Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ár nGealltanais

Foghlaim tuilleadh faoinár bPolasaí Seirbhíse do Chustaiméirí agus conas a chomhlíonann muid reachtaíocht náisiúnta le seirbhísí d’ardchaighdeán a chinntiú.

  • Comhlíontacht
  • Seirbhísí do chustaiméirí
  • Ár dtiomantas d’ard-chaighdeáin

Comhlíontacht

Comhlíontacht

Comhlíonaimid na ceanglais reachtúla agus rialála lena chinntiú go gcuirfear seirbhís éifeachtach phoiblí ar fáil mar aon le hinrochtaineacht, cuntasacht agus seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí. 

Tá sé d’aidhm againn maidir le seirbhísí a sholáthar don phobal seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil agus cloímid leo seo a leanas:

Ár mBeartas um Chosaint Sonraí

Ár mBeartas Oifigiúil Teanga

Saoráil Faisnéise

Inrochtaineacht

Séanadh Dlíthiúil

Ár bhfaisnéis a úsáid

Grianghraif

Nochtadh Cosanta

Cosaint Sonraí

Tá muid tiomanta do chosaint na sonraí pearsanta a thugann tú dúinn, ag teacht lenár ndualgas de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2018 agus de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).  Breathnaigh ar ár bhFógra maidir le Príobháideachas Sonraí agus ar shonraí teagmhála ár nOifigigh Chosanta Sonraí.

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Aighneachtaí á lorg - tá sé i gceist ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála scéim adhréachtú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Táimid tiomanta do sheirbhísí a sholáthar do shaoránaigh as Gaeilge. Bímid ag obair lena chinntiú go gcloítear go hiomlán le reachtaíocht Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (PDF, 7.85mb).

Trí bhíthin ár scéim Ghaeilge agus ár gcairt do chustaiméirí, déanaimid iarracht a chinntiú go gcuirfear an caighdeán is airde seirbhíse ar fáil as Gaeilge do shaoránaigh ar mian leo gnó a dhéanamh linn as Gaeilge.

Bímid gníomhach freisin ag cur chun cinn na Gaeilge laistigh d'institiúidí an AE. Déanaimid éascú trí líonra taidhleoireachta na hÉireann ar obair na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcur chun cinn na teanga níos forleithne thar lear trí chlár gníomhaíochtaí cultúrtha agus acadúla.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 : An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Saoráil Faisnéise

Táimid ag cloí lenár n-oibleagáidí faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise, trínar féidir leat rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Tá cead agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 2014 rochtain a fháil, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh na Roinne. Tugann siad de cheart duit go gceartófaí do shonraí pearsanta nó go dtabharfaí cothrom le dáta iad agus go dtabharfar cúiseanna duit faoi na cinntí arna ndéanamh ag an Roinn a théann i bhfeidhm ort. Léigh faoi conas is féidir leat iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.

Inrochtaineacht

Táimid tiomanta do cabhrú le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar ár gcuid seirbhísí. 

Oifigeach Rochtana

Táimid tar éis Oifigeach Rochtana a cheapadh de réir alt 26 den Acht um Míchumas 2005. Tá an tOifigeach Rochtana freagrach as a chinntiú go dtugtar cabhair agus comhairle do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo ár seirbhísí a rochtain.

Seol ríomhphost chuig an Oifigeach Rochtana agus sonraigh ann gur don Oifigeach Rochtana atá sé.

Nó is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Rochtana mar seo a leanas:

Oifigeach Rochtana

Acmhainní Daonna HQ
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
76-78 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Teil: 01 408 2250

Oifigeach fiosrúcháin

Déanfaidh ár nOifigeach Fiosrúcháin imscrúdú ar aon ghearáin a dhéanfar faoi alt 38 den Acht um Míchumas.

Is í Karen Lynch ár nOifigeach Fiosrúcháin agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi ag:

Acmhainní Daonna HQ
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
76-78 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Teil: 01 478 0822

R-phost Oifigeach Fiosrúcháin

Séanadh Dlíthiúil

Is mar threoir faisnéise amháin atá ábhar na leathanach seo á soláthar. Tá siad ceaptha le cabhrú leis an bpobal faisnéis faoin Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a rochtain.

Cé go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfuil ceangal ag na leathanaigh seo leo.

Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú gur naisc iontaofa iad siúd le láithreáin tríú páirtí, is mar áis a chuirtear ar fáil iad agus ar mhaithe le faisnéis amháin. Ní féidir a ghlacadh leis gurb ionann nasc a sholáthar agus formhuiniú ná faomhadh ar láithreán tríú páirtí ná ar an bhfaisnéis agus/nó na barúlacha atá ann. Níl freagracht ar bith ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála as an ábhar atá ar láithreán tríú páirtí ná as aon nasc atá ann agus níl aon smacht aici ar ábhar ná infhaighteacht an láithreáin sin. Ba chóir dul i dteagmháil leis an láithreán tríú páirtí le haghaidh freagraí ar aon cheisteanna maidir lena bhfuil ann. 

