Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An gá do mo leanbh a phas féin nó a pas féin a bheith aige nó aici?

Molaimid duit pas aonair a fháil do do leanbh.

Ní chuirimid leanaí ar áireamh ar phasanna a dtuismitheoirí a thuilleadh. Is é atá beartaithe leis sin go mbeidh taisteal idirnáisiúnta níos sábháilte do leanaí agus go laghdófar an baol go ndéanfar leanaí a fhuadach nó go ndéanfar gáinneáil orthu.

Tá mo leanbh ar áireamh ar mo phas reatha

Má tá do leanbh ar áireamh ar do phas reatha, tig leo taisteal fós chuig roinnt tíortha go dtí an breithlá ar a mbeidh siad 16 bliana d’aois, a fhad atá tusa ina dteannta agus go bhfuil do phas bailí.  

Tá an líon eisceachtaí a bhaineann leis sin ag méadú, áfach, lena n-áirítear:

Seiceáil roimh thaisteal

Má tá do leanbh ar áireamh ar do phas Éireannach, molaimid duit seiceáil le hAmbasáid na tíre chuig a bhfuil tú ag taisteal lena chinntiú go mbeidh cead agaibh dul isteach sa tír.