Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra faoi Phríobháideacht Sonraí don Uainchlár Breathnóireachta Toghcháin

Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú

Baineann na sonraí seo a leanas go sonrach leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear don Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin.

1. Cuspóir sonraithe:

Próiseálfaidh an Deasc Breathnóireachta Toghcháin d'fhaisnéis chun na críocha seo a leanas:

  • Ritheann bunú Uainchlár Breathnóireachta Toghcháin nua ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2023. Mar a leagtar amach sa Leabhrán Eolais d'Oibrithe Breathnóireachta Toghcháin Deonacha:

Nuair a fhaightear d'fhoirm iarratais, cruthaímid taifead i d'ainm, ina bhfuil go leor den fhaisnéis phearsanta a chuir tú ar fáil. Ní úsáidtear an taifead pearsanta seo ach chun d'iarrthóireacht a phróiseáil. (lch 7 den Leabhrán Eolais d'Oibrithe Breathnóireachta Toghcháin Deonacha)

  • Feidhmiú an Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin a rithfidh ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2023 lena n-áirítear gairmeacha ar léirithe suime le bheith páirteach i Misin Bhreathnóireachta Toghcháin; measúnú agus roghnú iarrthóirí ó bhaill an Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin le bheith páirteach i Misin Bhreathnóireachta Toghcháin; faisnéis a chur ar fáil do na páirtithe eile, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE) agus an tAontas Eorpach (AE) go príomha, chun Breathnóirí Toghcháin a ainmniú agus a sheoladh;
  • Tuairisciú ar ghníomhaíochtaí an Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin lena n-áirítear na sonraí seo a leanas faoin Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin a fhoilsiú:
    • Ainmneacha na mball ar fad ar an Uainchlár reatha;
    • Sonraí faoi Mhisin Bhreathnóireachta Toghcháin a dtacaítear leo, lena n-áirítear:  Eagraíocht Misean Breathnóireachta Toghcháin (AE nó OSCE); an líon Breathnóirí a sheoltar ar gach misean; Ainmneacha na mBreathnóirí a sheoltar ar gach misean; costais iomlána a bhaineann leis an Misean agus an Breathnóir (seachas Árachas).

Baileoidh agus coinneoidh an Deasc Breathnóireachta Toghcháin na sonraí seo a leanas faoi bhaill an Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin:

  • Ainm, Dáta Breithe, Inscne, Seoladh, Uimhir nó Uimhreacha teagmhála theileafóin, seoladh nó seoltaí teagmhála ríomhphoist; iarratais ar Mhisin Bhreathnóireachta Toghcháin shonracha agus comhfhreagras lena mbaineann; Nochtaí ó Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus, nuair is infheidhmithe, Tuairiscí Póilíní; seoladh ar mhisin ar leith agus comhfhreagras lena mbaineann.

Anuas air sin, d'fhéadfaí an fhaisnéis seo a leanas a iarraidh má ainmnítear ball den Uainchlár Breathnóireachta Toghcháin le páirt a ghlacadh i Misean Breathnóireachta Toghcháin:

  • Ainm agus sonraí teagmhála do phointe teagmhála éigeandála; sonraí pas agus cóip scanta de phas; sonraí ábhartha eile do shocruithe taistil an bhreathnóra ar nós riachtanais aiste bia, grianghraf pas scanta, sonraí bainc, teastas imréitigh cánach, cineál fola; litir ó dhochtúir; eolas breise a d'iarrfadh an Misean Breathnóireachta Toghcháin.

Coinneofar na sonraí pearsanta go leictreonach agus mar chóip chrua agus próiseálfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála iad chun na críocha thuas.

Ba chóir a thabhairt faoi deara gur taifead poiblí atá i liosta ainmneacha na ndaoine atá ar an Uainchlár agus d'fhéadfaí é a chur ar fáil mar fhreagra ar iarratais ar fhaisnéis den chineál sin ón Oireachtas. Ar an gcaoi chéanna, is taifead poiblí freisin é liosta ainmneacha na ndaoine a ghlac páirt i misin bhreathnóireachta toghcháin agus an misean ábhartha.

2. Bunús dlíthiúil:

De ghnáth, bunaítear an bunús dlí i gcomhair sonraí pearsanta a phróiseáil ar an reachtaíocht ábhartha. Ceadaítear dúinn de réir an dlí faisnéis a phróiseáil chun ár scéimeanna agus ár gcroí-fheidhmeanna a riaradh. Anuas air sin, bronnann Bunreacht na hÉireann (airteagal 28(2)) agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe 1924 go 2017 cumhachtaí foriomlána ar an Rialtas sonraí a bhailiú agus a phróiseáil.

Riaraimid scéimeanna reachtúla agus scéimeanna riaracháin. Is í an reachtaíocht ábhartha do gach scéim reachtúil an bunús dlí do scéimeanna reachtúla. I gcás nach bhfuil aon bhunús dlí ann, iarrfaimid do thoiliú nuair a bhailítear an fhaisnéis.

Leagtar amach an bunús chun sonraí pearsanta iarrthóirí ar bhallraíocht ar an Uainchláir Breathnóireachta Toghcháin a choinneáil agus a phróiseáil sa Leabhrán d'Oibrithe Breathnóireachta Toghcháin Deonacha agus san fhoirm iarratais lena mbaineann. Féadfaidh iarrthóirí a dtoiliú a tharraingt siar ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig an Deasc Breathnóireachta Toghcháin.

3. Faighteoirí:

Gheobhaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sonraí pearsanta chun na críche sonraithe arna leagan amach in alt 1. Roinntear an fhaisnéis seo leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, Soláthraí Árachais, Cuideachta Bainistithe Taistil, AE agus OSCE d'fhonn Oibrithe Deonacha a ainmniú agus a sheoladh ar Mhisin Bhreathnóireachta Toghcháin.

4. Aistrithe taobh amuigh de AE:

Uaireanta, féadfaidh tríú páirtithe (AE, OSCE) sonraí a aistriú taobh amuigh de AE ar mhaithe le creidiúnú breathnóra agus imréiteach imirce.

5. Tréimhse Coinneála:

Ní choinneoidh an Roinn na sonraí a bhailítear ach chomh fada is a bhfuil gá leis sin a dhéanamh de réir an chuspóra/na gcuspóirí lenar bailíodh é arna leagan amach in alt 1.

6. Soláthar sonraí ina oibleagáid reachtúil nó conartha:

Níl sé infheidhmithe.

7. Cinnteoireacht Uathoibríoch:

Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.

8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:

Faigheann an Deasc Breathnóireachta Toghcháin faisnéis ón Aontas Eorpach agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE) i ndáil le haiseolas ar bhreathnóirí. Cuireann an OSCE measúnú ar fáil ar bhreathnóirí fadtéarma, lena n-áirítear ainm na mbreathnóirí, náisiúntacht, inscne, sonraí seolta, agus athbhreithniú ar fheidhmíocht agus iompar an bhreathnóra. Cuireann an tAontas Eorpach measúnú ar fáil ar bhreathnóir trí bhunachar sonraí Breathnóireachta Toghcháin an Aontais.