Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Dara Murphy, TD

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, um Mhargadh Digiteach Aonair an AE agus Cosaint Sonraí

Minister of State for European Affairs, EU Digital Single Market and Data Protection, Dara Murphy T.D.

Is é Dara Murphy T.D. an tAire Stáit um Ghnóthaí Eachtracha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus i Roinn an Taoisigh. Lena chois sin, is é an tAire Stáit um Mhargadh Digiteach Aonair an AE agus Cosaint Sonraí é i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Athcheapadh sa ról sin é i mBealtaine na bliana 2016, tar éis dó a bheith ina Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint Sonraí ó mhí Iúil 2014.

Toghadh chun na Dála ar dtús é i mí Feabhra 2011 mar Theachta Dála Fhine Gael do Chorcaigh Thuaidh-Lár, agus atoghadh é i mí Feabhra 2016. In 2015, toghadh ina Leas-Uachtarán ar Pháirtí an Phobail Eorpaigh é, páirtí cleamhnaithe Fhine Gael san Eoraip agus an grúpa polaitíochta is mó san Eoraip.

Le linn an 31ú Dáil, bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais ar Ghnóthaí Aontais Eorpaigh agus ina bhall den Chomhchoiste ar Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú. Lena chois sin, bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Fhine Gael um Ghnóthaí Eorpacha, Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Ba é Ard-Mhéara Chorcaí é ó 2009 go 2010. Rinneadh ionadaí poiblí de chuid Fhine Gael de i Meitheamh 2004 nuair a toghadh é mar bhall de Chomhairle Chontae Chorcaí, áit ar thug sé seirbhís go dtí 2011. Le linn a chuid ama i gComhairle Chontae Chorcaí, bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Póilíneachta Chorcaí agus ina bhall de Choiste na nDuganna, Corcaigh. Cheap an t-iar-Thaoiseach, John Bruton, chun na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta é don tréimhse 1995 go dtí 1998.

Tá cúlra gnó ag Dara agus é féinfhostaithe le 20 bliain. Bhain sé céim amach san Eacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá tuiscint mhaith aige ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis. Tá sé ina chónaí lena bhean Tanya i gCorcaigh. Tá triúr iníonacha acu, Isobel, Sophie agus Nicole.