Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ceisteanna Coitianta Ginearálta faoin bPas

1. C. Cad iad na seirbhísí a chuireann sibh ar fáil chun pas a fháil agus cén ceann ba cheart dom a roghnú?

F. Má tá tú os cionn 18, má tá Pas Éireannach i do sheilbh agat i láthair na huaire agus mura bhfuil tú ag athrú d'ainm, d'fhéadfá a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar do phas ar líne. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas iarratais ar líne ar fáil anseo. Mura bhfuil tú incháilithe le hiarratas a chur ar aghaidh ar líne, nó mura mian leat déanamh amhlaidh, comhlánaigh foirm iarratais le do thoil agus cuir ar aghaidh na doiciméid riachtanacha go léir.

  • Má tá tú ag taisteal ar feadh níos mó ná 15 lá oibre is é an bealach is éasca agus is costas-éifeachtaí chun iarratas a dhéanamh ar phas ná úsáid a bhaint as Seirbhís na bPasanna Luais. Tá an tseirbhís seo ar fáil i bhformhór Oifigí Poist agus i 70 oifig phoist i dTuaisceart Éireann.
  • Má tá tú ag taisteal ar feadh tréimhse 15 lá oibre nó níos lú, ní mór duit coinne a dhéanamh anseo chun freastal ar oifig na bpasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Murar féidir leat féin a bheith i láthair, féadfaidh tú duine eile a ainmniú le bheith i láthair ar do shon. Ní mór a thabhairt ar aird go bhfuil líon na gcoinní teoranta agus go sanntar ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce” iad.
  • Nuair atá pas ag teastáil taobh istigh de thrí seachtaine, ní mór cruthúnas taistil a chur ar aghaidh leis an iarratas ag am na coinne.
  • I gcás iarratas céaduaire do dhaoine fásta agus iarratas ina gcaithfear saoránacht a chruthú (m.sh. pas caillte nó goidte) teastaíonn níos mó ama chun an t-iarratas a phróiseáil. Tá sé tábhacht, dá réir, na hiarratais sin a chur ar aghaidh sé seachtaine ar a laghad roimh ré.

2. C. An féidir liom mo phas a fháil roimh an spriocdháta eisithe?

F. Ní dócha go mbeidh fáil ar phas roimh an spriocdháta eisithe.

3. C. Rinne mé iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais. An féidir liom mo Phas a bhailiú in oifig Shráid an Mhóta/Bhaile Brigín/Chorcaí?

F. Is seirbhís poist agus sin amháin í Seirbhís na bPasanna Luais. Tabharfaimid aird ar d'iarratas ach níl aon rathaíocht ann go n-éascófar bailiú do phas. (Tabhair ar aird le do thoil nach oifig phoiblí í Oifig Bhaile Brigín agus nach ar an láthair seo a bhíonn sí ar fáil de ghnáth).

4. C. Táim ag déanamh rianú ar m'iarratas agus tá an spriocdháta eisithe imithe thart. Cad is féidir liom a dhéanamh?

F. Fuair Seirbhís na bPasanna líon ard iarratas le déanaí. Bíonn tionchar ag éileamh séasúrach ar amanna slánúcháin. Tá d'iarratas sa scuaine lena phróiseáil. Lean ar aghaidh ag rianú ar líne. Déanaimid an-iarracht iarratais a phróiseáil laistigh de 15 lá oibre mar atá luaite ar láithreán gréasáin Sheirbhís na bPasanna.

5. C. Chaill mé m'uimhir iarratais/rianaithe. An féidir leat í a aimsiú dom?

F. Má thugann tú d'ainm faoi mar atá sé ar do phas, do dháta breithe, sloinne do mháthar, do sheoladh agus d'uimhir PPS dom, déanfaidh mé iarracht d'iarratas a aimsiú sa chóras.

