Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte curtha ag an Aire Sherlock roimh ardú ar onnmhairí

Chuir an tAire Stáit um Fhorbairt, Tionscnamh Trádála agus Chomhar Thuaidh Theas, an tUasal Séan Sherlock, TD, fáilte inniu roimh na figiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, a léiríonn gur bhain onnmhairí earraí luach €8.8 billiún amach i mí Bealtaine 2015, ardú 8% ar mhí Bealtaine 2014. 
 
Sa chéad chúig mhí de 2015, bhain onnmhairí earraí luach €44 billiún amach; ardú 18% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2014. 
 
Dúirt an tAire Sherlock said:
 
“I mo ról mar Aire Stáit le freagracht as tionscnamh trádála, tá áthas orm a bheith ábalta cur go gníomhach le feidhmíocht onnmhairí na hÉireann agus cuirim fáilte roimh fhigiúirí trádála an lae inniu.
 
“Le míonna beaga anuas, bhí mé i gceannas mar Aire ar roinnt misean agus ócáid trádála le Fiontraíocht Éireann, ina measc dhá cheann chuig an Ríocht Aontaithe, misean a dhírigh ar eitlíocht go Páras agus cuairt ar an Eastóin chun staidéar a dhéanamh ar an margadh ansin.  Le linn na misean sin, bhí deis agam an sár-obair atá á déanamh ag na gníomhaireachtaí Stáit agus ag líonra ár nAmbasáidí, chun Éire a chur chun cinn sna réimsí trádála, turasóireachta, infheistíochta agus oideachais, a fheiceáil mé féin.”
 
21 Iúil 2015
 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tá tuilleadh mionsonraí faoi ról trádála na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le fáil anseo: https://www.dfa.ie/our-role-policies/trade-and-promotion/our-trade-role/