DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/en/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/backpacking-volunteering-adventure-tourism. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/backpacking-volunteering-adventure-tourism.

Saoire an Mhála Droma, Obair Dheonach agus Turasóireacht Eachtraíochta

Gach bliain, tugann líon mór daoine óga Éireannacha aghaidh ar shaoire an mhála droma. Cé go mbíonn taithí iontach ag formhór na saoránach Éireannach, ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi rioscaí ar leith, agus is féidir le hullmhúchán maith a chinntiú nach millfear an tsaoire.

Sláinte

Má shocraíonn tú am a chaitheamh ag féachaint thart ar cheantair thrópaiceacha, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar an Tropical Medical Bureau áitiúil nó ar do Dhochtúir Ginearálta. Bí cinnte go dtugann tú cuairt ar an dochtúir go luath, mar d’fhéadfadh go mbeadh coinne iarchúraim i gceist le vacsaíní ar leith tréimhse idir ceithre agus sé seachtaine i ndiaidh na coinne tosaigh. Tá an vacsaíniú in aghaidh an fhiabhrais bhuí ag teastáil i dtíortha ar leith ó thaobh imréiteach imirce de.

Cé nach bhfuil vacsaíní ag teastáil i dtíortha ar leith, ba chóir duit glacadh le comhairle an dochtúra.

Cé gur chóir duit cuimhneamh ar an riosca a bhaineann le hionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha, ní mór duit a bheith ar d’fhaichill go háirithe i dtíortha ina bhfuil an ráta ionfhabhtaithe VEID agus SEIF sách ard. Ba chóir duit a bheith ar d'fhaichill chun scaipeadh an ghalair trí fhuil nó theagmháil ghnéis a chosc.

Má tá cógas ag teastáil uait, bí cinnte go dtugann tú soláthar dóthanach leat (de réir teorannacha custam) agus roinn ó chéile iad i málaí éagsúla chun fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar chailleadh nó gadaíocht a chosc.

Is féidir tuilleadh comhairle de réir tíre a aimsiú sa roinn chomhairle taistil.

Pleanáil do thuras roimh ré

Sula dtaistealaíonn tú, nó sula mbaineann tú do chéad cheann scríbe eile amach, ba chóir duit roinnt taighde a déanamh agus súil a chaitheamh ar léirmheasa, leideanna agus comhairle a chuireann taistealaithe eile ar fáil - is iomaí treoirleabhar agus suíomh gréasáin iontaofa atá ar fáil do dhaoine a théann ar shaoire an mhála droma. Ba chóir duit a chinntiú go ceannaítear turais agus imeachtaí ó ghníomhaireachtaí turais a bhfuil dea-chlú orthu. D’fhéadfadh é seo sábháilteacht a chinntiú, go háirithe agus gníomhaíochtaí eachraíochta spóirt á gcur in áirithe agat.

Seiceáil na riachtanais víosa do gach tír a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi. Cinntigh go bhfuil na víosaí cearta agat sula n-imíonn tú - is féidir sonraí a aimsiú sa chomhairle taistil a chuirimid ar fáil de réir tíre.

Má tá sé ar intinn agat taisteal ar fud na hEorpa, b’fhéidir gur chóir duit cárta pas a fháil. Tá an cárta bailí i gcomhair taistil laistigh den AE/LEE (Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) agus san Eilvéis. Is bealach úsáideach é chun d’aitheantas a chruthú agus cabhróidh sé leat cailleadh an phas a sheachaint agus é á choinneáil agat.

Fág cóip de do phlean turais le do theaghlach nó do chairde sa bhaile. Ba chóir duit cóip de do phas agus cáipéisí eile (polasaí árachais taistil, ticéid) a fhágáil le duine éigin sa bhaile nó cóip a scanadh i do chuntas ríomhphoist i gcás éigeandála.

Má ritheann tú as airgead, má ghoidtear do charta nó airgead, nó má bhíonn fadhbanna airgeadais eile agat, ba chóir duit socruithe a dhéanamh chun go mbeadh airgead éigeandála sa bhreis ar fáil duit.

Faigh Árachas Taistil

Tá árachas taistil ríthábhachtach i gcomhair gach cineál taistealaí. Mar thurasóir an mhála droma, d’fhéadfadh go mbeadh contúirt níos mó go ngoidfear uait - idir lóistín roinnte agus ag taisteal idir cinn scríbe - agus d’fhéadfadh go mbeadh contúirt níos mó ag baint le tinneas nó gortú mar gheall ar an gceann scríbe a roghnaíonn tú, siúlóidí a dhéantar chomh maith le himeachtaí eachtraíochta eile.

