Eamon Gilmore, TD
Is é an Tánaiste Eamon Gilmore an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.
Cúlra gairme
2011 | Eamon Gilmore ina Thánaiste agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála |
2007 | Ina Cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre |
2005-2007 | Comhalta de Chomhthionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa |
2002-2007 | Urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre ar an gComhshaol, Tithíocht agus Rialtas |
1994-1997 | Aire Stáit i Roinn na Mara |
1989 | Tofa den chéad uair chuig Dáil Éireann i dtoghcheantar Dhún Laoghaire. Tofa chuig an Dáil i ngach olltoghchán ó shin i leith. |
Tuilleadh eolais faoin Tánaiste
- Ar an gceannaire tofa is óige in Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 1976 nuair a bhí sé ina Uachtarán agus gan é ach 20 bliain d'aois
- Ag obair ar an traein síochánta, tionscnamh chun cuidiú le saoirse sibhialta agus chun comhréiteach síochánta a fháil ar an achrann i dTuaisceart Éireann
- Chuidigh sé chun máirseálacha cánach a eagrú sna 1970idí
- Straitéisí tábhachtach i bhfeachtas thoghchán na huachtaránachta don Iar-Uachtarán Mary Robinson maidir le hÉire nua-aimseartha, libearálach agus caoinfhulangach
- Tofa chuig Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath in 1985
Oideachas
- Scoil Náisiúnta na Cealtraí, An Chealtrach, Co. na Gaillimhe
- Coláiste Naomh Seosamh, An Garbhaile, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe
- Céim sa tSíceolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, OÉ, Gaillimh mar atá anois