Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Chaoi a nOibríonn an Dlí Idirnáisiúnta

Is foinsí tábhachtacha den dlí idirnáisiúnta iad conarthaí idirnáisiúnta, nósanna agus cleachtas stáit agus cinntí breithiúnacha.

Céard is Dlí Idirnáisiúnta ann?

Is é an dlí idirnáisiúnta an téarma a thugtar do na rialacha a rialaíonn caidreamh idir na stáit.

D’ainneoin gan aon uas-údarás a bheith ann chun rialacha dá leithéid a fhorfheidhmiú, measann stáit go bhfuil an dlí idirnáisiúnta ina cheangal orthu, agus is í an fhíric seo a thugann stádas dlí do na rialacha seo. Mar sin, mar shampla, i gcás gur mian le stát riail áirithe a sheachaint, ní dhéarfaidh sé nach ann don dlí idirnáisiúnta, ach nár aontaigh stáit go mbeadh a leithéid de riail ina ceangal orthu, nó nach bhfuil feidhm leis an riail sna cúinsí áirithe sin.

Ní hionann agus an dlí baile nó náisiúnta, níl an dlí idirnáisiúnta leagtha síos in aon reachtaíocht atá faofa ag parlaimint. Ní bhaineann fiú conarthaí iltaobhacha le gach stát, ach leo siúd amháin a thoilíonn go mbeadh an ceangal seo orthu, trí iad a shíniú agus a dhaingniú nó aontú dóibh. Dá thoradh sin, is minic go mbíonn sé níos deacra rialacha beachta an dlí idirnáisiúnta a aithint ná dlíthe náisiúnta, agus féadtar teacht orthu i bhfoinsí éagsúla. 

Ordaíonn Airteagal 38 de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta don Chúirt na foinsí dlí seo a leanas a fheidhmiú i réiteach díospóidí:

"(a) coinbhinsiúin idirnáisiúnta, cibé ginearálta nó ar leith, a bhunaíonn rialacha a aithníonn stáit conspóide go sainráite;

(b)  gnás idirnáisiúnta, mar fhianaise ar chleachtas ginearálta a bhfuil glactha leis mar dhlí;

(c)  prionsabail ghinearálta an dlí a n-aithníonn náisiúin shibhialta;

(d) …cinntí breithiúnacha agus teagasc na mbolscairí is airde cáilithe de chuid na náisiún éagsúla mar bhealach tánaisteach chun rialacha dlí a chinneadh.”

Conarthaí

Cé go bhféadfadh gur cosúil le conradh idir dhaoine aonair iad conarthaí déthaobhacha nó conarthaí idir cúpla stát, déantar tagairt go minic do chonarthaí iltaobhacha, mar Choinbhinsiún na NA ar Dhlí na Farraige, mar “chonarthaí a dhéanann dlíthe” sa mhéid is gur léiriú iad ar reachtaíocht idirnáisiúnta de réir chomh gar is a bhíonn an t-ord dlíthiúil idirnáisiúnta le reachtaíocht idirnáisiúnta. Glactar go minic le conarthaí iltaobhacha a bhfuil glacadh go forleathan leo mar Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí é féin, mar tháscairí daingne ar ábhar an dlí idirnáisiúnta ghnách ar an topaic.

Tá tuilleadh eolais ar chonarthaí agus ar bhunachar sonraí conarthaí ar páirtí iontu Éire i Sraith Conarthaí na hÉireann

Tá tuilleadh eolais ag Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe ar chonarthaí agus tá bunachar sonraí conarthaí ann freisin. Tá Lámhleabhar Conarthaí foilsithe ag na Náisiúin Aontaithe freisin a chuireann eolas ar fáil faoi roinnt mhaith gnéithe de dhlí agus de chleachtas conartha agus áirítear ann gluais úsáideach ar chuid mhaith de na téarmaí a úsáidtear agus tagairt á déanamh do chonarthaí, mar shampla, daingniú, aontachas, dearbhú, etc.

