2015 the Year in Review
an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charles Flanagan T.D.

an tArd-Rúnaí Niall Burgess

I mí Eanáir, sheolamar 'An tOileán Domhanda', an chéad athbhreithniú cuimsitheach le fiche bliain anuas ar bheartas eachtrach na hÉireann
I mí an Mhárta, d'eagraigh Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann cuairteanna ardleibhéil i gcomhair Lá Fhéile Pádraig agus chuidigh siad dath glas a chur ar áiteanna ar fud an domhain
D'fhoilsíomar 'Éireannaigh an Domhain: Beartas na hÉireann maidir leis an Diaspóra' faoin gcaidreamh leis na hÉireannaigh thar lear
I mí Aibreáin, bhíomar á chomóradh go raibh 100 bliain imithe tharainn ó tharla feachtas Gallipoli sa Dardainéil
Sheolamar 'Global Horizons', clár a bhí dírithe ar shuim a spreagadh i measc daltaí agus mic léinn Éireannacha san obair a dhéanaimid chun leasanna agus luachanna na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
Thug Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine cuairt ar Iarthar na hÉireann
Rinneamar leathnú ar an líonra taidhleoireachta dár gcuid i gCríocha Mheiriceá agus san Eoraip
Thug Príomh-Aire Li na Síne cuairt ar Éirinn agus chonaic sé feirm theaghlaigh ar sampla den scoth í d'earnáil argrabhia ardchaighdeáin na hÉireann
Thug ár nAmbasáidí tacaíocht do Chabhlach na hÉireann agus é ag glacadh páirte i misean sa Mheánmhuir chun imircigh a thabhairt slán
Reáchtálamar imeachtaí lena cheiliúradh go raibh Éire sna Náisiúin Aontaithe le 60 bliain anuas
Bhí 150 blian de W.B. Yeats á cheiliúradh againn
Tionóladh an chéad chruinniú d'Fhóram Saoránachta Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh
Nuair a thug balcóin uaithi i mBerkeley, spreag an tragóid a tharla práinnfhreagairt chonsalachta a bhí ina measc siúd ba mhó a raibh an Roinn ina mbun riamh
Le linn Chruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann, rinneadh scrúdú ar conas is féidir linn freagra níos fearr a thabhairt ar ghéarchéimeanna casta domhanda
D'éirigh go geal le hÉirinn agus comh-éascaíocht á déanamh aici ar chomhaontú i dtaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe
- Rinneadh uasghrádú ar láithreáin ghréasáin mhisin taidhleoireachta na hÉireann thar lear
I mí Mheán Fómhair, ba mhór an onóir d'Éirinn é fáilte a chur roimh Phríomh-Aire Narendra Modi na hIndia
In 2015, the Department of Foreign Affairs and Trade issued 669,806 passports – of which
Ag an gceathrú Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain, tháinig breis is 300 duine tábhachtach, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh a bhfuil ceangal acu le hÉirinn, le chéile ó gach cearn den domhan
Bhí ról gníomhach ag Éirinn sa troid in aghaidh na ráige den ghalar Ebola i Siarra Leon
Tar éis deich seachtaine dianchaibidlíochta, cuireadh i gcrích an Comhaontú um Thús Nua do Thuaisceart Éireann i mí na Samhna
I mí na Nollag, chuir Éire i gcrích a céad téarma ina ball de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine
Thacaíomar le ceiliúradh bliana ar Dhearadh Éireannach
Tá breis is 1,300 duine ag obair don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn agus ar fud an domhain
Léargas i bhfigiúirí ar an obair agus an dul chun cinn a dhéanaimid sa bhaile agus thar lear gach lá
Tosaigh