Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Éire agus Dlí na Farraige

Leagann Dlí na Farraige síos sraith rialacha a rialaíonn teidlíocht stát cois cósta do limistéir mhuirí, a gcearta agus a ndualgais laistigh de na limistéir seo agus an chaoi ar chóir teorainneacha gach limistéir a bhunú. Mar stát cósta a bhfuil stair fhada den loingseoireacht aici bhí ról gníomhach ag Éirinn i bhforbairt na rialacha sin.

Celtic Explorer (c) Marine Institute

Réamhrá

Mar stát cósta a bhfuil scairbh ilchríochach leathan aici, meánna saibhre iascaigh agus imeallbhord fada, bhí suim láidir ag Éirinn i bhforbairt rialacha cuimsitheacha soiléire a bhfuil glacadh go huilíoch leo chun cearta stát agus dualgais stát sa bhfarraige, ar an bhfarraige agus faoin bhfarraige a rialú. Bhí páirt ghníomhach agus threorach ag toscaireacht na hÉireann le linn na gcaibidlíochtaí ar Choinbhinsiún na NA ar Dhlí na Farraige (UNCLOS), go háirithe maidir le réim dhlíthiúil na scairbhe ilchríochaí, na rialacha ar theorainneacha muirí agus stádas carraigreacha agus oileán eile nach féidir leo tacú le daoine ina gcónaí orthu.

In Éirinn, tá príomhfhreagracht maidir le bunú teorainneacha idirnáisiúnta an Stáit ar an Aire Gnóthaí Eachtracha & Trádála, lena n-áirítear a theorainneacha muirí. Déantar foráil i ndlí baile do na limistéir mhuirí agus do na teorainneacha éagsúla i gCuid 3 d’Acht Iascaigh Mara agus Dlínse Muirí  2006 a tháinig in áit an Achta um Dhlínse Mhuirí 1959.

UNCLOS

Glacadh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhlí na Farraige (UNCLOS) ag Bá Montego, Iamáice, in 1982 ag deireadh naoi mbliana caibidlíochta. Déileálann an Coinbhinsiún, ina bhfuil 320 airteagal agus naoi n-iarscríbhinn, go cuimsitheach le gach saincheist a bhaineann le húsáid farraigí agus aigéan an domhain agus rinneadh cur síos air mar ‘Bhunreacht na nAigéan’.  Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún ar 21 Meitheamh 1996.

Leagann UNCLOS amach cearta agus dualgais stát i limistéir mhuirí dhifriúla (mar an fharraige theorann, an scairbh ilchríochach, an limistéar eacnamaíoch eisiach agus an mhórmhuir), rialaíonn sé taighde eolaíoch muirí agus dúshaothrú acmhainní nádúrtha beo agus neamhbheo, agus déanann foráil fhorleathan do chosaint na muirthimpeallachta.

Bhunaigh UNCLOS an tÚdarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige chun gníomhaíochtaí áirithe ar ghrinneall an aigéin dhoimhin thar theorainneacha na dlínse náisiúnta amach a rialáil, agus an Binse Idirnáisiúnta do Dhlí na Farraige chun díospóidí dlíthiúla idir stáit a chinneadh. Bhunaigh sé freisin an Coimisiún um Theorainneacha na Scairbhe Ilchríochaí chun scrúdú a dhéanamh ar shonraí eolaíocha a bhailigh stáit a bhí ag iarraidh a scairbheacha ilchríochacha a leathnú thar 200 míle farraige agus le moltaí a dhéanamh faoin áit ar chóir a dteorainneacha forimeallacha a bhunú.

An Scairbh Ilchríochach

Is fadú nádúrtha ar a chríocha talún í scairbh ilchríochach stát cósta a shíneann faoin uisce, trína fharraige teorann, go dtí an t-imeall lasmuigh den chiumhais ilchríochach. Bíonn toscaí geolaíocha difriúla ann ar fud an domhain agus, ag brath ar láthair stáit chósta ar an bplainéad, féadfaidh a scairbh ilchríochach a bheith cúng (20-30 míle farraige i leithead) nó an-leathan, mar a tharlaíonn i gcás na hÉireann áit a shíneann an scairbh suas le 500 míle farraige (thart ar 900km) ón gcladach in áiteanna.

