Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cearta an Duine in Éirinn

Tá cearta an duine in Éirinn faoi réir ag grinnscrúdú sa bhaile agus thar lear. Bíonn baint againn le NGOnna in Éirinn i ndáil le saincheisteanna chearta an duine agus le ceanglais thuairiscithe a bhfuil Éire faoina réir go hidirnáisiúnta.

Tá sé de dhualgas ar gach stát cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn. Faoi na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin, tá rialtais freagrach go príomha as na coinníollacha a chruthú ina bhféadfar cearta a réadú mar aon lena chinntiú nach ndéanfar cearta a shárú. 

Tá Éire tiomanta cearta an duine a bheith ag croílár a beartais eachtraigh, agus ár bhforbartha sa bhaile. Tháinig Bunreacht na hÉireann 1937 roimh Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine araon.   Cuirtear béim láidir ann ar chearta bunúsacha, arb ionann iad agus prionsabail chearta an duine faoi ainm éagsúil. 

Bímid rannpháirteach le NGOnna maidir le saincheisteanna chearta an duine trí:

Buanchoiste RGE-NGO maidir le Cearta an Duine

Bunaíodh an Coiste sin i 1997 le creat a chur ar fáil le tuairimí a mhalartú eadrainn agus ionadaithe de chuid an phobail NGOnna.  Tá sé comhdhéanta de shaineolaithe chearta an duine, acadóirí, ionadaithe NGOnna agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Bíonn cruinnithe ag an gCoiste tuairim is ceithre huaire sa bhliain chun ábhair imní idirnáisiúnta a phlé, lena n-áirítear oibleagáidí idirnáisiúnta agus seasamh beartas.

Fóram RGE-NGO maidir le Cearta an Duine

Fáiltíonn Fóram RGE-NGO maidir le Cearta an Duine roimh gach NGO leasmhar in Éirinn cruinniú a bheith acu linn chun tosaíochtaí chearta an duine idirnáisiúnta a dhéanann imní don dá thaobh a phlé. Tá plé déanta ar raon leathan topaicí ag an bhFóram ó bunaíodh é i 1998. Bhí painéal-phlé ardleibhéil maidir le Cúnamh Éireann agus Cearta an Duine san áireamh i bhFóram 2012, chomh maith le ceardlanna idirghníomhacha i ndáil le trí phríomh-shaincheist: an ról atá ag cearta an duine i gcabhair forbartha; an spás le haghaidh cosantóirí sochaí sibhialta agus cearta an duine; agus ról chearta an duine i mbeartas eachtrach.

Léigh ár dTuarascáil Neamhfhoirmiúil ón 13ú Fóram DFAT NGO um Chearta an Duine

Éire agus an tAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR)

Tá an UPR ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí d’obair na Comhairle um Chearta an Duine.  Scrúdaíonn an Chomhairle taifid chearta an duine gach Comhalta de na NA uair gach ceithre bliana, agus iarrtar ar gach Stát na gníomhartha a bhfuil siad ina mbun chun cás chearta an duine sa bhaile agus an tslí a bhfuil na gealltanais a dhéanann siad á gcur i bhfeidhm a leagan amach. 

Athbhreithníodh taifead na hÉireann maidir le cearta an duine faoin UPR an 6 deireadh Fómhair 2011. Ba é an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, Alan Shatter, T.D., a bhí i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann ag éisteacht sa Ghinéiv.  Agus iad ag ullmhú don UPR, bhí an Rialtas páirteach i bpróiseas comhairliúcháin fadréimseach le gníomhaithe sochaí sibhialta agus NGOnna, lena n-áirítear gluaiseacht na gceardchumann. D’eagraíomar fóram poiblí don tsochaí shibhialta, a reáchtáladh i mí na Nollag 2010. Lean an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais é sin le sraith de 7 gcruinniú phoiblí ar fud na hÉireann. D’fháiltigh an Rialtas freisin roimh na comhairliúcháin a reáchtáil gníomhaithe sochaí sibhialta agus NGOnna éagsúla agus roimh na comhairliúcháin a reáchtáil an Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn.   

Tuairisciú maidir le Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta 

Táimid freagrach as daingniú ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine a éascú. Tá croí-chonarthaí na NA um chearta an duine agus raon leathan d’ionstraimí idirnáisiúnta eile um chearta an duine daingnithe ag Éirinn.

I gcás gach Cúnaint nó Coinbhinsiúin NA, tá de dhualgas ar Stáit ar Páirtithe iad tuarascálacha tréimhsiúla a chur faoi bhráid na NA i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gconradh a chur i bhfeidhm sa bhaile. Comhordaíonn ár nAonad um Chearta an Duine freagra na hÉireann i ndáil leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR) agus leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. 

Comhordaíonn an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige na freagraí i ndáil leis na conarthaí eile.

Foilsíonn an Comhlacht Monatóireachta Conartha iomchuí na tuarascálacha náisiúnta sin agus fáiltítear roimh NGOnna leasmhara a mbreathnuithe a chur faoina bhráid. Foilsíonn an Comhlacht Monatóireachta Conartha a mbreathnuithe deiridh tar éis do thoscaireacht náisiúnta teacht rompu.