Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an tAire Flanagan aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

Charles Flanagan, left of center, Minister for Foreign Affairs and Trade, Ireland, shakes hands with Mark Rutte, right of center, Prime Minister of the Netherlands, at the Delivering Zero Hunger, at the United Nations in New York, U.S., on Thursday, September 25, 2014.  Photograph by Michael Nagle

An tAire Flanagan ina chomh-óstach ar an ócáid ‘Deireadh a chur le hOcras’

 

An tseachtain seo, d’fhreastail an tAire Flanagan ar an 69ú Comhdháil Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac áit a ndearna ceannairí domhanda agus Airí Eachtracha plé ar réitigh ar roinnt de na saincheisteanna geopholaitiúla is práinní atá ann.

Phléigh an tAire Flanagan ról na hÉireann in iarrachtaí coimeádta síochána idirnáisiúnta le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, chas sé le Mary Robinson, Toscaire Speisialta an AE maidir le hAthrú Aeráide, agus chuir sé tiomantas leanúnach na hÉireann in iúl, maidir le deireadh a chur lei hocras, ag ócáid speisialta ag Comhdháil Ginearálta na Náisiún Aontaithe, a chomh-reáchtáil Éire.

Chuir an tAire Flanagan ráiteas na hÉireann ar thosaíochtaí beartas eachtrach in iúl do cheannairí ó ar fud an domhain ag Comhdháil Ginearálta na Náisiún Aontaithe Dé Luain an 29ú Meán Fómhair.

Charles Flanagan, left, Minister for Foreign Affairs and Trade, Ireland, meets with United Nations Secretary-General Ban Ki-Moon during the 69th United Nations General Assembly in New York, U.S., on Monday, September 29, 2014.  Photograph by Michael Nagle

An bhagairt ó ISIS

An bhagairt leanúnach ó ISIS an t-ábhar ba mhó a pléadh nuair a chas an tAire Charlie Flanagan agus Airí Eachtracha eile ón AE le Stát-Rúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá, John Kerry, Dé Céadaoin.

Dúirt an tAire Flanagan i Nua Eabhrac:

“Tá uafás orainn uile mar gheall ar na hainghníomhartha atá déanta ag ISIS agus é i mbun feachtais sceimhlitheoireachta sa tSiria agus san Iaráic. Ní mór cuntasacht a bheith i gceist le hainghníomhartha den sórt sin tríd an staid sa tSiria a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

“Tá tionchar gan choinne ó thaobh na daonnachta ar réigiún níos leithne ag an mbagairt ó ISIS ar an Iaráic agus ar an tSiria. Tá na mílte teaghlach eile i ndiaidh éalú ón bhfeachtas sceimhlitheoireachta an tseachtain seo as féin.

An tríú Máirt i mí Mheán Fómhair gach bliain, osclaíonn Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don chruinniú taidhleoireachta is mó ar Domhan.

Tá Éire ar cheann de na tíortha is flaithiúla a thug rannchuidiú daonnúil don ghéarchéim sa tSiria. Tá níos mó ná €28 milliún i dtacaíocht dhaonnúil tugtha ag Éirinn don tSiria ó 2011. Rinneadh an t-airgead a sheachadadh trí chomhpháirtithe NA agus NGO-anna.

Príomh-Phrótacal NA a dhaingniú chun cearta an linbh na hÉireann a neartú

Shínigh agus dhaingnigh an tAire Flanagan prótacal tábhachtach le Coinbhinsiún na NA atá leagtha amach chun cearta leanaí a neartú - an 3ú Prótacal Roghnach le Coinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh (UNCRC).

On Wednesday, Minister Flanagan signed and ratified an important protocol to a UN convention designed to strengthen children’s rights - the 3rd Optional Protocol to the UN Convention on the Rights of the Child (UNCRC).