6. C. Teastaíonn m'uimhir pas uaim chun eitiltí a chur in áirithe. An féidir leat í a thabhairt dom?

F. Ní ghintear an uimhir pas ach amháin sna céimeanna deiridh den phróiseas táirgthe. Níl aon rochtain ag comhaltaí foirne Sheirbhís na bPasanna uirthi.

7. C. An féidir liom tuilleadh a íoc chun an próiseas a bhrostú?

F. Ní féidir táille bhreise a íoc chun an próiseas a bhrostú?

8. C. Teastaíonn mo phas uaim roimh an spriocdháta eisithe measta. An féidir é a eisiúint níos tapúla?

F. Ní féidir tús áite a thabhairt d'iarratais ach amháin sa chás gur gá do dhuine taisteal go práinneach, i ndáiríre, de bharr duine de theaghlach an duine sin a bheith ag fáil bháis, a bheith tinn nó gá a bheith ann teacht i gcabhair air. Seol do chuid sonraí ar fad, lena n-áirítear d'uimhir rianaithe, cruthúnas infhíoraithe ar éigeandáil agus sonraí taistil.

9. C. An féidir leat iarratas mo charad/iarratas ball de mo theaghlach a sheiceáil dom?

F. Má tá an t-iarratasóir os cionn 18 mbliana, ní féidir linn an t-iarratas seo a phlé le tríú páirtí ar chúiseanna a bhaineann le cosaint sonraí. Ní féidir linn iarratais a phlé ach amháin leis an iarratasóir.

10. C. Tá iarratas déanta agam trí Sheirbhís na bPasanna Luais. An féidir liom m'iarratas a chur ar ceal agus iarratas a dhéanamh ag an gcuntar.

F. Más mian leat an t-iarratas a chur ar ceal, ní mór duit litir i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig Cúram Custaiméirí, Seirbhís na bPasanna, 42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, nó trí ríomhphost. Nuair a bheidh sé cláraithe, caithfidh d'iarratas dul tríd an bpróiseas go léir agus ní dhéanfar é a chur ar ceal go dtí go sroicheann sé a spriocdháta eisithe. Tabharfar do chuid doiciméad ar ais duit agus próiseálfar aisíocaíocht in am trátha. Nuair a bheidh an t-iarratas ar ceal agus na doiciméid ó d'iarratas tugtha ar ais duit, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh an athuair ag an gcuntar poiblí.

11. C. Chuir mé m'iarratas ar aghaidh bunaithe ar bhur amanna slánúcháin ach titeann mo spriocdháta eisithe i ndiaidh an dáta a bhfuil sé i gceist agam taisteal. An féidir m'iarratas a bhrostú?

F. Níl sna hamanna slánúcháin ach treoir agus tiocfaidh athrú orthu ag brath ar an éileamh séasúrach agus ar chúinsí eile. Is é an dáta a thugann an rianaire an meastachán is cruinne maidir le cathain a eiseofar do phas.

12. C. Cathain a bheidh mo phas réidh? An bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hamanna slánúcháin?

F. Tá na gnáthamanna slánúcháin ar fáil ar an láithreán gréasáin. Níl iontu sin ach treoir agus má tá d'iarratas curtha ar aghaidh agat cheana féin, féadfaidh tú é a rianú chun meastachán cruinn a fháil maidir le cathain a eiseofar do phas.

13. C. An féidir liom m'iarratas a dhéanamh ag an gcuntar poiblí in Oifig na bPasanna?

F. Má theastaíonn uait freastal ar an gcuntar poiblí chun d'iarratas a dhéanamh, ní mór duit coinne a dhéanamh.

14. C. Níl m'iarratas le feiceáil ar an rianaire. An dtarlaíonn sé sin de ghnáth?

F. I roinnt cásanna, d'fhéadfadh go mbeadh idir chúig agus deich lá i gceist sula mbeidh d'iarratas le feiceáil ar an rianaire.

