Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ceiliúradh i Halla Ríoga Albert

President Higgins at Ceilúradh

Tráthnóna airneáin ar leith agus scéalta, ceol, amhráin agus damhsa á roinnt – déanfar an bhuaic chultúrtha den Chuairt Stáit a shruthú beo Déardaoin an 10 Aibreán.

Mar chuid de Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigin ar an mBreatain déanfar ceolchoirm “Ceiliúradh” a thionól i Halla Ríoga Albert ar an 10 Aibreán agus freastalóidh an tUachtarán agus Sabina Higgins agus a Mórgachtaí Ríoga Prionsa agus Ban-Phrionsa Michael Kent uirthi.

Agus nádúr stairiúil na cuairte á chur san áireamh agus a tábhacht don phobal Éireannach sa Bhreatain go háirithe, agus mórthimpeall an domhain freisin, rinneadh socruithe leis an imeacht a chraoladh agus é a chur ar fáil do dhaoine seachas an dream go raibh sé d’ádh orthu ticéid a fháil.

Déanfar an t-imeacht a shruthú beo ar RTÉ ar fud an domhain) ó 20:25 GMT +1 ar 10 Aibreán. Craolfar an cheolchoirm beo freisin ar RTÉ Radio 1 (lena n-áirítear ar líne). Anuas air sin, cuirfidh RTÉ 1 clár dhá uair an chloig i láthair ar an gceolchoirm ó 22.15 ar an oíche freisin (10 Aibreán) agus beidh an clár seo ar fáil go hidirnáisiúnta ina dhiaidh sin ar an RTÉ Player. Cuirfidh an BBC clár uair an chloig de na buaicphointí i láthair dar teideal, “Ultimate Irish Music at the Royal Albert Hall: A Presidential Celebration” ar BBC 4 ag 8pm ar an Domhnach, 13 Aibreán.

“Tráthnóna airneáin ar leith agus scéalta, ceol, amhráin agus damhsa á roinnt”, beidh an cheolchoirm seo ina buaic chultúrtha ar an gcuairt agus “tabharfaidh sé sárthaispeántas ar na naisc chruthaitheacha agus ealaíonta láidre atá ann idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus tabharfaidh sé aitheantas freisin do chion tairbhe suntasach an phobail Éireannaigh sa Bhreatain”

Mar aon le roinnt aíonna gan choinne ar an oíche, beidh na daoine seo a leanas páirteach i gCeiliúradh

  • Paul Brady
  • The Gloaming
  • Glen Hansard
  • Imelda May

Imelda May performing at Ceiliúradh

Anuas ar na healaíontóirí aonair a bheidh páirteach ar an oíche beidh banna ceoil tí ann freisin ina mbeidh cuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn lena n-áirítear Liam Bradley, John Carty, Anthony Drennan, Graham Henderson, Donal Lunny, Mike McGoldrick, Paul Moore, Caitlin NicGabhann, Máirtín O'Connor agus Brendan Power. Beidh an t-aisteoir clúiteach Fiona Shaw páirteach freisin mar aon leis na hiriseoirí/craoltóirí Dermot O'Leary, Olivia O’Leary agus an t-údar Joseph O’Connor.

Díoladh na ticéid don cheolchoirm go tapa agus úsáidfear an teacht isteach ó na díolacháin seo chun tacú le tionscadail chultúrtha Éireannacha amach anseo sa Bhreatain. Anuas ar na daoine den phobal ar éirigh leo ticéid a fháil, áireofar ar an lucht éisteachta 5,000 duine, aíonna ó na hearnálacha cultúrtha, sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla a fuair cuireadh mar aon leo siúd a rinne cion tairbhe don phobal Éireannach sa Bhreatain.

Tríd an gcraoladh a chumasú chinntigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála, mar aon le RTÉ agus Turasóireacht Éireann , go mbeidh an diaspóra Éireannach agus lucht leanúna chultúr na hÉireann ar fud an domhain, i bpáirt leis an lucht éisteachta i Halla Ríoga Albert leis an imeacht ar leith seo a roinnt. Tá Ambasáidí Éireannacha ag moladh dá lucht teagmhála logáil isteach agus a bheith mar chuid den ócáid an-speisialta seo agus chun sampla Ionad Ealaíne na hÉireann i Nua-Eabhrac a leanúint a mbeidh tae beag á óstáil acu d’aíonna ag breathnú ar an gCeiliúradh