Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Turais threoraithe ar Theach Uíbh Eachach

Tá áthas ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha a fhógairt go mbeidh Teach Uíbh Eachach ar oscailt don phobal i gcomhair turais threoraithe le linn na Seachtaine Oidhreachta, na hOíche Cultúir agus Lá Oscailte Bhaile Átha Cliath arís i mbliana. Cuirfidh daoine den phobal eolas ar stair fhíor-spéisiúil an fhoirgnimh, agus feicfidh siad cuid de na seomraí is áille ann, lena n-áirítear an bálseomra ó ré Victeoiria agus an staighre maorga a mheastar atá ar cheann de na dearaí intí is suntasaí in Éirinn ón 19ú haois.

Faoi Theach Uíbh Eachach

I gcathair a bhfuil an iomaí sampla den ailtireacht bhreá i bhfolach inti, tá Teach Uíbh Eachach, ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha ag 79-80 Faiche Stiabhna, ar cheann de na tithe stairiúla is mealltaí agus is tábhachtaí.

Iveagh House Ballroom

Ba é an t-ailtire Richard Cassels a thóg an teach ar dtús sa bhliain 1736 don Easpag Robert Clayton, easpag Protastúnach Éireannach. Tar éis bhás an Easpaig Clayton, tugadh 'Teach Mountcashel' air ar feadh daichead bliain, agus ba ansin a bhí cónaí ar an gcéad agus an dara hIarla Mhoin Caisil. Ar feadh tréimhse ghearr, bhí Teach Uíbh Eachach faoi úinéireacht ag an Onórach John Philpot Curran, parlaiminteoir agus abhcóide, a raibh iníon leis, Sarah, geallta le Roibeard Emmet, tráth a raibh seisean i gceannas ar éirí amach na bliana 1803.

In 1856, b’iontach an margadh a rinne Benjamin Lee Guinness, garmhac le Arthur Guinness, nuair a cheannaigh sé an teach ar £2,500. Chuir trí ghlúin de theaghlach Guinness fúthu ann agus iad i mBaile Átha Cliath agus ba ghearr go raibh an cháil ar an teach arís gurbh ann a bhíodh siamsaíocht den scoth. Is faoi úinéireacht mhuintir Guinness a tháinig Teach Uíbh Eachach mar atá aithne againn air anois ar an bhfód: cheannaigh siad an teach béal dorais agus leagadh é ionas go bhféadfaí síneadh a chur leis an teach cathrach bunaidh. Tá dearadh Richard Cassels fós le sonrú sna príomhghnéithe intí, ach tá an teach bunaidh timpeallaithe agus folaithe anois ag aon aghaidh amháin ón 19ú haois, arbh é Guinness féin a dhear í, agus tá roinnt seomraí Seoirseacha curtha leis.

Rinneadh babhta eile athruithe faoi stiúir an ailtire J. F. Fuller idir 1880 agus 1884, agus ba sa tréimhse sin a cuireadh leis an staighre iontach atá ann anois a bhfuil aisfhilleadh dúbailte ann. Ba é William Young, ailtire a rugadh i nGlaschú, a thóg an Bálseomra in 1896, agus meastar go bhfuil sé ar cheann de na samplaí is fearr sa tír den ailtireacht chlasaiceach ó dheireadh ré Victeoiria.

I ndeireadh na 1930í, thairg Rupert Edward Cecil Guinness, dara hIarla Uíbh Eachach, an teach agus na gairdíní do Náisiún na hÉireann. Glacadh go foirmiúil leis an tairiscint sin i mí na Bealtaine 1939 agus cuireadh a raibh sa teach ar díol ní ba dhéanaí an bhliain sin. Thug an Rialtas Teach Uíbh Eachach mar ainm foirmiúil ar an teach, agus roghnaíodh é mar cheanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha (an Roinn Gnóthaí Eachtracha mar a thugtar anois uirthi). Ag tógáil ar a thraidisiún seanbhunaithe aíochta, cuirtear ócáidí tábhachtacha fáiltithe ar bun go fóill i dTeach Uíbh Eachach tráth a dtagann maithe agus uaisle agus Ceannairí Stáit ar cuairt.

Iveagh House Staircase