Athríonn an praghas agus an clúdach a chuirtear ar fáil go mór de réir comhlachta, ach clúdaíonn árachas taistil maith an méid seo a leanas; a) costais leighis, b) aslonnú leighis, c) árachas cealaithe i gcomhair eitiltí nó lóistín agus d) árachas réadmhaoine.

Má rud é go bhfuil spóirt ghuaisbheartaíochta á bpleanáil agat - amhail raftú bánuisce, sciáil, léimneach bhuinsí - bí cinnte go gclúdaíonn do pholasaí an méid seo.

Lóistín

Agus tú ag taisteal ar bheagán airgid, is minic a bhíonn lóistín éifeachtúil ó thaobh costas de á lorg agat. D’fhéadfadh timpeallacht spraíúil a bheith le haimsiú i mbrúnna óige, ach ba chóir duit a bheith ar an eolas go mbeidh do chuid spáis á roinnt agat le strainséirí agus go mbíonn rioscaí sa bhreis ag baint leis seo.

Ba chóir duit gan do chuid earraí pearsanta nó d’airgead go leor a iompar nuair a théann tú amach don lá. Seiceáil na háiseanna bagáiste atá ar fáil sa bhrú agus coinnigh do ghlas féin leat chun úsáid a bhaint as de réir mar atá locair ar fáil. Na déan dearmad gur tábhachtach árachas taistil a bheith agat i gcás go ngoidtear rud éigin uait.

Mura bhfuil siad faoi ghlas i dtaisceadán, ná fág do chuid earraí luachmhara in aon áit amháin agus déan cinnte go bhfuil cóipeanna de do phas agat.

Bíonn éileamh níos mó ar fhoirmeacha nua lóistín amhail tithe a ligtear ar cíos nó a roinntear. D’fhéadfá a bheith leochaileach agus fanacht in áit mar seo, go háirithe má tá tú ag taisteal i d’aonar.

Cuir lóistín in áirithe roimh ré! Nuair a shocraíonn tú dul ar aghaidh go dtí an chéad cheann scríbe eile, glac d’am agus cuardaigh an lóistín a bheidh ar fáil sa chéad áit eile. Cinnteoidh sé seo go mbeidh áit éigin le fanacht agat nuair a bhaineann tú an áit seo amach agus nach mbeidh gá duit a bheith ag siúl timpeall na sráideanna (san oíche ach go háirithe) agus lóistín á lorg agat.

Faigh an seoladh agus na sonraí teagmhála agus scríobh síos iad sa teanga áitiúil

Sábháilteacht Ghinearálta

Cé go gcuireann saoire an mhála dhroma fonn taiscéalaíochta chun cinn, ba chóir duit a bheith aireach faoi na rioscaí ar leith a bhaineann leis an tír nó an leis an gcathair. Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle thaistil ar fáil i gcomhair 200 tír agus ba chóir duit an chomhairle a chuirtear ar fáil a léamh roimh ré,

Ná téigh sa seans mura bhfuil gá leis, bain úsáid as iompar oifigiúil agus cláraithe amháin, fan in áiteanna in bhfuil mórán daoine tar éis thitim na hoíche agus fan amach ó áiteanna a bhfuil droch-cháil orthu. Bí aireach faoi scéiméireacht a bhíonn á déanamh sa cheantar agus bí an-airdeallach ar tháirgí a thugann strainséirí gan iarraidh.

Ná tarraing aird ort féin trí sheodra, uaireadóirí, cheamaraí nó oiriúintí eile atá costasach a chaitheamh. Cuireann sé seo béim ort féin mar íospartach féideartha agus d’fhéadfadh go cuirfidh sé seo leis an seans go ndéanfaí gadaíocht ort. Más rud é go bhfuil lear mór airgid á iompar agat, bí cúramach faoi é a thaispeáint nuair a íocann tú as rud go poiblí.

Cuir éadaí cuí ort. I dtíortha ar leith, meastar go bhfuil cineálacha éadaí ar leith gránna agus do-ghlactha ag daoine áitiúla. Bí aireach agus measúil i leith gnásanna cultúrtha agus cloígh le riachtanais áitiúla.

