Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Chairt um Chúnamh Consalachta

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cúnamh agus tacaíocht do shaoránaigh atá i gcruachás thar lear. Leagtar síos sa Chairt um Chúnamh Consalachta an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn.

Déanaimid tacaíocht a thairiscint gan aon bhreithiúnas a thabhairt ort, agus bíonn sí bunaithe ar do chuid riachtanas féin. Roinnfimid leat eolas ar bith atá faighte agat maidir le do chás, agus geallaimid cur chuige follasach a ghlacadh maidir lenár gcuid gníomhaíochtaí – idir ghníomhaíochtaí atá dírithe ar thacú leatsa agus an obair a dhéanaimid go ginearálta.

Is mór againn muinín a bheith agat asainn agus caithfimid leat faoi rún daingean. Ní roinnfimid eolas faoi do chás, fiú le do theaghlach, gan toiliú uaitse.

Táimid tiomanta d'fheabhas leanúnach a chur ar an gcaoi a mbímid i mbun gnó agus dá chinntiú go mbíonn na baill foirne ar fud ár líonra domhanda Ambasáidí agus Consalachtaí thar a bheith gairmiúil. Áirítear leis sin seirbhís lách, thuisceanach a chur ar fáil do chustaiméirí agus eolas a thabhairt faoin tacaíocht chuí a bhfuil fáil uirthi.

Táimid ar fáil agus rochtain orainn 24/7, le linn uaireanta oifige ar +353 (0)1 4082527 i gcás éigeandála nó lasmuigh d’uaireanta oibre ar +353 (0)1 4082000.

Tugaimid cúnamh ar fud an domhain freisin trí mheán ár gcuid Ambasáidí agus Consalachtaí. I gcomhair shonraí teagmhála na nAmbasáidí go léir, íoslódáil an aip fóin chliste Travelwise dár gcuid, aip shaor in aisce atá ar an App Store agus ar Google Play.

Tá ról againn freisin maidir le comhairle taistil atá soiléir, iontaofa agus ar féidir brath uirthi a thabhairt i leith 200 tír ar fud an domhain. Tá an t-eolas sin ar fáil ar an láithreán gréasáin, ar TravelWise agus ar Twitter @dfatravelwise.

Cliceáil anseo chun féachaint ar an gCairt iomlán um Chúnamh Consalachta