Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Gáinneáil ar Dhaoine

Is cineál sclábhaíochta é gáinneáil ar dhaoine. Is coir é agus is sárú ar chearta an duine é. Agus tá sé ag tarlú in Éirinn. Cuirimis deireadh leis láithreach. Bí airdeallach: glaoigh ar 1800 25 00 25 nó cuir ríomhphost chuig blueblindfold@garda.ie

  • Cad é féin?
  • Cá dtarlaíonn sé?
  • Freagairt na hÉireann
  • Conas is féidir leat cabhrú
  • Mionsonraí teagmhála

Cad é féin?

Cad é féin?

Gáinneáil

Tarlaíonn gáinneáil nuair a bhíonn na trí ghné seo i láthair:

  • GNÍOMH – déantar duine a earcú, a iompar, a aistriú, a thearmannú, nó a fháil
  • MODHANNA – bagairt, forneart nó comhéigniú a úsáid ina aghaidh duine ar bhealach éigin, trí fhuadach, calaois, meabhlú, trí mhí-úsáid cumhachta nó mí-úsáid staid leochaileaí duine, nó trí íocaíochtaí a thabhairt nó a fháil
  • TEACHT I DTÍR – déantar teacht i dtír ar dhuine (ie teacht i dtír gnéasach, teacht i dtír ar shaothar nó orgán a bhaint)

Leanaí agus gáinneáil

Ní féidir le leanbh toiliú go ndéanfaí gáinneáil air.

Teorainneacha agus gáinneáil

Ní gá go mbeadh duine tar éis teorainn a thrasnú le go mbeadh gáinneáil déanta air – féadfaidh sé tarlú agus tarlaíonn sé laistigh de theorainneacha náisiúnta.

Cá dtarlaíonn sé?

Cá dtarlaíonn sé?

Tá gáinneáil ar siúl ar fud an domhain, lena n-áirítear in Éirinn. Is féidir daoine a gháinneáil isteach i gcineálacha éagsúla oibre lena n-áirítear:

  • obair in óstáin agus i mbialanna
  • obair tí
  • tógáil
  • talmhaíocht
  • siamsaíocht
  • striapachas
  • cineálacha eile teacht i dtír gnéasach tráchtála

Freagairt na hÉireann

Freagairt na hÉireann

Reachtaíocht

Déileálann an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008 le gáinneáil ar dhaoine in Éirinn. Faoin Acht seo féadfaidh cúirteanna pionóis suas le príosúnacht saoil agus fíneálacha gan teorainn a ghearradh orthu siúd a chiontaítear i ngáinneáil ar dhaoine chun teacht i dtír gnéasach nó saothair ar dhuine nó chun orgáin duine a bhaint.  

Reachtaíocht Eorpach

Cuireann Acht 2008 leis an Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí. Déanfar leasú air le héifeacht a thabhairt do Threoir 2011/36/AE ar gháinneáil ar dhaoine a throid agus a chosc agus ar chosaint a thabhairt d’íospartaigh gháinneála.

Socruithe inimirce

Go dtí go n-achtófar an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint, féadfaidh íospartach na gáinneála fanacht in Éirinn ar feadh 60 lá téarnaimh agus athmhachnaimh, fiú mura bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht sa tír.  

Féadfar ansin cead cónaithe sealadach in-athnuaite sé mhí a fháil sa chás gur mian leo cúnamh a thabhairt don Gharda Síochána no d’údaráis eile in aon fhiosrú nó ionchúiseamh a bhaineann lena ngáinneáil líomhnaithe. 

An t-Aonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

Déanann an tAonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc (AHTU) den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais comhordú ar fhreagairt chuimsitheach na hÉireann ar na ngáinneáil ar dhaoine. Is príomhghné den straitéis sin an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Gáinneáil ar Dhaoine in Éirinn a Chosc agus a Chomhrac 2009 – 2012. Tá an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta á fhorbairt faoi láthair.

Aonaid eile um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

Cuireann na haonaid seo seirbhísí ar fáil d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine freisin:

  • An tAonad um Imscrúdú agus um Chomhordú ar Gháinneáil ar Dhaoine i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB)
  • An Fhoireann Frithgháinneála ar Dhaoine i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE)
  • An fhoireann dhlíthiúil speisialaithe i nGáinneáil ar Dhaoine sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil (LAB)
  • Cuidíonn an tAonad Lucht Iarrtha Tearmainn agus Pobail Nua sa Roinn Choimirce Sóisialaigh le híospartaigh na gáinneála bogadh ar aghaidh ó Ionaid Fáiltithe agus Lánpháirteachais go dtí áiseanna cónaithe neamhspleácha
  • Déileálann oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (DPP) le cásanna maidir le gáinneáil ar dhaoine a ionchúiseamh.

Tacaíocht d’íospartaigh

Tá Meicníocht Náisiúnta Atreorúcháin i bhfeidhm ag Éirinn a chlúdaíonn gach gné de thacaíocht d’íospartaigh ón gcéad teagmháil go dtí réitigh níos fadtéarmaí a aimsiú. Bíonn seirbhísí éagsúla i gceist ag brath ar stádas agus ar riachtanais an duine ach féadfaidh iad seo a leanas a bheith san áireamh: 

  • Cóiríocht
  • Cúram liachta agus pleanáil
  • Cúnamh síceolaíochta
  • Cúnamh ábhartha
  • Cúnamh agus comhairle dhlí
  • Rochtain ar an margadh saothair
  • Gairmoideachas agus oiliúint
  • Seirbhísí póilíneachta
  • Cosc ar choiriúlacht
  • Aisdúichiú
  • Cúiteamh
  • Seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta

Feasacht agus oiliúint

Tharla roinnt gníomhaíochtaí ardú feasachta agus oiliúna chun feasacht ar an ngáinneáil ar dhaoine a mhéadú. Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin fheachtas na bPúicíní Gorma chun gáinneáil ar dhaoine a chosc le tuilleadh mionsonraí a fháil.

Conas is féidir leat cabhrú

Conas is féidir leat cabhrú

Aithin na comharthaí

Is cuid thábhachtach den troid in aghaidh na gáinneála ar dhaoine a chinntiú go bhfuil tusa feasach ar chomharthaí na gáinneála. Go ginearálta beidh níos nó ná ceann amháin de na comharthaí á léiriú ag duine a ndearnadh gáinneáil air/uirthi agus d’fhéadfadh go sábhálfadh d’aireachas duine éigin lá éigin.

Cuir d’amhras in iúl

Má bhíonn amhras ort faoi dhuine gur íospartach gáinneála é/í, déan teagmháil le Crimestoppers ar 1800 25 00 25 nó cuir ríomhphost chuig blueblindfold@garda.ie.

Mionsonraí teagmhála

Mionsonraí teagmhála

An tAonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

51 Faiche Stiabhna

Baile Átha Cliath 2

Fón: + 353 1 602 8878

Facs: + 353 1 602 8276

Ríomhphost: ahtu@justice.ie

Feachtas na bPúicíní Gorma

Le tuilleadh eolas ar gháinneáil ar dhaoine a fháil tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin tiomnaithe: www.blueblindfold.gov.ie