Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fíordheimhniú – Nós Imeachta Achomhairc

Má dhéantar cinneadh gan cáipéis a fhíordheimhniú/séala apastaile a chur ar cháipéis ag ár gcuntair phoiblí i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, is féidir a iarraidh go dtabharfaidh an maoirseoir atá ar dhualgas faoi athbhreithniú láithreach bonn ar an gcinneadh.

Má tá an duine míshásta go fóill leis an gcinneadh, féadtar achomharc a dhéanamh i scríbhinn, anuas ar chóip iomlán den cháipéis a sheoladh chuig: An tOifigeach Achomhairc Fíordheimhnithe, an Rannán Consalachta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Teach Uíbh Eachach, 80 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 VY53.

Mar rogha air sin, féadfaidh an duine ríomhphost a sheoladh chuig an Oifigeach Achomhairc go díreach: authenticationappealsdublin[at]dfa[dot]ie

Ár nGealltanais