Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí don Iarratas TravelWise

Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú

Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Iarratas TravelWise

1. Cuspóir ar leith:

Tá na sonraí pearsanta á mbailiú/bpróiseáil chun nuashonruithe a thabhairt ar chomhairle taistil dóibh siúd a bheidh ag glacadh síntiúis leis an bhfeidhmchlár.

2. An bunús dleathach:

Déantar foráil i gCoinbhinsiún Vienna ar Chaidrimh Chonsalachta 1963 don bhunús dlí atá ag an Stiúrthóireacht Consalachta chun sonraí pearsanta síntiúsóirí a phróiseáil.

3. Faighteoirí: 

Púca – soláthraí bogearraí tríú páirtí.

4. Aistrithe lasmuigh den AE: 

Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.

5. Tréimhse Choinneála:

Coinneofar na sonraí a thugann síntiúsóirí don Roinn fad is a bheidh síntiúsóir an fheidhmchláir ina shíntiúsóir.

Ní choinneofar iad ina dhiaidh sin.

6. Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:

Ní bhaineann le hábhar.

7. Cinnteoireacht Uathoibríoch: 

Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.

8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:

Ní fhaigheann TravelWise faisnéis ó Thríú Páirtithe.