Is fadhb í nimhiú meatánóil i dtíortha ar leith. San Áise, san Indinéis ach go háirithe, bhí nimhiú meatánóil ina chúis le daille bhuan agus bás i measc cuairteoirí. Seachain Arak a ól san Indinéis, agus déan cinnte go ndoirtear do chuid deochanna díreach ón mbuidéal bunaidh áit ar bith ina dtaistealaíonn tú.

Is féidir clárú linn ar líne tríd an áis Chlárúcháin Saoránach i gcomhair gach cuid den turas. Agus tú cláraithe, cuirfidh tú ar ár gcumas teagmháil a dhéanamh leat gan stró agus cabhair a dhéanamh leat más gá agus más féidir, má tharlaíonn géarchéim nach rabhthas ag súil léi amhail tubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta, nó má bhíonn éigeandáil teaghlaigh agat agus tú thar lear.

Siamsaíocht oíche

Nuair a théann tú amach mar thurasóir an mhála droma, d’fhéadfadh na rioscaí céanna a bheith os do chomhair mar a bhíonn sa bhaile. Ba chóir duit gan do chuid deochanna a fháil gan aon duine á bhfaire agus a bheith aireach go bhféadfadh an iomarca óil cuir isteach ar do chumas cinnteoireachta nó tú a fhágáil níos leochailí.

Bí aireach nach bhfuil sé ceadaithe alcól a ól i dtíortha ar leith agus d’fhéadfadh an pionóis a bhaineann leis a bheith an-dian. I dtíortha mar sin, ba chóir duit gan an tír a bhaint amach agus tú faoi thionchar an óil, nó alcól a thabhairt isteach leat nó a ól agus tú sa tír.

Tá dlíthe diana in aghaidh drugaí i bhfeidhm i dtíortha ar leith, agus d’fhéadfadh seal fada i bpríosúin nó pionóis an bháis a bheith i gceist.

D’fhéadfadh gnásanna sóisialta a bheith difriúil i dtíortha ar leith agus seans go mbainfí ciall as comharthaí láimhe mar léiriú go bhfuil gnéas uait. Bí ar an eolas faoi gnásanna áitiúla sula dtaistealaíonn tú agus ba chóir duit tú féin a iompar ar bhealach cuí.

Obair dheonach

Is iomaí Éireannach óg a oibríonn go deonach i dtír atá i mbéal forbartha.

Bíodh is gur féidir leat obair dheonach a dhéanamh i roinnt tíortha nó cuairt a thabhairt ar dhílleachtaí, ba cheart duit a bheith eolach go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha neamhbheartaithe a bheith ann do leanaí leochaileacha má dhéanann tú amhlaidh. Is sraith caighdeán é Cód Dea-Chleachtais de chuid Chomhlámh ar mhaithe le hEagraíochtaí Éireannacha a Sheolann Oibrithe Deonacha (VSAnna).​ Príomhphrionsabal den Chód is ea go bhfuil VSAnna tiomanta d'obair dheonach atá sábháilte ó thaobh leanaí de le balleagraíochtaí a chuireann teorainn lena mbaint le dílleachtaí le forbairt acmhainne nuair is cuí agus ar deireadh thiar, le habhcóideacht le haghaidh dí-institiúidithe.

Ag obair dheonach á déanamh agat thar lear, ba chóir duit cloí leis an gcomhairle chéanna a gcloífeadh gnáth-thaistealaí léi. Seans go mbeadh víosa oibre uait, vacsaíní sláinte nó íos-bhailíocht phas. Meastar go bhfuil árachas taistil riachtanach go fóill. Cé go bhfuil seans go mbeidh tú ag fanacht in aon áit amháin, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil cóip de do cáipéisí taistil ag do theaghlach nó do chairde sa bhaile, agus ba chóir teagmháil a dhéanamh leo ar bhonn rialta.

Ná déan dearmad go chuid pleananna taistil a chlárú leis an Roinn, rud is féidir leat a dhéanamh ar líne tríd an tsaoráid Clárú Saoránach 

Mar fhocal scoir, toisc gur minic a bhaineann seal a chaitheamh i gceantair thuaithe le hobair dheonach, smaoinigh ar chuid den teanga áitiúil a fhoghlaim agus téigh i dtaithí ar ghnásanna áitiúla roimh ré. Seans go gcabhródh an méid seo leat eolas úsáideach a aimsiú agus cabhrú leat tú féin a thumadh sa chultúr áitiúil.

Tá deiseanna féideartha le haghaidh obair dheonach a dhéanamh ar fáil anseo.