaí sibhialta agóidí polaitiúla a eagrú.  Mar sin féin, agus na bearta scaradh sóisialta á maolú agus amanna a bhfuil íogaireacht pholaitiúil ann, is féidir go mbeadh agóidí ann arís, mar aon le riosca bainteach foréigin.  Moltar do shaoránaigh a bheith airdeallach faoin bhféidearthacht seo agus agóidí a tharlódh gan rabhadh a sheachaint.

Cónaí in Hong Cong nó Macao

Má bhog tú go Hong Cong nó go Macao le déanaí, b’fhéidir gur mhaith leat bualadh le hÉireannaigh eile a bhfuil baint acu le heagraíocht áitiúil nó le gréasán gnó ar féidir leo comhairle ghinearálta, eolas agus treoir a chur ort. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo

Ár Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte

  • Ceannaigh árachas cuimsitheach taistil a chlúdaíonn gach gníomhaíocht atá beartaithe agat.
  • Bí cinnte go bhfuil go leor airgid agat chun tú a choinneáil ag dul, agus go mbeidh rochtain agat ar airgead éigeandála más gá.
  • Cláraigh do chuid mionsonraí linn ionas go mbeidh muid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwisedo na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.‘.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Staid Pholaitiúil

Is sochaithe seasmhacha iad Hong Cong agus Macao agus riail an dlí mar bhonn fúthu.

Ó bhí Meitheamh 2019 ann, tá agóidí leanúnacha in Hong Cong i gcomhair cuspóirí polaitiúla ar leith. Tháinig laghdú ar mhinicíocht agus ar dhéine na n-agóidí le linn phaindéim COVID-19, ach seans go méadófar líon na n-agóidí agus an foréigean de dheasca na híogaireachta polaitiúla atá ag dul i méid le déanaí.  Moltar do shaoránaigh na hÉireann agus baill den phobal a bheith airdeallach agus moltar go láidir dóibh freisin gan dul go ceantair ina mbeidh agóidí agus tionóil phoiblí neamhbheartaithe agus cloí le comhairle na n-údarás áitiúil.

Ní dheachaigh an chorraíl shóisialta i bhfeidhm ar Macao.

Dlí Slándála Náisiúnta

Tháinig Dlí Slándála Náisiúnta i bhfeidhm in Hong Cong ar 1 Iúil 2020 a rith údaráis mhórthír na Síne. Tugann sé isteach coireanna a bhaineann le scaradh, treascairt, sceimhlitheoireacht agus claonpháirteachas le tír eachtrannach le pionóis éigeantacha suas le agus lena n-áirítear príosúnacht saoil ag brath ar dhéine na gcúiseamh. D’fhéadfadh daoine a ghabhtar faoin Dlí Slándála Náisiúnta a aistriú go mórthír na Síne don triail má bhíonn cúinsí ar leith ann.

Níl iomlán an dlí seo agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm é soiléir fós, ach is féidir cúisimh faoin reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí lena n-áirítear ráitis ar na meáin shóisialta a dhéantar fiú agus tú taobh amuigh de Hong Cong.

Cuirtear i gcuimhne do shaoránaigh na hÉireann go bhfuil sé de cheart acu cúnamh consalachta a iarraidh má choimeádtar ag na húdaráis áitiúla iad.

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt bhunaidh ann ó sceimhlitheoireacht dhomhanda. D’fhéadfadh go mbeadh ionsaithe gan idirdhealú ann, lena n-áirítear ionsaithe in áiteanna ina mbíonn easaoránaigh agus taistealaithe ó thíortha eile. Tá bearta cuimsitheacha slándála i bhfeidhm ag rialtais Hong Cong agus Macao chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht lena n-áirítear uasghrádú ar chumas póilíní, slándáil aerthaistil fheabhsaithe, rialú teorann níos fearr agus uasghrádú ar fhreagairtí na seirbhísí éigeandála.

Bearta Slándála Breise ag Aerfort Idirnáisiúnta Hong Cong

Moltar do phaisinéirí an t-aerfort a bhaint amach trí uair a chloig roimh a n-am imeachta le haghaidh seiceálacha slándála ag na seicphointí rialúcháin rochtana ainmnithe atá feistithe le ceamaraí slándála 24-uair. Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh do phaisinéirí ticéad nó pas bordála a bheith acu chun dul isteach sa chríochfort.

Moltar do bhaill eile den phobal, lena n-áirítear daoine ar mhaith leo bheith in éineacht le paisinéirí atá ag imeacht nó bualadh le paisinéirí ag teacht isteach san aerfort gan taisteal go dtí an t-aerfort mura bhfuil géarghá ann. Pé scéal é, is iad na paisinéirí amháin a mbeidh cead acu dul isteach sa chríochfort.