Ár bhfaisnéis a úsáid

Cloímid leis na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a chuirimid ar fáil.

Tá an fhaisnéis go léir atá ar ár láithreán Gréasáin faoi chóipcheart na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála mura léirítear a mhalairt. Is féidir leat an fhaisnéis ar an láithreán Gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith.

Is éard is brí le hathúsáid ná cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Baineann taighde agus staidéar neamhthráchtála leis freisin.

Coinníollacha maidir lenár bhfaisnéis a úsáid

Baineann na coinníollacha seo a leanas le hathúsáid. Ní mór duit:

  • An fhoinse agus an cóipcheart a admháil sna cásanna sin ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • Gan leas míthreorach a bhaint as an bhfaisnéis
  • Gan leas a bhaint as an bhfaisnéis ar bhealach arb é a phríomhchuspóir táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn nó fógraíocht a dhéanamh faoin táirge nó faoin tseirbhís sin
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta

Ní bheidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dhearbhaíonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní thugaimid údarás d'aon duine nó dream cearta eisiacha a bheith acu maidir le hathúsáid ár gcuid faisnéise.

Faisnéis a choimeádaimid

I gcomhair tuilleadh faisnéise ar athúsáid na faisnéise a choimeádann an Roinn seol ríomhphost chugainn le do thoil ag an Aonad Saorála Faisnéise ag foi[ag]dfa[ponc]ie

Grianghraif

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Fáilte Ireland agus Óglaigh na hÉireann as cead a thabhairt dúinn roinnt dá ngrianghraif a úsáid ar an láithreán seo.

Nochtadh Cosanta

Leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 atá i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2023, éascaítear dóibh siúd, mar a fhoráiltear san Acht, faisnéis a nochtadh do chomhlacht poiblí, maidir le héagóirí a breathnaíodh nó a fheictear, le linn a ndualgais nó a rannpháirtíochta leis an gcomhlacht poiblí.

Is féidir leo siúd ar mian leo nochtadh cosanta a dhéanamh don Roinn Gnóthaí Eachtracha é sin a dhéanamh faoi rún ó bhéal trí ghlórphost slán ag +353-1-408 2675 nó trí ríomhphost chuig protecteddisclosures@dfa.ie.

nó i scríbhinn chuig

 

An tOifigeach um Nochtadh Cosanta

Slándáil & Comhlíonadh Corparáideach

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

76-78 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2

D02 DX45

 

Faoin Acht um Nochtadh Cosanta, ceanglaítear go bhfoilseofar tuarascáil gach bliain a bhaineann le líon na gcásanna nochta chosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin agus aon ghníomhartha a glacadh i ndáil leis na cásanna nochta chosanta sin.

Ní dhearnadh nochtadh cosanta ar bith leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sa bhliain anuraidh.

Seirbhísí do chustaiméirí

Beartas um Sheirbhís do Chustaiméirí

Is tosaíocht lárnach é seirbhísí do chustaiméirí don Roinn seo. Leagann an Cairt um Sheirbhísí do Chustaiméirí amach an leibhéal seirbhíse gur féidir leat a bheith ag súil le agus tú ag plé linn.

Tá ár gCairt um Sheirbhísí do Chustaiméirí forbartha againn le cinntiú go sholáthraíonn muid an caighdeán is airde seirbhíse dár gcustaiméirí ar fad , sa bhaile agus thar lear.

Féach ar Chairt Chustaiméirí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Faigh tuilleadh eolais faoi achomharc a dhéanamh i leith cinneadh Pas.

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc i dtaobh Clárú Breitheanna Coigríche.

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas achomhairc i dtaobh Fíordheimhnithe.

Mura bhfuil tú sásta le toradh ár nós imeachta maidir le gearáin agus achomhairc féadfaidh tú an cás a chur faoi bhráid an Ombudsman.

Oifig an Ombudsman

6 Ardán Phort an Iarla, 

Baile Átha Cliath 2, 

D02 W773

Fón: +353 1 639 5600

Ríomhphost: info@ombudsman.ie

Ár dtiomantas d’ard-chaighdeáin

Ár dtiomantas d’ard-chaighdeáin

Táimid tiomanta do dheimhin a dhéanamh de go sásóidh ár gcuid oibre na caighdeáin is airde agus go gcuirfimid seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil don phobal.