Faoi Choinbhinsiún na NA ar Dhlí na Farraige bíonn teidlíocht ag stát cósta ar scairbh ilchríochach ‘dlítheanach’ a shíneann 200 míle farraige amach óna chladaí, cuma an síneann a scairbh ilchríochach chomh fada sin amach nó nach síneann, faoi réir ag an teidlíocht chéanna ag a chomharsana. Tá sé i dteideal scairbhe níos leithne fós má thacaíonn sonraí geolaíocha agus sonraí eile leis.  

Caithfidh stát ar mian leis a scairbh a shíneadh amach thar 200 míle farraige aighneacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Theorainneacha na Scairbhe Ilchríochaí. Síneann scairbh ilchríochach na hÉireann go fisiciúil thar 200 míle farraige amach ar an taobh thiar agus ar an taobh ó dheas den tír, agus tá 3 aighneacht in iomlán déanta ag na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha don Choimisiún, agus iad ag obair i gcomhar – in 2005 maidir le Má Aibhéiseach an Torcáin, agus ansin i gcomhpháirt leis an bhFrainc, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe do ghrinneall na Farraige den Mhuir Cheilteach agus de Bhá na Bioscáine in 2006, agus ar deireadh do limistéar Hatton Rocal den Atlantach Thoir Thuaidh in 2009. 

D’éirigh leis an aighneacht maidir le Má Aibhéiseach an Torcáin agus cuireadh 39,000 km² breise de ghrinneall na farraige le scairbh ilchríochach an Stáit.  Rinne an Coimisiún moltaí freisin a chuimseodh limistéar thart ar 80,000 km² de ghrinneall na farraige sa Mhuir Cheilteach agus i mBá na Bioscáine agus tá roinnt an limistéir seo faoi chaibidil faoi láthair idir na ceithre thír lena mbaineann.  Thairis sin bhí plé rialta ar siúl le roinnt blianta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe (a d’aontaigh teorainneacha scairbhe ilchríochaí i 1988), an Íoslainn agus Oileáin Fharó maidir le héilimh fhorluiteacha san Atlantach Thoir Thuaidh.

Toghadh an tUas. Peter Croker, geoifisiceoir agus oifigeach de chuid na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ag an am, ina chomhalta den Choimisiún do thrí théarma idir 1997 agus 2012, agus d’fhóin sé mar chathaoirleach idir 2002 agus 2007.

Taighde Eolaíoch Muirí

Forálann Coinbhinsiún na NA ar Dhlí na Farraige go mbíonn cearta eisiacha ag gach stát cósta taighde eolaíoch muirí a dhéanamh, a údarú agus a rialú ina bhfarraigí teorann agus i limistéir eacnamaíocha eisiacha agus ar a scairbheacha ilchríochacha. Déanann Foras na Mara iarratais ar údarú ó shoithí iasachta a bhreithniú i gcomhairle le gníomhaireachtaí agus Ranna ábhartha. Ba chóir iarratais ar údarú do thuras mara taighde a chur isteach tríd an gcainéal taidhleoireachta ag an stát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach óna bhfuil sé i gceist an taighde a dhéanamh. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ó Fhoras na Mara.

 

Cáblaí Fomhuirí

Tá toiliú urthrá roimh ré arna eisiúint ag an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil riachtanach do cháblaí fomhuirí a leagtar síos laistigh d’fharraigí teorann an Stáit.

Ba chóir d’éinne atá ag iarraidh cábla a leagan ar scairbh ilchríochach na hÉireann dul i gcomhairle leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha lena chinntiú nach gcuireann bealach beartaithe an chábla isteach ar úsáidí reatha nó pleanáilte ghrinneall na farraige.

 

Tuilleadh eolais

Léigh Ráiteas ón Tánaiste, Eamon Gilmore T.D. ar Éirinn agus ar Dhlí na Farraige (Aibreán 2011)