DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/school-trips. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/school-trips.

Comhairle maidir le Turais Scoile Thar lear

An múinteoir nó príomhoide thú atá ag pleanáil turas scoile thar lear? Seo iad Ár nDeich Leid is Fearr a chabhróidh leat a chinntiú go rachaidh rudaí go maith, agus lena chinntiú go bhfuil a fhios agat cén áit le dul chun cúnamh a lorg ar an drochsheans go rachaidh cúrsaí chun donais.

1. - Tabhair aird ar ár gComhairle Taistil

Tá liosta comhairle taistil againn do beagnach gach tír ar domhan ar ár suíomh gréasáin. Tabhair aird ar an gcomhairle don tír a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi. Is fiú aird a thabhairt ar an gcomhairle go luath agus tú ag pleanáil an turais, mar aon seiceáil eile a dhéanamh níos gaire don dáta imeachta ar eagla go mbeadh aon athruithe slándála sa tír a mbeidh tú ar cuairt uirthi. Déan seiceáil ar na sonraí teagmhála d’Ambasáid nó do Chonsalacht na hÉireann sa tír a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi.

2 - Cláraigh linn

Cláraigh sonraí an ghrúpa taistil ar ár gCóras Clárúcháin Saoránach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil taifead den ghrúpa againn agus beimid in ann teagmháil leat má tharlaíonn éigeandáil sa cheantar ina bhfuil tú ag taistil. Spreagaimid gach duine clárú, go háirithe faoine a bhíonn ag taistil chuig áiteanna i bhfad i gcéin nó áiteanna a mbíonn rioscaí níos airde ag baint leo.

3 - Fiosraigh riachtanais agus bailíocht pas

Cinntigh go bhfuil pas bailí ag gach duine agus go bhfuil am dóthanach fágtha orthu sula n-imíonn siad as dáta. Seiceáil riachtanais ná tíre óstaí agus na haerlíne mar d’fhéadfadh na riachtanais seo a bheith éagsúil óna chéile. Maidir le roinnt tíortha, teastaíonn ar a laghad sé mhí a bheith fágtha ar an bpas ón dáta pleanáilte imeachta sula dtugann siad cead dóibh dul isteach sa tír.

4 - Cad é an scéal le víosaí? An mbeidh siad ag teastáil?

Fiosraigh i bhfad roimh an turas agus téigh i gcomhairle le hAmbasáid nó le Consalacht na tíre, chun an méid sin a fháil amach (cuimhnigh gurbh fhéidir go mbeadh an Ambasáid áitiúil lonnaithe i Londain). Fág do dhóthain ama chun na hiarratais riachtanacha a dhéanamh.

5 - An bhfuil sé i gceist ag aon duine sa ghrúpa taistil pas a úsáid nach pas Éireannach é?

Más ea, an bhfuil na riachtanais iontrála do na taistealaithe seo difriúil? Mar shampla: An bhfuil víosa ag teastáil, cé nach bhfuil ceann ag teastáil do dhaoine le pas Éireannach? Ag brath ar a stádas cónaitheacha in Éirinn, b’fhéidir go dteastódh víosa athiontrála ó scoláire chun teacht ar ais go hÉirinn. Beidh Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIE) in ann comhairle a thabhairt maidir leis seo.

6 - Faigh sonraí teaghlaigh

Cinntigh go bhfuil sonraí teagmhála na dteaghlach ar fad a bheidh ag taistil agat ar eagla go mbeadh teagmháil le déanamh leo i gcás éigeandála. Roinn do chuid sonraí teagmhála féin leo freisin.

7 - Deimhnigh Árachas Taistil

Cinntigh go bhfuil árachas taistil imleor ag gach duine a bheidh ag taistil. Tá sé tábhachtach a chinntiú go gclúdaíonn an t-árachas costas aisdúichithe leighis, mar aon le gníomhaíochtaí ar leith nó neamhghnácha a bheidh beartaithe ag an ngrúpa. Beidh a fhios agat cé na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh; cinntigh go bhfuil an t-árachas saincheaptha chuige seo, ach ní mór a bheith eolach faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Sléibhteoireacht, sciáil, spóirt uisce
  • Obair Charthanachta
  • Obair Thógála

8 - Faigh Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte

Más san Eoraip a bheidh an turas, cinntigh go mbeidh Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte acu siúd ar fad a bheidh ag taisteal. Is féidir iarratas a dhéanamh orthu sin trí shuíomh gréasáin FSS. Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh orthu sin i bhfad roimh an turas mar go dtógann sé roinnt ama na hiarratais a phróiseáil.

9 - An bhfuil cógas nó vacsaíní ag teastáil ó aon duine?

Cinntigh go bhfuil a dhóthain cógais ábhartha ag scoláire le riachtanais ar leith, ar eagla go mbeadh aon fhadhbanna ann faoi infhaighteacht tar éis an tír a shroicheadh nó moilleanna féideartha ar an mbealach abhaile. Ag brath ar an gcógas a theastaíonn ón scoláire d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu fótachóip den oideas a thabhairt leis le go mbeidh sé in ann é a thaispeáint ag an aerfort, nó é a úsáid le soláthar eile a fháil má chailltear a bhagáiste. Seiceáil le dochtúir freisin faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ocht seachtaine, ar a laghad, roimh do thuras.

10 - Cad atá le déanamh má théann rudaí in olcas?

Má bhíonn cabhair chonsalachta ag teastáil uait ar do thuras scoile, déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach áitiúil. Sábháil na sonraí teagmhála don Ambasáid nó don Chonsalacht ábhartha roimh ré agus bíodh siad agat ar eagla na heagla. I mBaile Átha Cliath, tá an Rannóg Chonsalachta den Roinn Gnóthaí Eachtracha, a thugann cabhair do shaoránaigh na hÉireann agus iad thar lear, ar fáil ag +353 1 408 2000 nó is féidir dul i dteagmháil leo ar ríomhphost ag an roinn Déan Teagmháil Linn ar ár suíomh gréasáin.