Cuirfidh an daingniú seo, ceann de raon tionscnamh de chuid an Rialtais chun cearta an linbh a neartú, bealach ar fáil do leanaí na hÉireann chun dul chuig Coiste na Náisiún Aontaithe, atá in ann éisteacht le gearáin maidir le sárú ar a gcearta, sa chás go mbeadh gach réiteach atá ar fáil sa bhaile triailte.

Cuireann an UNCRC agus na Prótacail Roghnacha a ghabhann leis an creat is leithne a aithnítear go hidirnáisiúnta ar fáil maidir le cearta an linbh.

Athrú Aeráide

Chas an tAire Flanagan le Mary Robinson, Toscaire Speisialta an AE maidir le hAthrú Aeráide, chun gníomh leantach i ndiaidh an Chruinniú Mullaigh Speisialta ar Athrú Aeráide a phlé.

Phléigh siad obair na hÉireann maidir le talmhaíocht aeráid-chliste sna príomhthíortha atá i gcomhpháirt linn san Afraic Fho-Shahárach. Tá trí bhuntáiste le talmhaíocht aeráid-chliste: méadú ar fhómhair, athléimneacht in aghaidh athrú aeráide a neartú agus an lorg carbóin a ísliú gach áit is féidir. Trí Chúnamh Éireann, tacaímid le talmhaíocht aeráid-chliste agus le hathléimneacht a thógáil sna pobail áitiúla sa tSaimbia, sa Mhaláiv, i Mósaimbíc agus san Aetóip. Bíonn luach nach beag ag réitigh áitiúla chun chur le beartas domhanda ionas go bhféadfaimid dul i ngleic le hocras ar bhealach inbhuanaithe.

Ag an gCruinniú Mullaigh ar Athrú Aeráide i Nua Eabhrac, chuir Éire in iúl an rún atá againn dul isteach sa Chomhaontas Domhanda um Thalmhaíocht Aeráid-Chliste. Tionscnamh domhanda atá sa Chomhaontas a thugann rialtais, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach le chéile chun ceachtanna a roinnt agus chun tacaíocht don talmhaíocht aeráid-chliste a thógáil.

Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta ollmhór a chomh-reáchtáil faoi conas deireadh a chur le hocras

Rinneamar cruinniú mullaigh idirnáisiúnta ollmhór a chomhreáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe chun gníomh idirnáisiúnta a spreagadh maidir le deireadh a chur leis an ocras in aon ghlún amháin, an ócáid ‘Deireadh a chur le hOcracs’, in éineacht leis an Ísiltír, Meicsiceo agus an trí phríomhghníomhaireacht de chuid na Náisiúin Aontaithe a bhfuil de chúram orthu dul i ngleic le hocras agus rialtais, gnólachtaí agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a spreagadh glacadh le cúig phríomhghníomh chun deireadh a chur le hocras ar fud an domhain.

Tom Arnold, left, chairman of the Convention of the Irish Constitution, Ertharin Cousin, second from left, Executive Director of the United Nations World Food Programme, and Charles Flanagan, center, Minister for Foreign Affairs and Trade, Ireland, attend the Delivering Zero Hunger – at the United Nations in New York, U.S., on Thursday, September 25, 2014.  Photograph by Michael Nagle

Shínigh an tAire Flanagan Dearbhú na NA maidir le Deireadh a Chur le hOcras, thar ceann na hÉireann.

Aithnítear Éire mar cheannaire domhanda sa troid in aghaidh an ocrais. Tá sin ag croílár ár gcláir cúnaimh, Cúnamh Éireann, agus ag croílár ár mbeartais eachtraigh. Déanaimid 20% de mhaoiniú Chúnamh Éireann a infheistiú i ngníomhartha chun deireadh a chur le hocras, ag díriú go speisialta ar dhul i ngleic le tearc-chothú leanaí, arb é is cúis le bás 8,000 leanaí gach lá.

Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, a leag amach an dúshlán in 2012 maidir le deireadh a chur le hocras laistigh de ghlúin amháin. Tá geallúintí tugtha ag tuairim is 137 tír go n-oibreoidh siad ar son Deireadh a chur le hOcras.

