Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Conarthaí

“Is é an Rialtas a oibreos, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach.”

Airteagal 29.4.1° den Bhunreacht.  

Is éard atá i dtabhairt chun críche comhaontaithe idirnaisiúnta ná feidhmiú cumhachta comhallaí/feidhmithí an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach agus mar sin is é an Rialtas nó is ar údarás an Rialtais a thugtar chun críche é.

Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a fheidhmíonn an t-údarás chun comhaontuithe Idirnáisiúnta a thabhairt chun críche thar ceann Rialtas na hÉireann (le heisceacht amháin agus is é sin Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ar fhreagracht an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta iad.

Dáiríre, i gcás go mbíonn comhaontú idirnáisiúnta ag plé le réimse beartais ar leith, is é an tAire a bhfuil an phríomhfhreagracht air don réimse sin a ghabhfaidh i mbun na caibidlíochta ábhartha i gcomhar leis an Aire Gnóthaí Eachracha agus Trádála. Mar shampla, féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais caibidlíochtaí a dhéanamh maidir le comhaontú idirnáisiúnta bainteach le comhoibriú idir fórsaí na bpóilíní i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ag deireadh na gcaibidlíochtaí lorgóidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála údarás sainráite an Rialtais do gach gníomh conartha atá riachtanach trí mheamram a chur faoi bhráid an Rialtais thar ceann an Aire lena mbaineann (an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais sa sampla thuas).

Toiliú a bheith faoi Cheangal

Toileoidh an Stát a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta faoi cheann de thrí mhodh:

  • daingniú, glacadh, faomhadh nó fógra faoi chomhlánú nósanna imeachta a theastaíonn le go gcuirfí chun feidhme é (i gcás gur síníodh an comhaontú ar dtús thar ceann an Stáit); nó
  • síniú (ach amháin i gcás go ndéantar seo gan forchoimeádas maidir le haon cheann de na gníomhartha thuas); nó
  • aontachas (i gcás comhaontaithe iltaobhaigh nár síníodh ar dtús thar a cheann).

Ar thoiliú dó a bheith faoi cheangal ag conradh tagann an Stát chun a bheith ina “stát conarthach”, cibé an bhfuil feidhm leis an gconradh sin nó nach bhfuil. Ní “páirtí” sa chonradh é go dtí go mbeidh feidhm leis an gconradh.

I gcás conartha iltaobhaigh léireofar toiliú a bheith faoi cheangal de ghnáth tríd an ionstraim dhlíthiúil riachtanach a tharchur go dtí an Rialtas nó aon údarás eile ainmnithe ag an gconradh mar thaisclann.  I gcás comhaontaithe dháthaobhaigh aistrítear na hionstraimí seo idir na páirtithe de ghnáth. Déanfar ionstraimí Daingnithe agus Aontachais a fhorghníomhú de ghnáth faoi shéala agus faoi shíniú an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Lánchumhachtaí

Is gníomhartha conartha iad síniú, daingniú agus aontachas a dhéantar ar údarás an Rialtais. Sa Dlí Idirnáisiúnta bíonn lánchumhachtaí ag Ceannairí Stáit agus Rialtais agus ag Airí Gnóthaí Eachtracha, de bhua na n-oifigí a shealbhaíonn siad, na gníomhartha seo a dhéanamh. Ní mór d’aon duine eile a bheith údaraithe go sainráite le gníomh conartha a dhéanamh ag Ionstraim Lánchumhachtaí arna bhforghníomhú faoi shéala agus faoi shíniú duine de na sealbhóirí oifige seo.  

I gcleachtas na hÉireann déantar Ionstraim Lánchumhachtaí a údaraíonn síniú comhaontaithe idirnáisiúnta a fhorghníomhú faoi shéala agus faoi shíniú an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (nó an Taoisigh mura mbíonn an tAire ar fáil). Ní fhorghníomhaítear Ionstraim Lánchumhachtaí faoi shéala agus faoi shíniú an Uachtaráin ach amháin do na Conarthaí a bhunaigh an Comhphobal Eorpach agus an tAontas Eorpach agus do na conarthaí a leasaíonn na Conarthaí seo.

Ár nOibleagáidí a Chomhlíonadh

I gcleachtas conartha na hÉireann, ní mór don Stát a bheith i riocht na hoibleagáidí a ghlacann sé chuige faoi théarmaí comhaontaithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh ón nóiméad a thagann sé i bhfeidhm. Go minic ní bheidh sé indéanta ag an Stát na hoibleagáidí seo a chomhlíonadh gan céimeanna a éilíonn an dlí baile a thógáil ar dtús, nó ar shlí eile, a gcuirfidh ar an chumas déanamh amhlaidh. Sna cúinsí seo síneofar an comhaontú de ghnáth thar ceann an Stáit faoi réir daingnithe. D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas san áireamh sna céimeanna a éilíonn an dlí, nó a éileofaí ar shlí eile