Coireacht

Tá ráta coireanna foréigneacha an-íseal ach d’fhéadfadh coireacht sráide agus peasghadaíocht tarlú mar a tharlaíonn i gceantar mór uirbeach ar bith. Ba cheart a bheith níos cúramaí i gceantair phlódaithe maidir le pasanna, airgead, agus cártaí creidmheasa - bí airdeallach i stáisiúin traenach agus i margaidh.

Más íospartach coireachta thú agus tú in Hong Cong nó i Macao, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach. Tá na huimhreacha maidir le Tuairisciú Coireachta thíos:

  • 999 in Hong Cong
  • 993 i Macao

Tá ‘Ionad Ríomhthuairiscithe’ i bhfeidhm ag Póilíní Hong Cong a dearadh le haghaidh fiosrúchán nó tuairiscí nach éigeandálaí iad. Ní bheidh freagairt ar an tuairisc nó ar an bhfiosrúchán ar fáil láithreach. I gcás éigeandála, cuir glaoch ar 999 le do thoil nó téigh i dteagmháil leis an stáisiún póilíní is cóngaraí [Féach https://www.erc.police.gov.hk/cmiserc/CCC/PolicePublicPage?language=en]

Is féidir leis an Oifig um Bhainistíocht Géarchéime Turasóireachta (+853) 2833 3000 (beolíne 24-uair) cúnamh ginearálta a thabhairt i mBéarla, Cantainis, Mandairínis agus Portaingéilis do thurasóirí i Macao. I gcás éigeandála, cuir glaoch ar 993 le do thoil nó téigh i dteagmháil leis an stáisiún póilíní is cóngaraí. Is féidir bileog eolais a fháil anseo chun tacú leis na nósanna imeachta a bhaineann le tuairisciú coireachta http://www.pj.gov.mo/Web/u/cms/www/pdf/Publish/EN/RC03.pdf

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn freisin ag Consalacht na hÉireann má bhíonn cúnamh ag teastáil uait.

Iompar Poiblí / Tiomáint

Tá clú ar Hong Cong mar gheall ar a chóras iompair phoiblí atá sábháilte, inacmhainne agus iontaofa — báid farantóireachta, iarnród, busanna agus tramanna san áireamh.

Is ionann an Cárta Ochtapas agus cárta leictreonach luacha stóráilte is féidir a úsáid ar an gcuid is mó den iompar poiblí, mar aon le ceannacháin i siopaí áise, bialanna mearbhia, ollmhargaidh, siopaí císte, meaisíní díol agus a thuilleadh. Mionsonraí ar https://www.octopus.com.hk/en/consumer/index.html

Glacann an Airport Express a théann ar ardluas tuairim is 24 nóiméad chun Oileán Hong Cong a bhaint amach agus is é an bealach is tapa é chun taisteal idir an chathair agus an t-aerfort. Is féidir le paisinéirí an Airport Express bus tointeála a ghlacadh ó stáisiúin Kowloon agus Hong Cong go dtí na móróstáin. Cuireann an dá stáisiún seo seirbhísí seiceáil isteach saor in aisce ar fáil do na príomhaerlínte, agus daoine ag imeacht ó Hong Cong, rud is féidir a bheith an-áisiúil do phaisinéirí a bhfuil eitilt imeachta déanach sa lá acu.

Measann údaráis Macao go bhfuil an tseirbhís tacsaí Uber neamhdhleathach, agus le déanaí tá gníomhartha forfheidhmiúcháin á ndéanamh ag Póilíní Macao in aghaidh tiománaithe agus paisinéirí seirbhísí tacsaí atá gan cheadúnas, Uber san áireamh.

Is féidir le daoine a bhfuil ceadúnas tiomána Éireannach acu tiomáint i Hong Cong a bhuí leis ceadúnas tiomána Éireannach nó cead tiomána idirnáisiúnta más cuairteoir go Hong Cong iad (ciallaíonn cuairteoir go dtagann tú go Hong Cong le cur fút ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí í).

I gcás sealbhóirí ceadúnas tiomána Éireannach ar mhian leo tiomáint i Macao agus a bheidh ag fanacht ar feadh tréimhse níos lú ná bliain – caithfidh siad dul chuig stáisiún na bpóilíní chun páipéar oifigiúil a fháil chun ceadúnas Éireannach a dhlisteanú.

Pas caillte nó goidte

Má cailleadh nó má goideadh do phas in Hong Cong nó Macao féadfaidh Consalacht Ghinearálta na hÉireann i Hong Cong – i gcásanna éigeandála – cáipéis taistil éigeandála nó pas sealadach a eisiúint. Beidh ort iarratas comhlánaithe a leagan isteach, arna fianú go cuí i dteannta leis an gcáipéisíocht tacaíochta uile agus leis an táille chuí. I ngach cás beidh gá le cruthúnas aitheantais agus saoránachta, lena n-áirítear teastas breithe bunaidh nó leagan fada dearbhaithe dó.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe Áitiúla Hong Cong

Is córas dlí coiteann atá i gceist le dlí Hong Cong, amhail córas na hÉireann, a bhfuil cóid dlí sibhialta agus choiriúil ann.

