Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cuntais Bhliantúla 2016

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Feidhmítear buiséad bliantúil na Roinne faoi dhá cheannteideal a leithdháileann Dáil Éireann dúinn:

Vóta 27 – Comhar Idirnáisiúnta:

Clúdaítear faoin gceannteideal seo an Cúnamh Oifigiúil orbartha atá á bhainistiú ag an Roinn trí chlár Chúnamh Éireann. Áirítear leis deontais d'eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhpháirtithe na sochaí sibhialta, ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le Cúnamh Forbartha, chomh maith leis na costais a bhaineann le Cúnamh Éireann a reáchtáil.

Vóta 28 – Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:

Clúdaítear faoin gceannteideal seo gach caiteachas eile de chuid na Roinne, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe go háirithe), chomh maith le reáchtáil Sheirbhís na bPasanna, an Clár Tacaíochta Eisimirceach agus an obair a dhéanaimid chun tacú leis an tsíocháin agus an athmhuintearas ar oileán na hÉireann.

Léirítear inár mbuiséad bliantúil an tiomantas atá againn i leith freastal ar mhuintir na hÉireann, a gcuid luachanna agus an rath atá orthu a chur chun cinn thar lear, agus an cumas, an anailís agus an tionchar a sholáthar don Rialtas lena chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse rannpháirtíochta seachtraí dá cuid.

In 2016 chaitheamar €700.5 milliún ar fud na cúig réimse Cláir a aithníodh sa Ráiteas Straitéise dár gcuid i leith na tréimhse 2016-2019. Déantar anailís bhreise ar an gcaiteachas sin i dTábla 1.

Tábla 1: Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

  20162015
  €m €m

Caiteachas ar na Cláir 

 

A: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn

65.5

68.7

B: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe

60.4

54.8

C: Cur le rathúnas na hÉireann trínár naisc gheilleagracha a chur chun cinn thar lear

28.1

26.9

D: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn

19.5

18.8

E: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ár n-acmhainn i dtaobh na spriocanna atá againn a bhaint amach

42.2

39.7

Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann

484.8

475.0

 

 

 

Ollchaiteachas

700.5

683.9

 

 

 

F: Leithreasaí i gcabhair

58.4

53.0

Glanchaiteachas

642.0

630.9

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár A: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 21.3 20.9
Riarachán – seachas pá 29.4 27.1
Caidreamh cultúrtha le tíortha eile 0.8 0.8
Éireannaigh atá i gcruachás thar lear a thabhairt abhaile agus cuidiú leo 0.0 0.0
Tacaíocht do sheirbhísí i gcomhair eisimircigh Éireannacha 10.6 11.8
Comhar Thuaidh/Theas agus comhar idir an Bhreatain agus Éire 3.3 5.3
An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn 0.0 2.7
Iomlán 65.5 68.7

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár B: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 11.1 10.8 
Riarachán – seachas pá 5.6 5.2 
Ranníocaíochtaí le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta 43.7 38.8
Iomlán 60.4  54.8 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár C: Cur le rathúnas na hÉireann trínár naisc gheilleagracha a chur chun cinn thar lear

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 16.6 16.2
Riarachán – seachas pá 8.4 7.8
Cistí i dtaobh chur chun cinn na trádála 0.3 0.3
Ranníocaíochtaí le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta 2.8 2.7
Iomlán 28.1 26.9

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár D: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 14.2 13.9
Riarachán – seachas pá 4.9 4.5
Gníomhaíochtaí de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach 0.4 0.4
Iomlán 19.5  18.8 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár E: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ár n-acmhainn i dtaobh na spriocanna atá againn a bhaint amach

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 15.8 15.5
Riarachán – seachas pá 25.9 23.9
Seirbhísí Faisnéise 0.5 0.3
Iomlán 42.2 39.7 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Clár F: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais

  20162015
  €m €m
Riarachán – pá 14.4 14.6
Riarachán – seachas pá 12.1 12.1
Íocaíocht leis an gciste deontas i dtaobh comhar déthaobhach agus comhar eile 315.6 316.0
Cúnamh daonnúil éigeandála 65.5 58.5
Íocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta chun tairbhe tíortha i mbéal forbartha 40.3 37.5
Ranníocaíochtaí leis na Náisiúin Aontaithe agus le gníomhaireachtaí forbartha eile 36.9 36.4
Iomlan 484.8 475.0 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2016

Ioncam a Gineadh: Tagann formhór an ioncaim a ghin an Roinn as Pasanna Éireannacha a eisiúint

  20162015
  €m €m
Pasanna, víosaí agus seirbhísí consalachta eile 53.9 47.7
Aisíocaíochtaí CBL le misin taidhleoireachta 0.9 0.7
Ilghnéitheach 0.7 0.8
Fáltais ó asbhaint íocaíochtaí pinsin ar luach saothair na seirbhíse poiblí 2.9 3.7
Iomlán 58.4 53.0