Éire a chur chun cinn trína cultúr
Trí shárthaispeántas a thabhairt ar oidhreacht chultúir shaibhir na hÉireann, is féidir linn buntáistí fadtéarmacha agus dearfacha a bhaint as cáil idirnáisiúnta na hÉireann agus feabhas a chur ar an tslí a fheiceann daoine ár dtír.
Ár gcultúr
Is láidreacht náisiúnta uathúil é cultúr na hÉireann, a shonraíonn sinn ar an stáitse domhanda agus atá ríthábhachtach dár leas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is é ceann de na buntáistí iomaíocha is fearr atá againn, is é a ‘osclaíonn an doras’ agus a chothaíonn jabanna, trádáil, infheistíocht agus turasóireacht. Tá sé ar an mbealach is éifeachtaí atá againn freisin chun ceangal a dhéanamh leis an diaspóra Éireannach domhanda, agus is earnáil fhuinniúil agus atá ag fás í dár ngeilleagar.
Cad a dhéanaimid
Bímid rannpháirteach i raon leathan gníomhaíochtaí cultúir, a bhfuil aon rud amháin acu i gcoitinn - tarraingítear aird ar Éirinn thar lear. Cuirimid caidrimh chultúir chun cinn trí roinnt tionscnamh:
Taispeántais chultúir
Tugadh tacaíocht do roinnt taispeántas ar chamchuairt maidir le hÉireannaigh mór le rá ó thaobh an chultúir: Joyce, Yeats agus Beckett.
In 2013, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, cruthaíodh taispeántas nua a dhírigh ar eisimircigh Éireannach san Eoraip ó 1600 go dtí 1800. Rinneadh an taispeántas, dar teideal ‘Strangers to Citizens’, a aistriú chuig sé theanga agus cuireadh ar taispeáint é ar fud na hEorpa mar chuid dár n-iarracht teagmhála cultúir i rith na hUachtaránachta.
In 2013, chuathas i mbun comhoibrithe le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ar thaispeántas saothair ó bhailiúchán ealaíona an Stáit ó 40 ealaíontóir faoi 40 bliain d’aois chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 40 bliain ar aontachas na hÉireann chuig an AE.
Tionscnaimh chultúir na nAmbasáidí
Cuirimid maoiniú ar fáil freisin do thionscnaimh chultúir a dhéantar trí na hAmbasáidí thar lear. Ceadaíonn sin dóibh a ngníomhaíochtaí cultúir féin a phleanáil agus a fheidhmiú, mar na nithe seo a leanas:
Éire Tír na Litríochta
D’oibrigh Ambasáid na hÉireann i Stócólm le Malartú Litríochta Éireann agus le Turasóireacht Éireann chun ollchlár cultúir a chomhordú ag Aonach Leabhar Gothenburg i mí Mheán Fómhair 2012. Bhí ocht n-údar Éireannach a bhfuil gradaim bainte amach acu a raibh a gcuid saothar le fáil ag 'Ireland Land of Literature' agus eagraíodh os cionn tríocha imeacht éagsúla thar an cheithre lá chun cultúr agus scríbhneoireacht na hÉireann a chur chun cinn. Is é an tAonach an t-imeacht cultúir bliantúil is mó i gCríoch Lochlann, agus tagann os cionn 100,000 cuairteoir chuige gach bliain mar aon le hos cionn 1,500 iriseoirí.
Maoiniú d’eagraíochtaí cultúir
Soláthraímid maoiniú do dhá mhór-eagraíocht ónár mbuiséad caidrimh chultúir:
- Déantar Coimisiún na hÉireann - Na Stáit Aontaithe maidir le Malartú Oideachais (Coimisiún Fulbright) a mhaoiniú i gcomhar ó Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Stáit Aontaithe. Táthar ag tabhairt tacaíochta don staidéar, taighde agus do ghníomhaíochtaí oideachais eile idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe ó 1957.
- Déantar forbairt ag an Ionad Cultúir Éireannach i gColáiste na nGael i bPáras ar chaidrimh chultúir idir Éirinn agus an Fhrainc agus soláthraítear cóiríocht do mhic léinn (den chuid is mó) as Éirinn, mar aon le lucht taighde, ealaíontóirí agus scríbhneoirí. Baintear leas as an maoiniú chun clár cultúir leathan an Ionaid a fhorbairt gach bliain.
Cláir maidir leis an Léann Éireannach
Múintear an Léann Éireannach mar dhisciplín i dtíortha ar fud an domhain anois - ó Mheiriceá Thuaidh agus ó Mheiriceá Theas go dtí an Eoraip agus fiú chomh fada ó bhaile leis an tSín. Tugaimid tacaíocht do chláir maidir leis an Léann Éireannach thar lear mar chuid dár n-iarrachtaí cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Téann sin chun tairbhe na hÉireann:
- Trí chur le méid agus cáilíocht scoláireachta agus taighde a dhéantar maidir le hÉirinn agus ár stair
- Suim a mhúscailt ar Éirinn agus grá d’Éirinn i mic léinn ó ar fud an domhain