Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire 2016: Clár comórtha céad bliain

Ireland 2016

Cén chaoi a bheidh Éirí Amach na Cásca á chomóradh?

Tá níos mó i gceist le hÉire 2016 ná comóradh foirmiúil ar mhór-eachtra stairiúil. Is cuireadh é nach dtagann ach uair sa chéad chuig gach duine, idir sean is óg, sa bhaile agus thar lear, chun páirt a ghlacadh i raon ilchineálach de ghníomhaíochtaí stairiúla, cultúrtha agus ealaíonta atá ceaptha chun machnamh, comóradh, ceiliúradh agus díospóireacht a chothú, agus na gníomhaíochtaí sin a mhúnlú, agus a bhfuil i ndán dúinn a shamhlú.

Thar gach rud eile is comóradh céad bliain d’Éirí Amach na Cásca – eachtra mhórchúiseach ar aistear Éire i dtreo a neamhspleáchais – é Éire 2016. Tá an clár tógtha ar Sheacht Snáithe:

  • Searmanais Stáit
  • Machnamh ar an Stair
  • An Teanga Bheo
  • An Óige agus an tSamhlaíocht
  • Léiriú Cultúrtha
  • Rannpháirtíocht Phobail
  • An Clár Domhanda agus Diaspóra

 

An Clár Domhanda agus Diaspóra

Tá Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann ag plé leis an Diaspóra Éireannach agus le pobail áitiúla ar fud an domhain chun rannpháirtíocht dhomhanda a chinntiú i sear­manais chuimhneacháin agus cheiliúrtha ar mhaithe le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain Éirí Amach na Cásca. Is mar seo a leanas atá roinnt de na tionscadail atá forbartha go dtí seo:

  •  déanfaidh Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin in Washington D.C., i gcomhpháirt le hAm­basáid na hÉireann, óstáil ar fhéile trí seach­taine a cheiliúrfaidh ealaíona Éireannacha agus cultúr Éireannach
  • cuirfidh Áras Glucksman na hÉireann in Ollscoil Nua-Eabhrac sraith imeachtaí poiblí i láthair
  • reáchtálfaidh Glór na nGael agus an Ard-Chonsalacht i mBostún comhdháil a thabharfaidh grúpaí Gaeilge ó áiteanna ar fud na Stát Aontaithe
  • glacfaidh scríbhneoirí Éireanna­cha páirt i bhFéile Scríbhneoirí Idirnáisiúnta Ottawa, a dhéanann óstáil ar údair ó áiteanna fud fad an domhain
  • Rachaidh an Ambasáid i Londain i gcomhpháirt le hAmharclann na Mainistreach le haghaidh sheoladh an Handbook of the Irish Revival – atá ina imleabhar de léamha bhunaidh ó dhaoine amhail Dubhghlas de hÍde, Tomás Mac Donnchadha agus Pádraig Mac Piarais, a léiríonn raon agus dianas na díospóireachta cultúrtha agus polaitiúla le linn na hAthbheochana Éireannaí
  • Díreaoidh imeachtaí pobail, cultúrtha agus acadúla a bheidh ar siúl ar fud na hAlban chun Éire 2016 a cheiliúradh ar Shéamus Ó Conghaile, duine de na ceannairí ab iomráití d’Éirí Amach na Casca agus a rugadh in Albain
  • Is é buaicphointe chláir an chéad Fhéile Idirnáisiúnta Beckett riamh i bPáras naan  comóradh céad bli­ain 1916. Tabhar­far cuireadh do 16 rannpháirtí ar ealaíontóirí Éireannacha nó grúpaí ealaíonta Éireannacha iad cur chuige samhlaíoch a léiriú maidir le saothar Beckett chun comóradh céad bliain 1916 a cheiliúradh
  • Tá raon imeachtaí comórtha beartaithe sa Róimh, i mBeirlín agus i bpríomhchathra­cha eile, lena n-áirítear léirithe scannáin, imeachtaí scríbhneoirí agus taibhléirithe amharclainne
  • Reáchtálfar comhdháil idirnáisiúnta in Buenos Aires in 2016 i gcomhar le hOllscoil na Salvadóire agus leis an bpobal Gael-Air­gintíneach chun plé a dhéanamh ar na naisc láidre staire idir an dá thír, lena n-áirítear i dtréimhse 1916
  • Beidh seimineár maidir le Ruairí Mac Eas­mainn ar siúl i mBrasília le linn na seachtaine dar tosach an 14 Márta 2016 agus leanfar de thaispeántas tionlacain go dtí an Cháisc
  • Tá comhdhálacha acadúla beartaithe lena bhfuil baint ag Lárionad don Léann Éireannach Domhanda in Ollscoil New South Wales (UNSW) i Sydney, agus Lárionad na hAstráile um Staidéar ar Choinbhleacht Armtha agus an tSochaí i UNSW i gCanberra

 

Tionscadail Ollscoil Notre Dame

 

Tá Institiúid Keough-Naughton um Staidéar Éireannach in Ollscoil Notre Dame ag coimisiúnú scannán faisnéise teilifíse trí pháirt faoin Éirí Amach, chomh maith le príomhscannán 70 nóiméad, ina dtabharfar anailís a mbeidh tacaíocht acadúil aici ar thionchar 1916 in Éirinn agus ar fud an domhain.

Ar an 3ú Márta, taispéanfar an scannán faisnéise, atá ársaithe ag Liam Neeson, ag ócáid cheiliúrtha in Ollscoil Notre Dame i South Bend, le taispeántais eile i Chicago agus Atlanta. Inseoidh an scannán scéal agus an toradh a bhí ar Éirí Amach na Cásca go lucht féachana idirnáisiúnta. Níos déanaí sa mí, ag seoladh an scannáin i mBaile Átha Cliath, craolófar é go dtí láithreacha éagsúla timpeall an domhain.

Ina theanta sin, tá sé beartaithe ag Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach painéal acadúil a reáchtáil i mBostún ina scrúdófar an tionchar atá ag an Diaspóra Éireannach ar Mheiriceá agus ar Éirí Amach na bliana 1916. 

Tá sraith imeachtaí acadúla idirnáisiúnta darb ainm Reframing 1916 á forbairt freisin i gcomhar le roinnt ollscoileanna i láithreacha éagsúla timpeall an domhain, lena n-áirítear an Astráil, Ceanada, an India, an Nua-Shéalainn, an Airgintín, an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Seice. Tríd an tsraith sin, tabharfar foireann teagaisc agus mic léinn Ollscoil Notre Dame agus páirtithe leasmhara eile le chéile i léachtaí, i bpainéil agus i léirithe den chlár faisnéise, a nascfar le hAmbasáidí agus le Consalachtaí na hÉireann fud fad an domhain, rud a chinnteoidh an leibhéal rannpháirtíochta agus freastail is airde is féidir.