Cúig sprioc atá ag Deireadh a chur le hOcras:

  • A chinntiú nach mbeidh cosc ar fhás aon leanbh faoi dhá bhliain d’aois. Leis sin ní mór a chinntiú go bhfaighidh gach leanbh dóthain bia cothaitheach sa tréimhse 1,000 lá ó ghintear iad go mbeidh siad dhá bhliain d’aois.
  • A chur ar chumas gach duine teacht ar an mbia a bhíonn de dhíth orthu i gcónaí trí fhostaíocht mhaith agus thorthúil, trí chosaint shóisialta, trí líontáin sábhála saindírithe agus trí chúnamh bia.
  • Córais inbhuanaithe bhia a chinntiú trí chaighdeáin inbhuanaitheachta a bheith i bhfeidhm do gach feirmeoir, agra-ghnó, comharchumann, rialtas, ceardchumann agus sochaí shibhialta.
  • Bochtaineacht tuaithe a laghdú trí obair mhaith a spreagadh, ioncam shealbhóirí gabháltas beag a ardú, agus mná, feirmeoirí beaga, iascairí, tréadaithe agus daoine eile a chumhachtú.
  • Cailliúint bhia le linn stórála agus iompair a íoslaghdú agus deireadh a chur le bia a bheith á chur amú ag miondíoltóirí agus ag tomhaltóirí.

Clár Rialtais nua chun oiliúint a chur ar fhoireann coimeádta síochána ón Afraic fógartha ag an gcruinniú mullaigh ar Iarrachtaí Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe a Neartú

Ag cruinniú mullaigh ollmhór arna reáchtáil ag Leas-Uachtarán SAM, Joe Biden agus ag Ard-Rúnaí na NA, an Ginearál Ban Ki-moon i Nua Eabhrac, dúirt an tAire Flanagan go mbainfeadh Éire úsáid as an taithí mhór atá againn i gcúrsaí coimeádta síochána chun cabhrú le tíortha eile slándáil réigiúnach a chinntiú.

Tá stair chruthaithe ag Éirinn i misin choimeádta síochána na Náisiún Aontaithe le breis agus 50 bliain anuas.

“Le blianta beaga anuas tá saineolas breise faighte ag lucht coimeádta síochána na hÉireann trí mhisin oiliúna i Mailí agus sa tSomáil”, a dúirt sé.

“Táimid ag iarraidh cabhrú le comhpháirtithe ionchasacha cur lena scileanna agus lena gcumas féin agus a gcion féin a dhéanamh chun síocháin agus slándáil réigiúnach a bhaint amach. Bainfidh ár gclár oiliúna úsáid as saineolas lucht coimeádta síochána na hÉireann, a aithnítear go forleathan, chomh maith le sárchleachtas na Náisiún Aontaithe.

“San áireamh san oiliúint, saindíreofar ar réimsí mar sibhialtaigh a chosaint, aird a thabhairt ar inscne, cearta an duine agus oiliúint ar lóistíocht agus ceannaireacht. Tá réimsí faoi leith ann freisin ina bhfuil saineolas sonrach ag Éirinn, mar shampla oiliúint ar ghairis phléascacha seiftithe a chur ó mhaith nó oiliúint do phóilíní míleata.”

Roghnófar na tíortha san Afraic as na cinn a bhfuil caidreamh seanbhunaithe ag Éirinn leo cheana féin trí chlár comhoibrithe forbartha an Rialtais, Cúnamh Éireann.

Dúirt an tAire Flanagan go mbeidh mar chuid den chlár oiliúint a chur ar oifigigh agus ar NCO-anna a mbeidh freagracht orthu féin ansin oiliúint a chur ar dhaoine ina bhfórsaí féin.

Tosófar anois ag pleanáil raon, láithreacha agus croílár na hoiliúna, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach agus rannchuidithe eile.

Tionóladh an cruinniú mullaigh, Iarrachtaí Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe a Neartú, i gcomhthéacs pleananna Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar iarrachtaí coimeádta síochána.