Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2013

Presidential-Distinguished-Service-Award-2013

Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear 2013 á mbronnadh ag an Uachtarán Ó hUigín

An 26 Samhain 2013, bhronn an tUachtarán Ó hUigín Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear 2013.

Tugtar onóir d’fhaighteoirí Ghradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear as seirbhís dearscna don náisiún i réimsí lena n-áirítear tógáil síochána, obair charthanachta, gnó, oideachas, na healaíona, cultúr agus spórt.

Bhunaigh an Rialtas Gradaim an Uachtaráin i ndiaidh Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain 2011.

Tá seirbhís dearscna tugtha don náisiún ag faighteoirí Ghradaim 2013 agus chuir siad le dea-chlú na hÉireann ar fud na cruinne. Rannchuidiú as cuimse atá déanta acu.  Tá an t-ádh ar Éirinn ambasadóirí agus tacadóirí ardcháilíochta a bheith aici, leithéidí an Dr. Anne Merriman san Afraic agus an tSiúr Cyril Mooney san India, daoine a chabhraigh leis na mílte den dream is boichte ar domhan, agus Craig Barrett, nach bhfuil a leithéid le sonrú maidir le ceannaireacht sna réimsí teicneolaíochta agus oideachais. Aithnítear leis na gradaim seo freisin obair dhíograiseach, ríthábhachtach daoine mar Rodney Walsh sa Nua-Shéalainn agus Seamus McGarry agus Mary Tilki sa Ríocht Aontaithe, maidir le cúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha thar lear.

Tabharfar onóir don Seanadóir George Mitchell i mí na Nollag as an bhfís agus an diongbháilteacht a léirigh sé agus é ag caitheamh a chuid ama, a chuid scileanna, agus  a chlú le síocháin a thógáil ar an oileán seo.

Le linn na hócáide chun onóir a thabhairt d’fhaighteoirí Ghradam 2013, dúirt an Tánaiste: “léirigh lucht faighte an ghradaim raon iomlán na dtréithe is fearr a bhíonn ag muintir na hÉireann.  Is daoine cruthaitheacha agus atruacha iad, mar a dúirt an tUachtarán níos luaithe.  Daoine láidre agus dianseasmhacha iad freisin.  Daoine mealltacha iad a mbíonn cuspóir acu”.  Agus é ag labhairt go díreach leis na daoine a fuair gradam, dúirt an Tánaiste: “is mar gheall ar bhur gcuid oibre agus an méid as cuimse ar bhain sibh amach a roghnaíodh sibh le haghaidh aitheantas ón Uachtarán.  Is mór an spreagadh dúinn sa bhaile sibh agus, tá a fhios agam, do na daoine a mbíonn sibh ag oibriú go díreach leo.”

Is iad seo a leanas na daoine a bhain Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2013:

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt

Mick Moloney (US)

Obair Charthanachta

Anne Merriman (Uganda)

Sr Cyril Mooney (India)

Gnó agus Oideachas

Craig Barrett (US)

John Martin (France- OECD)

Tacaíocht do Phobal Éireannach

Mary Tilki (UK)

Seamus McGarry (UK)

Rodney Walshe (NZ)

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

George Mitchell (US)

Dan Rooney (US)