I measc rialacha agus dlíthe sláinteachais phoiblí na cathrach tá:

  • Dianchosc ar ithe agus ar ól ar an gcuid is mó den iompar poiblí in Hong Cong;
  • Dlíthe diana maidir le sláinteachas timpeallachta a chaomhnú, lena n-áirítear fíneálacha pionós socraithe ar bhruscar a chaitheamh uait nó ar sheile a chaitheamh.

Tá neamhfhulaingt i bhfeidhm maidir le taisteal gan ticéad ar Iarnród Olltaistil (MTR).

Tá toirmeasc ar iompórtáil agus ar easpórtáil eabhar eilifinte d’aon saghas nó táirgí a déantar as, lena n-áirítear earraí cuimhneacháin turasóirí. D’fhéadfaí fíneáil agus/nó príosúnacht a ghearradh ar chiontóirí.

Tá dianchosc ar ghrianghraif a ghlacadh de shuiteálacha míleata.

Tá srianta i bhfeidhm ag Rialtas SAR Hong Cong ar an méid foirmle púdraithe do leanaí a cheadaítear le haghaidh daoine atá ag fágáil na críche. Bíonn pionóis i gceist i gcás neamhchomhlíonta.

Srianta ar chaitheamh tobac, lena áirítear toitíní leictreonacha

Tá dianchosc ar chaitheamh tobac, lena áirítear toitíní leictreonacha, i ngach áit laistigh i Hong Cong agus Macao, lena áirítear bialanna, tithe tábhairne agus mealanna. Chomh maith leis sin cuirtear an toirmeasc ar chaitheamh tobac i bhfeidhm ar iompróirí iompar poiblí, laistigh de shaoráidí iompar poiblí, agus i limistéir laistigh agus lasmuigh i roinnt áitreabh, lena n-áirítear tránna, linnte snámha agus staighre beo poiblí.

Beidh aon duine a chaitheann nó a iompraíonn toitín, todóg, nó píopa lasta i limistéir ainmnithe ina bhfuil cosc ar thobac a chaitheamh faoi dhliteanas pionós socraithe.

Chuir Hong Cong toirmeasc ar iompórtáil, ar dhíol agus ar dhéantús toitíní leictreonacha, táirgí tobac téite agus toitíní luibhe agus d’fhéadfadh ciontóirí a bheith faoi réir fíneáil suas le HK$50,000 (US$6,370) agus sé mhí príosúnachta. Tá cead ag tomhaltóirí gléasanna vápála a chaitheamh fós.

Má bhíonn tú ag teacht isteach i Hong Cong le toitíní leictreonacha a bhfuil nicitín iontu, beidh gá oideas leighis a bheith agat a chuireann in iúl gur le haghaidh úsáid pearsanta iad. Mura bhfuil nicitín sa toitín leictreonach agus más le haghaidh úsáid phearsanta é, níl gá le hoideas leighis.

Chun teacht ar tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar

 Dlíthe Áitiúla Macao

Is córas dlí sibhialta atá i Macao, sa mhéid agus gurb í an reachtaíocht an phríomhfhoinse dlí agus nach mórfhoinse dlí atá sa chásdlí, bíodh agus gur léir go bhfuil sí ábhartha. Tá cúig chódú ‘clasaiceach’ ag Macao: an Cód Sibhialta, an Cód Tráchtála, an Cód Nósanna Imeachta Sibhialta, an Cód Pionóis, agus an Cód Nósanna Imeachta Coiriúla. Reáchtálfar na himeachtaí i bPortaingéilis.

Earraí a bhfuil srian slándála orthu

Tá dlíthe diana ag Hong Cong agus Macao maidir le hiompórtáil agus/nó seilbh aon chineál arm nó earraí a bhféadfadh cuma arm a bheith orthu, lena n-áirítear macasamhail, seandacht, bréagáin agus oiriúintí faisin.

Baineann an dlí le daoine i Hong Cong agus Macao agus leo siúd ag taisteal trí aerfoirt Hong Cong agus Macao, agus baineann siad le málaí taistil láimhe, málaí taistil a sheiceáiltear isteach agus málaí taistil faoi bhealach. Chun teacht ar tuilleadh eolais, féach ar shuíomhanna idirlín:

Drugaí mídhleathacha

Tá polasaí neamhfhulaingthe maidir le húsáid drugaí mídhleathacha ag rialtais Hong Cong agus Macao. D’fhéadfadh fíneálacha móra agus príosúnacht a bheith mar thoradh ar shealbhú drugaí mídhleathacha.