Táimid gnóthach ag cur i bhfeidhm ár gcuid féin de phróiseas náisiúnta Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí.  Déanaimid ár ndícheall agus muid ag bainistiú ár gcuid oibre na caighdeáin is airde a bhaint amach agus táimid faoi threoir na mbeartas agus na bpróiseas seo a leanas d’fhonn éifeachtúlacht a chinntiú:

Clár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí

Nósanna Imeachta maidir le hAirgeadas Poiblí

Beartas i leith Calaoise

Caighdeáin Iniúchóireachta

Caighdeáin agus Eitic

Clár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá ag stiúradh Chlár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí ar bhonn lárnach.

Is é an sprioc atá againn ná eagraíochtaí ard-feidhmithe seirbhíse poiblí a chruthú a bheidh ag obair le chéile chun na nithe seo a leanas a bhaint amach:

  • Luach ar airgead agus seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a chur ar fáil
  • Freastal ar riachtanais ár bpobail agus ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Tá ionracas, cuntasacht, cothroime, agus oscailteacht mar bhunluachanna againn freisin.

Forbraíodh ár bPlean Comhtháite Seachadta Athchóirithe i bhfianaise Chlár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí.

Déanann sé comhlánú ar ár ngníomhaíochtaí um athchóiriú agus um éifeachtúlacht faoi Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh (Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010-2014).

Nósanna Imeachta maidir le hAirgeadas Poiblí

Tá ár nósanna imeachta airgeadais agus ár mbeartais cuntasaíochta i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta maidir le hAirgeadas Poiblí atá eisithe ag an Roinn Airgeadais. Is sraith treoirlínte iad sin a d'eisigh an Roinn Airgeadais lena chinntiú go mbainistítear airgeadas poiblí de réir an chleachtais is fearr.  

Bainimid úsáid as na Nósanna Imeachta maidir le hAirgeadas Poiblí chun beartais, nósanna imeachta agus treoirlínte a fhorbairt don Roinn agus cinntíonn an fhoireann bainistíochta go bhfuil ár mbainistíocht airgeadais comhtháite agus go sásaíonn sí na caighdeáin arda a bhfuiltear ag súil leo ón tseirbhís phoiblí.

Caighdeáin Iniúchóireachta

Tá obair ár nAonaid Iniúchóireachta Inmheánaí sa Roinn faoi rialú ag caighdeáin idirnáisiúnta um iniúchóireacht inmheánach, ina gcuimsítear:

  • an Sainmhíniú ar Iniúchóireacht Inmheánach
  • an Cód Eitice
  • na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Chleachtas Gairmiúil Iniúchóireachta Inmheánaí (Caighdeáin Idirnáisiúnta) arna n-eisiúint ag an gcomhlacht gairmiúil domhanda, an Institute of Internal Auditors (IIA)

Beartas i leith Calaoise

Cumhdaíonn ár mbeartas gach aon chalaois in aghaidh na Roinne, cibé acu a ndéantar í go hinmheánach nó go seachtrach. Áirítear leis calaois ag aon soláthraí earraí agus seirbhísí ach ní áirítear leis calaois in eagraíochtaí atá neamhspleách go hiomlán agus a fuair deontais nó cúnamh airgeadais uainn.

Is iad seo a leanas na príomhbhealaí atá againn chun calaois a chosc:

  • Cultúr feasachta a spreagadh agus bearta a bheith curtha i bhfeidhm lena n-aithneofar an riosca calaoise agus a laghdóidh é a mhéid is féidir
  • Nósanna imeachta a bheith curtha i bhfeidhm chun calaois a chosc, a bhrath, a thuairisciú, a imscrúdú agus a bhainistiú
  • Comhoibriú go hiomlán nuair a bhíonn calaois á himscrúdú
  • Modhanna oiriúnacha a bheith ann sa chaoi go bhféadfaidh aon duine aon ábhar imní dáiríre a thuairisciú le hintinn mhaith
  • Na daoine sin a chosaint a thuairiscíonn cásanna amhrasta calaoise le hintinn mhaith
  • Imscrúdú a dhéanamh láithreach i gcomhréir le nósanna imeachta na ranna agus na Státseirbhíse níos leithne ar chásanna calaoise amhrasta, ach cloí go hiomlán le prionsabail na próise cuí agus le ceartas nádúrtha agus dul sa tóir ar lucht calaoise a mhéid is féidir de réir an dlí
  • Cloí le prionsabail rúndachta in aon imscrúdú ar chalaois
  • Foghlaim ó aon chalaois a dhéantar chun nach dtarlóidh a leithéid arís.

Caighdeáin agus Eitic

Cloíonn ár bhfoireann go léir le Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár n-oibleagáidí maidir le heitic faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, téigh i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teileafón: 01 678 5222

Lóghlao: 1890 223030