Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Próiseas Achomhairc um Bhreith Choigríche a Chlárú

1. Cinneadh a achomharc chun iarratas a dhiúltú ar iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche

1.1 Má dhéantar cinneadh gan iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche a bhronnadh ar iarratasóir a sheol an cháipéisíocht uile riachtanach ar ais, eiseofar litir dhiúltaithe don iarratasóir ina shonraítear na cúiseanna atá leis an diúltú agus a chuireann ar an eolas iad ar an gceart atá acu chun achomharc a dhéanamh.

Caithfear achomhairc a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine ó dháta na litreach diúltaithe i scríbhinn chuig An tOifigeach Achomhairc CBC, an Rannán Consalachta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Teach Uíbh Eachach, 80 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 VY53.

1.2 Má sheoltar iarratas ar ais chuig iarratasóir nár sheol an cháipéisíocht riachtanach go léir ar ais, déantar iarratas neamhbhailí den iarratas sin má tá sé mhí éagtha ón dáta a shínigh an t-iarratasóir an buniarratas. Sa chás seo, caithfidh an t-iarratasóir tús a chur leis an bpróiseas iarratais arís a luaithe a bhíonn an cháipéisíocht riachtanach go léir acu.

Mura bhfuil an tréimhse sé mhí seo éagtha, féadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas sin amháin a athsheoladh ar ais más féidir an cháipéisíocht riachtanach go léir a sheoladh ar ais leis an iarratas.

2. Cinneadh a achomharc chun iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche a leasú nó a scriosadh

2.1 I gcomhréir le Rialachán 4 (2) c de na Rialacháin um Breitheanna Coigríche (Leasú), 2009, Ionstraim Reachtúil 408 de 2009, féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála iontráil ó Chlár na mBreitheanna Coigríche a leasú nó a scriosadh.

Faoi Rialachán 4 (2) c de na Rialacháin um Breitheanna Coigríche (Leasú), 2009, féadfaidh duine uiríll a dhéanamh i scríbhinn maidir leis an scriosadh a bheartaítear tráth nach déanaí ná trí mhí ó dháta na litreach um fhógra rúin chun iontráil a scriosadh.

Ba cheart na huiríll seo a dhéanamh leis An Oifigeach Achomhairc CBC, an Rannán Consalachta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Teach Uíbh Eachach, 80 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath D02, VY53.

Ár nGealltanais