Tá pionóis ann chomh maith má bhíonn táibléid chodlata nó leigheas ordaithe i seilbh duine gan oideas a bheith acu dóibh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tá aeráid fhothrópaiceach i Hong Cong agus Macao agus bíonn séasúir ar leith acu. Is iad tíofúin agus stoirmeacha fearthainne na tarluithe aimsire intuartha amháin a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar do chuid pleananna taistil. Tosaíonn séasúr na dtíofún i mí na Bealtaine agus tagann deireadh leis i mí na Samhna.

Nuair a bhíonn tíofún ag teacht, craoltar rabhaidh ar an teilifís agus ar an raidió agus taispeánann go leor foirgneamh comhartha rabhaidh tíofúin. Dúntar oifigí poiblí nuair a ardaítear comhartha ‘Tíofún 8’ agus bíonn ar dhaoine fanacht laistigh go dtí go n-imíonn an tíofún.

Lean na naisc seo a leanas maidir le comharthaí agus rabhaidh aimsire éagsúla le do thoil:

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Coinníonn SAR Hong Cong, SAR Macao agus mórthír na Síne teorainn custaim agus imirce scartha faoi na socruithe rialacháin “Tír Amháin, Dhá Chóras”. Bíonn pasanna agus víosaí cuí de dhíth chun taisteal idir na críocha. Níos mó ná turas amháin a bhíonn i gceist le taisteal idir Hong Cong, Macao nó an tSín agus filleadh ar cheann de na críocha.

Chun dul isteach i Hong Cong agus Macao caithfidh tú pas a bheith agat a bheidh bailí ar feadh mí amháin ar a laghad i ndiaidh dáta na fanachta atá beartaithe agat, cistí cuí chun íoc as do thréimhse fanachta agus fianaise maidir le hiompar ar aghaidh/fillteach. Éilíonn go leor ceantair in aice láimhe go mbeadh do phas bailí ar feadh sé mhí ar a laghad sula gceadóidh siad duit teacht isteach, mar sin má bhíonn sé de phlean agat taisteal go réigiúnach lasmuigh de Hong Cong, cinntigh go mbeidh do phas bailí ar feadh sé mhí ar a laghad i ndiaidh an dáta a bhfuil sé de phlean agat dul isteach i gceantair dá leithéid.  Ní theastaíonn víosa le haghaidh cuairteanna turasóireachta suas le 90 lá ach d’fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil más ar chúiseanna eile seachas turasóireacht a bhíonn tú ag taisteal. Is féidir teacht ar shonraí maidir le riachtanais víosa ginearálta le haghaidh:

Sláinte

Tá seirbhísí sláinte ar ardchaighdeán i Hong Cong agus Macao. Mar sin féin, sula dtaistealaíonn tú tabhair cuairt ar dhochtúir nó ar an mBiúró Leighis Trópaiceach chun a fháil amach na vacsaíní atá de dhíth ort.

Ba cheart duit árachas cuimsitheach sláinte a bheith agat sula dtaistealaíonn tú chuig Hong Cong chomh maith, toisc go bhféadfadh cóir leighis agus cógas a bheith fíor-chostasach.

Chun teacht ar eolas atá suas chun dáta maidir le fógraí sláinte phoiblí tabhair cuairt ar shuíomhanna idirlín Bhiúró Sláinte Macao ar http://www.ssm.gov.mo agus Ionad um Chosaint Sláinte Hong Cong http://www.chp.gov.hk/en

Fiabhras deinge

Is ionfhabhtú géar é fiabhras deinge a iompraíonn muiscítí a bhfuil víris deinge mar chúis leis. Bíonn sé seo le fáil i réigiúin thrópaiceacha agus fhothrópaiceacha ar fud an domhain agus is tinneas eindéimeach é fiabhras deinge i gcuid mhaith tíortha in Oirdheisceart na hÁise. Bíonn baol ráigeanna Deinge i Hong Cong agus Macao.

Caighdeán aeir

Féadfaidh teagmhais thréimhsiúla a bheith ann ina mbíonn ardleibhéil truaillithe aeir i Hong Cong agus Macao. Molaimid do gach cuairteoir Éireannach agus do chónaitheoirí súil a choimeád ar nuashonraithe agus ar chomhairlí ó:

 

Embassy contact

Consulate Contact

Consulate General of Ireland Hong Kong
20/F, 33 Des Voeux Road,
Central,
Hong Kong

Tel: +(852) 2535 0700
Fax: +(852) 2528 9330


For customer service access and consistent with best practice, the Consulate operates an appointments-only service for Irish citizens. If you need an appointment, please email us on hongkong@dfa.ie.
The Consulate provides an out-of-hours consular service for genuine emergencies which cannot wait until normal working hours. Contact details can be found on: https://www.dfa.ie/irish-consulate/hong-kong/contact-us/.



Contact us