Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí chun críche measúnú a dhéanamh ar theidlíocht do Certificat de Coutume/Nulla Osta do Phósadh thar lear agus eisiúint Teastas chuige sin

Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú

Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseálfar ar mhaithe le teidlíocht do Certificat de Coutume/Nulla Osta do Phósadh thar lear agus eisiúint Teastas chuige sin a mheasúnú

1. Cuspóir ar leith:

Is é is cuspóir leis ná measúnú a dhéanamh ar shaoirse an iarrthóra chun pósadh thar lear de réir dhlí na hÉireann agus Teastais a eisiúint chuige sin.

2. An bunús dleathach:

Tá an chumhacht ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Certificats de Coutume a eisiúint mar chuid de chumhacht ghinearálta chun seirbhísí consalacha a sholáthar agus táillí a ghearradh orthu de réir an Achta um Oifigigh Thaidhleoireachta agus Chonsalacha (Soláthar Seirbhísí), 1993, arna leasú, na Rialachán um Tháillí Taidhleoireachta agus Consalachta 2013 (I.R. 46/2013), agus an Achta Airí agus Rúnaithe, 1924.

3. Faighteoirí: 

Capita – soláthraí bogearraí tríú páirtí.

Ranna Rialtais eile chun sonraí a fhíorú nó calaois/coir a chosc.

4. Aistrithe lasmuigh den AE: 

Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.

5. Tréimhse Choinneála:

Ní choinneoidh an Roinn na sonraí a bhaileofar chun na críche seo ach amháin chomh fada is go bhfuil gá ó thaobh gnó de é sin a dhéanamh ag teacht leis an gcuspóir (na cuspóirí) dar bailíodh iad. Tar éis an ama sin marcálfar iad le scriosadh agus scriosfar iad de réir treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scriosadh a fuarthas ó Oifig Náisiúnta na gCartlann nó ceadanna gaolmhara a fuarthas uathu. Féadfar Cóipeanna de Theastais a eisíodh agus an bunús lenar eisíodh iad a choimeád.

6. Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:

Tá na sonraí a chuirtear ar fáil chun na críche seo á n-iarraidh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an teideal chun teastas a fháil a dheimhníonn saoirse le pósadh thar lear de réir dhlí na hÉireann dá bhforáiltear faoin Acht um Oifigigh Thaidhleoireachta agus Chonsalacha (Soláthar Seirbhísí), 1993 agus má roghnaíonn an custaiméir gan an fhaisnéis sin a sholáthar ní féidir dul ar aghaidh lena n-iarratas.

7. Cinnteoireacht Uathoibríoch: 

Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.

8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:

Ní fhaigheann na Seirbhísí Consalachta faisnéis ó Thríú Páirtithe.