Cuntais Bhliantúla 2016
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Feidhmítear buiséad bliantúil na Roinne faoi dhá cheannteideal a leithdháileann Dáil Éireann dúinn:
Vóta 27 – Comhar Idirnáisiúnta:
Clúdaítear faoin gceannteideal seo an Cúnamh Oifigiúil orbartha atá á bhainistiú ag an Roinn trí chlár Chúnamh Éireann. Áirítear leis deontais d'eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhpháirtithe na sochaí sibhialta, ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le Cúnamh Forbartha, chomh maith leis na costais a bhaineann le Cúnamh Éireann a reáchtáil.
Vóta 28 – Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:
Clúdaítear faoin gceannteideal seo gach caiteachas eile de chuid na Roinne, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe go háirithe), chomh maith le reáchtáil Sheirbhís na bPasanna, an Clár Tacaíochta Eisimirceach agus an obair a dhéanaimid chun tacú leis an tsíocháin agus an athmhuintearas ar oileán na hÉireann.
Léirítear inár mbuiséad bliantúil an tiomantas atá againn i leith freastal ar mhuintir na hÉireann, a gcuid luachanna agus an rath atá orthu a chur chun cinn thar lear, agus an cumas, an anailís agus an tionchar a sholáthar don Rialtas lena chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse rannpháirtíochta seachtraí dá cuid.
In 2016 chaitheamar €700.5 milliún ar fud na cúig réimse Cláir a aithníodh sa Ráiteas Straitéise dár gcuid i leith na tréimhse 2016-2019. Déantar anailís bhreise ar an gcaiteachas sin i dTábla 1.
- Tábla 1: Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas
- Clár A: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn
- Clár B: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe
- Clár C: Cur le rathúnas na hÉireann trínár naisc gheilleagracha a chur chun cinn thar lear
- Clár D: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn
- Clár E: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ár n-acmhainn i dtaobh na spriocanna atá againn a bhaint amach
- Clár F: Cúnamh Éireann
- Fáltais
Tábla 1: Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
|
Caiteachas ar na Cláir |
|
|
|
A: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn |
65.5 |
68.7 |
|
B: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe |
60.4 |
54.8 |
|
C: Cur le rathúnas na hÉireann trínár naisc gheilleagracha a chur chun cinn thar lear |
28.1 |
26.9 |
|
D: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn |
19.5 |
18.8 |
|
E: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ár n-acmhainn i dtaobh na spriocanna atá againn a bhaint amach |
42.2 |
39.7 |
|
Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann |
484.8 |
475.0 |
|
|
|
|
|
Ollchaiteachas |
700.5 |
683.9 |
|
|
|
|
|
F: Leithreasaí i gcabhair |
58.4 |
53.0 |
|
Glanchaiteachas |
642.0 |
630.9 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Clár A: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Riarachán – pá | 21.3 | 20.9 |
| Riarachán – seachas pá | 29.4 | 27.1 |
| Caidreamh cultúrtha le tíortha eile | 0.8 | 0.8 |
| Éireannaigh atá i gcruachás thar lear a thabhairt abhaile agus cuidiú leo | 0.0 | 0.0 |
| Tacaíocht do sheirbhísí i gcomhair eisimircigh Éireannacha | 10.6 | 11.8 |
| Comhar Thuaidh/Theas agus comhar idir an Bhreatain agus Éire | 3.3 | 5.3 |
| An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn | 0.0 | 2.7 |
| Iomlán | 65.5 | 68.7 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Clár B: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Riarachán – pá | 11.1 | 10.8 |
| Riarachán – seachas pá | 5.6 | 5.2 |
| Ranníocaíochtaí le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta | 43.7 | 38.8 |
| Iomlán | 60.4 | 54.8 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Clár C: Cur le rathúnas na hÉireann trínár naisc gheilleagracha a chur chun cinn thar lear
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Riarachán – pá | 16.6 | 16.2 |
| Riarachán – seachas pá | 8.4 | 7.8 |
| Cistí i dtaobh chur chun cinn na trádála | 0.3 | 0.3 |
| Ranníocaíochtaí le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta | 2.8 | 2.7 |
| Iomlán | 28.1 | 26.9 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Clár D: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Riarachán – pá | 14.2 | 13.9 |
| Riarachán – seachas pá | 4.9 | 4.5 |
| Gníomhaíochtaí de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach | 0.4 | 0.4 |
| Iomlán | 19.5 | 18.8 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Clár F: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Riarachán – pá | 14.4 | 14.6 |
| Riarachán – seachas pá | 12.1 | 12.1 |
| Íocaíocht leis an gciste deontas i dtaobh comhar déthaobhach agus comhar eile | 315.6 | 316.0 |
| Cúnamh daonnúil éigeandála | 65.5 | 58.5 |
| Íocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta chun tairbhe tíortha i mbéal forbartha | 40.3 | 37.5 |
| Ranníocaíochtaí leis na Náisiúin Aontaithe agus le gníomhaireachtaí forbartha eile | 36.9 | 36.4 |
| Iomlan | 484.8 | 475.0 |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016
Ioncam a Gineadh: Tagann formhór an ioncaim a ghin an Roinn as Pasanna Éireannacha a eisiúint
| 2016 | 2015 | |
|---|---|---|
| €m | €m | |
| Pasanna, víosaí agus seirbhísí consalachta eile | 53.9 | 47.7 |
| Aisíocaíochtaí CBL le misin taidhleoireachta | 0.9 | 0.7 |
| Ilghnéitheach | 0.7 | 0.8 |
| Fáltais ó asbhaint íocaíochtaí pinsin ar luach saothair na seirbhíse poiblí | 2.9 | 3.7 |
| Iomlán | 58.4 | 53.0 |