  • achtachán reachtaíochta (mar shampla d’fhéadfadh go n-éileodh comhaontú go ndéanfaí cion coiriúil i ndlí na hÉireann de ghníomhartha áirithe nuair a dhéantaí in Éirinn iad, ar long Éireannach nó ag náisiúnach Éireannach);
  • déanamh ionstraime reachtúla (mar shampla pearsantacht dhlítheanach i ndlí na hÉireann a bhronnadh ar eagraíocht idirnáisiúnta a dtiocfaidh an Stát chun a bheith ina chomhalta arna dhaingniú, de bhun na nAchtanna um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta);
  • faomhadh téarmaí an chomhaontaithe ag Dáil Éireann sa chás go mbíonn muirear ar chistí poiblí i gceist (mar a éilíonn Airteagal 29.5.2° den Bhunreacht a fhorálann “Aon chonradh idirnáisiúnta a chuirfeadh costas ar an gciste poiblí ní bheidh sé ina cheangal ar an Stát mura dtoilí Dáil Éireann le téarmaí an chonartha”); agus

socruithe riaracháin (mar shampla d’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach foireann a earcú nó a atheagrú chun próisis riaracháin a bheadh riachtanach faoi théarmaí an chomhaontaithe a dhéanamh).

Riachtanais Bhunreachtúla

De bhrí gur beart suntasach é teacht i bhfeidhm comhaontaithe idirnáisiúnta a mbíonn tionchar aige ar oibleagáidí dlíthiúla na hÉireann agus ar a caidreamh le stáit eile, leagann an Bhunreacht síos roinnt riachtanas substainteacha agus nós imeachta a gcaithfear cloí go dlúth leo nuair a bhíonn comhaontú idirnáisiúnta á thabhairt chun críche.

Tugadh impleachtaí airteagal 29.4.1° de Bhunreacht na hÉireann ar aird cheana – i.e., toisc gur forghníomhú de chumhacht feidhmitheach an Stáit é tabhairt chun críche comhaontaithe idirnáisiúnta, maidir lena chaidreamh eachtrach, is é an Rialtas, nó is le húdarás an Rialtais a thabharfar aon chomhaontú dá leithéid chun críche.

Anuas air sin forálann airteagal 29.5.1° den Bhunreacht nach foláir gach conradh idirnáisiúnta ina mbeidh an Stát páirteach a leagan os comhair Dháil Éireann. Cé nach mbaineann an t-alt seo le comhaontuithe ar chúrsaí teicnice agus riaracháin faoi airteagal 29.5.3°, is é ár gcleachtas comhaontuithe dá leithéid a leagan os a comhar freisin.

Faoi airteagal 29.5.2 den Bhunreacht, caithfidh Dáil Éireann faomhadh a thabhairt d’aon chonradh idirnáisiúnta a chuireann costas ar an gciste poiblí agus nach bhfuil nádúr teicnice nó riaracháin aige, sula n-aontaíonn an Rialtas go mbeidh an Stát faoi cheangal aige.

Mar sin, ó thaobh cleachtais chonartha na hÉireann de,

(a)    dá leagfadh téarmaí comhaontaithe idirnáisiúnta muirear ar an gciste poiblí, lorgófar faomhadh Dháil Éireann ar dtús de réir airteagal 29.5.2° den Bhunreacht

(b)  as sin amach (nó mar chéad chéim i gcás comhaontaithe idirnáisiúnta nach leagfadh muirear ar an gciste poiblí) féachtar le cinneadh Rialtais a fháil a údaraíonn síniú, daingniú nó aontachas de réir airteagal 29.4.1° den Bhunreacht

(c)   Tá cinneadh eile Rialtais riachtanach a éilíonn daingniú i gcás comhaontaithe idirnáisiúnta a fhaomhtar faoi réir daingnithe

(d)   i gcás gur thoiligh an Stát a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta agus go bhfuil sé tagtha i bhfeidhm, leagtar faoi bhráid Dháil Éireann é de réir Airteagal 29.5.1° den Bhunreacht. Is é beartas na Roinne a chinntiú go bhfuil gach comhaontú idirnáisiúnta a thugtar i gcrích....

(e)   Tar éis comhaontuithe idirnáisiúnta a leagan faoi bhráid Dháil Éireann foilsítear fógra faoina dteacht i bhfeidhm don Stáit san Iris Oifigiúil agus foilsítear iad i Sraith Conarthaí na hÉireann

(f)    Déanfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála socrú freisin go gclárófar an comhaontú leis na Náisiúin Aontaithe de bhun Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Ionchorprú i ndlí na hÉireann

Is córas deachúil é córas dlíthiúil na hÉireann, mar is ionann do chórais dhlíthiúla eile faoin dlí coiteann. Ciallaíonn sé seo nach dtagann téarmaí comhaontaithe idirnáisiúnta chun a bheith ina gcuid de dhlí baile an Stáit mura ndéantar iad a ionchorprú go sainráite ag nó faoi Acht de chuid an Oireachtais. Tá an prionsabal seo le fáil in airteagal 29.6 den Bhunreacht.

Ina choinne sin, tá córais dhlíthiúla mhonasaí ag roinnt stát eile inar féidir le conradh ceannas a bheith aige ar dhlí baile atá ag teacht salach air.

Is annamh go mbíonn sé riachtanach go ndéanfaí téarmaí comhaontaithe idirnáisiúnta a ionchorprú iad féin i ndlí baile le go dtoileodh an Stát a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú sin nó na hoibleagáidí a ghlacann sé chuige faoin gcomhaontú a chomhlíonadh.