Gnás agus Cleachtas Stát

Sa chás nach bhfuil conradh ann a rialaíonn caidreamh idir dhá stat nó níos mó ar thopaic áirithe, tá tábhacht le fianaise go bhfuil comhdhearcadh ann i measc stát ar cén saghas dlí ar chóir a bheith ann, nó i bhfocail eile, cleachtas stáit i gcomhar le haitheantas go bhfuil cleachtas áirithe éigeantach. Má tá sé forleathan agus seasmhach a dhóthain féadfaidh cleachtas agus comhdhearcadh dá leithéid a bheith ina dhlí idirnáisiúnta gnách.

Féadtar teacht ar fhianaise gnáis i measc na bhfoinsí seo a leanas:

  • comhfhreagras taidhleoireachta,
  • tuairimí comhairleoirí dlíthiúla oifigiúla,
  • ráitis ó rialtais,
  • rúin de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe,
  • nótaí tráchta ó rialtais ar dhréachtanna a d’ullmhaigh an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta
  • cinntí cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta

Ach mar a tharlaíonn le gach ní a bhaineann le fianaise, bíonn an-éagsúlacht ann maidir leis an tábhacht a leagtar ar ráiteas áirithe ag brath ar na cúinsí inar rinneadh an ráiteas.

Cinntí Breithiúnacha

Áiríonn Airteagal 38 de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta  “cinntí breithiúnacha” i measc foinsí féideartha an dlí idirnáisiúnta mar mhodh tánaisteach chun rialacha an dlí a chinneadh.

Seachas cinntí chomhlachtaí breithiúnais idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gur ráiteas ar an rud a mheasann an chúirt a bheith ina dhlí idirnáisiúnta ar ábhar ar leith a bheadh i gcinntí cúirte náisiúnta. Ní bheadh údarás le cinneadh dá leithéid mar fhianaise ar dhlí idirnáisiúnta ach i gcás go bhfuil seasamh an-ard ag an gcúirt agus i gcás go bhfuil ceist an dlí idirnáisiúnta lárnach don chás agus go ndéantar é a mheas go cúramach. Mar sin, mar shampla, bhí tionchar ag cinntí tábhachtacha de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (cás i 1900, The Paquete Habana), Theach na dTiarnaí (Cás Pinochet) agus Chúirt Uachtarach na hÉireann (Rialtas Cheanada v An Binse Achomhairc Fostaíochta) ar fhorbairt nó ar léirmhíniú an dlí idirnáisiúnta.   

Ina theannta sin, d’fhéadfadh gur fianaise a bheadh i gcinntí cúirteanna náisiúnta iad féin ar chleachtas stáit ar thopaic ar leith. I gcás tábhachtach luath, An Lotus (1927) scrúdaigh an Bhuanchúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta cinntí cúirteanna náisiúnta na Fraince le fáil amach cérbh é cleachtas stáit na Fraince maidir leis an ábhar idir lámha.  

Is liosta é seo a leanas de roinnt de na cásanna Éireannacha a bhreithnigh saincheisteanna dlí idirnáisiúnta:

Idirchaidreamh idir dlí na hÉireann agus an Dlí Idirnáisiúnta

In re Ó Láighléis [1960] IR 93

An Stát (Gilliand) v Gobharnóir Phríosún Mhuinseo [1987] ILRM 278

ACT Shipping (Pte) Teo v Aire na Mara agus Eile [1995] 3 IR 407

Horgan v An Taoiseach, an tAire Gnóthaí Eachtracha [2003] 2 IR 468

Crotty v An Taoiseach [1987] IR 173

Díolúine Stáit

Zarine v Úinéirí an SS Ramava [1942] IR 148

Saorstát agus Continental Steamship Co v De Los Morenas [1945] IR 291

An Stát (Summers Jennings ) v Furlong [1966] IR 183

Rialtas Cheanada v An Binse Achomhairc Fostaíochta [1992] 2 IR 484

Fusco v O'Dea [1994] 2 IR 93  

An Marshall Gelovani [1995] 1 IR 159

McElhinney v Williams [1995] 3 IR 382

ACT Shipping (Pte) Teo v Aire na Mara [1995] 3 IR 406

Schmidt v Rúnaí Baile Rialtas na Ríochta Aontaithe [1997] 2 IR 121

Chun tuilleadh faisnéise a fháil

maidir le seasamh na hÉireann ar shaincheisteanna dlíthiúla idirnáisiúnta áirithe, léigh ár  ráitis ar Shaincheisteanna Dlíthiúla Idirnáisiúnta