Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Pas caillte nó goidte

Doiciméad tábhachtach is ea do phas agus ba chóir é a choinneáil slán sábháilte i gcónaí. Ach má chailleann tú do phas thar lear nó má ghoidtear thar lear é, is féidir linn cabhrú leat.

Is mór an crá croí é má chailleann tú do phas nó doiciméid thábhachtacha eile nó má ghoidtear uait iad agus tú thar lear. Ach tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun cuidiú an cás a réiteach.

Tuairisc a dhéanamh leis na póilíní

Beidh tuairisc de chuid na bpóilíní ag teastáil uait más mian leat éileamh a dhéanamh ar d'árachas taistil. Ní thabharfaimid doiciméad taistil nua duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

An méid is féidir linn a dhéanamh

Is féidir le baill foirne inár nAmbasáid nó inár gConsalacht iad seo a thabhairt duit:

  • Pas ionaid a chuirfidh ar do chumas do thuras a chur i gcrích, nó;
  • Doiciméad taistil éigeandála ionas gur féidir leat teacht abhaile

Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh luath agus is féidir, ach d'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil. D'fhéadfadh teorainn a bheith leis an gcúnamh is féidir linn a thabhairt duit de bharr na háite ina bhfuil tú nó na gcúinsí ina bhfuil tú.

Coinnigh cóipeanna de do chuid doiciméad

Coinnigh cóipeanna leictreonacha agus cóipeanna páipéir de do phas agus de dhoiciméid riachtanacha eile in áit shábháilte ina bhfuil fáil agat orthu agus tú as baile (le duine muinteartha sa bhaile, mar shampla). Is maith an rud é scanadh nó pictiúr de do phas agus de dhoiciméid thábhachtacha a chur chugat féin ar an ríomhphost, ionas gur féidir leat teacht orthu cibé áit ina bhfuil tú.