DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Gabhtar nó coimeádtar thar lear

Más saoránach Éireannach thú agus gabhtar thú/ coimeádtar thú thar lear, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun comhairle agus tacaíocht a fháil.

Is féidir lenár bhfoireann comhairle neamhbhreithiúnach agus cabhair phraiticiúil a chur ar fáil duit, beag beann ar an gcion atá á mhaíomh, fiú má tá tú ar athchur nó gur ghearr cúirt dlí pianbhreith ort cheanna.

An méid gur féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn socrú a dhéanamh chun go cuirfear do theaghlach agus do chairde ar an eolas faoi do choinneáil agus chun cabhrú leat teagmháil a dhéanamh leo. Láimhseáiltear an t-eolas a nochtar linn go cúramach agus ní scaipfear eolas le do gréasán tacaíochta mura dtugann tú cead.
  • Is féidir linn cabhrú leat eolas a fháil maidir le socruithe príosúnachta
  • Is féidir linn liosta dlíodóirí áitiúla a labhraíonn Béarla a chur ar fáil duit
  • Is féidir linn socrú a dhéanamh chun airgead ó do theaghlach nó do chairde a aistriú duit agus tú i bpríosún
  • Tá sé mar aidhm againn a chinntiú nach ndéanfar idirdhealúort toisc gur príosúnach eachtrannach thú
  • Is féidir linn na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas faoi aon cheisteanna leasa atá ag déanamh imní ort, lena n-áirítear imní ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de, agus a chinntiú go mbeidh fáil agat ar aon chógais ordaithe
  • Is féidir linn sonraí teagmhála de chuid aon eagraíocht neamhrialtasach ábhartha a thabhairt duit, amhail Comhairle na hÉireann do Phríosúnaigh Thar Lear chun tuilleadh eolais a fháil

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn tú a scaoileadh saor as an bpríosún, táillí a íoc nó ráthaíocht a thabhairt do na húdaráis ar do shon
  • Ní féidir linn comhairle dhlí a chur ar fáil, dlíodóir a mholadh go foirmiúil nó a íoc, imeachtaí dlí a thosú ar do shon nó cuir isteach ar an bpróiseas breithiúnach áitiúil
  • Ní féidir linn dul i mbun fiosrúcháin choiriúla ar do shon
  • Ní féidir linn tacaíocht airgeadais a chur ar fáil duit agus tú i bpríosún

Cuairt a thabhairt ort agus tú i bpríosún

Dé réir mar is féidir, déanfaimid iarracht cuairt a thabhairt ort agus tú i bpríosún. Mura bhfuil sé indéanta bualadh leat aghaidh-ar-aghaidh, beidh oifigigh chonsalacha ar fáil chun teagmháil a dhéanamh leat ar an bhfón.

I bhformhór na gcásanna, ní bhíonn cuairteanna ceadaithe sula gcúisítear thú go hoifigiúil.

Coinbhinsiún Strasbourg maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith

Má chloíonn an tír ina ngabhtar thú leis an gCoinbhinsiún Strasbourg maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith, seans go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh de réir an Choinbhinsiúin chun an chuid eile de do théarma príosúnachta a chaitheamh in Éirinn.

Ní féidir iarratas ar aistriú a dhéanamh go dtí go mbeidh an phianbhreith dearbhaithe (i.e. nuair atá na gnásanna achomhairc críochnaithe).

Is féidir lenár bhfoireann eolas ginearálta maidir le seo a thabhairt duit, ach ba chóir duit dul chuig suíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt chun saineolas a fháil.

Déshaoránaigh

Cé gur féidir linn cabhair chonsalachta a chur ar fáil do dhéshaoránaigh, bíonn ceart an déshaoránaigh Éireannaigh chun cabhair chonsalachta a fháil uainn ag brath go héifeachtúil ar dhearcadh na tíre óstaí. Má ghabhtar an saoránach Éireannach sa tír eile a bhfuil náisiúntacht aige inti, nó má tá sé ag taisteal ar phas tíre eile, seans go mbeimid in ann cabhair chonsalachta a chur ar fáil.

De réir dlí idirnáisiúnta, ní gá do thíortha déshaoránacht/dénáisiúntacht a aithint go dlíthiúil. Ba chóir go mbeadh saoránaigh Éireannaigh ar an eolas go bhféadfadh go mbeadh impleachtaí ag baint le taisteal chuig tír eile a bhfuil siad mar shaoránach inti, agus go mbeidh orthu cloí le dlíthe a bhaineann le saoránaigh na tíre sin amháin.