15. C. Níor nuashonraíodh an rianaire le déanaí. Níl aon athrú ar mo spriocdháta eisithe. An bhfuil fadhb leis?

F. Ní thiocfaidh athrú ar do spriocdháta eisithe. Beidh eolas maidir leis an iarratas le feiceáil faoin mbarra dul chun cinn, áfach. Má bhíonn fadhb le d'iarratas, déanfaimid teagmháil leat.

16. C. Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an dara pas chun críocha gnó?

F. Más ag taisteal pearsanta nó gnó laistigh den AE/LEE nó den Eilvéis den chuid is mó a bheidh tú, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chárta pas le gabháil le do leabhrán pas, rud a chiallaíonn i ndáiríre go mbeidh an dara pas agat le bheith ag taisteal laistigh den Eoraip fad a bheidh do leabhar pas coinnithe ag ambasáid eachtrach le haghaidh iarratas ar víosa.

Má bhíonn tú ag taisteal ar ghnó lasmuigh den AE go rialta, d'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar an dara leabhar pas gnó. Ní mór duit cruthúnas substaintiúil ar an ngá atá leis an dara pas a chur ar fáil. Nuair atá iarratas á dhéanamh agat, ní mór duit na doiciméid chéanna is gá chun iarratas a dhéanamh ar phas caighdeánach a chur ar fáil, chomh maith le litir ar pháipéar ceannteidil ó cheann do chuideachta nó ó do Roinn Acmhainní Daonna ag cur síos ar na cúiseanna a dteastaíonn an dara pas gnó uait. Ba chóir go mbeadh do phost agus fad seirbhíse leis an gcuideachta sa litir, mar aon le liosta mionsonraithe den taisteal gnó atá beartaithe don bhliain amach romhainn. Ba chóir go mbeadh deimhniú clárúcháin cuideachta mar thaca leis an litir chomh maith.

Tabhair ar aird nach bhfuil athnuachan pas gnó uathoibríoch. Déanann an t-oifigeach pas athbhreithniú ar gach iarratas ar phasanna gnó agus ní mór breis ama a cheadú chun iarratas den sórt sin a phróiseáil.

17. C. Cad a dhéanaim má tá mo phas caillte/goidte/damáistithe? Cé leis ar chóir dom teagmháil a dhéanamh?

F. Ar chaill tú do phas in Éirinn nó an bhfuil tú thar lear?

In Éirinn: Ar an gcéad dul síos, tuairiscigh caillteanas nó goid do phas ag stáisiún áitiúil an Gharda Síochána. Ansin déan iarratas ar phas nua agus cinntigh go gcomhlánaíonn tú Cuid 6 den fhoirm iarratais. Mínigh conas a cailleadh/a goideadh an pas a bhí agat roimhe seo nó conas a rinneadh damáiste dó. Bíodh Cuid 6 fianaithe agus stampáilte ag Garda.

Thar Lear: Ar an gcéad dul síos, tuairiscigh caillteanas nó goid do phas do na póilíní áitiúla agus iarr tuairisc póilíní, más féidir. (Nóta: Ní chuirfidh roinnt dlínsí tuairiscí póilíní ar fáil - beidh Ambasáid / Consalacht áitiúil na hÉireann in ann comhairle a chur ort). Ansin déan iarratas ar phas nua, lena n-áirítear do thuairisc póilíní, chuig an Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit, agus cinntigh go bhfuil Cuid 6 den fhoirm iarratais a thugann míniú ar conas a cailleadh/a goideadh an pas a bhí agat roimhe seo nó conas a rinneadh damáiste dó. Bíodh Cuid 6 fianaithe agus stampáilte ag póilíní áitiúla nó ag d'fhinné.

Féach liosta Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann thar lear.

Sa chás go gcailltear dhá phas nó níos mó, d'fhéadfaí nach bhfaighfeá pas 10 mbliana iomlán. Ina ionad sin, gheofá pas bailí iomlán nach bheadh bailí ach ar feadh idir 1 agus 10 mbliana, ag brath ar cé mhéad pas atá caillte agat/goidte uait le deich mbliana anuas.

Chomh maith leis sin, seans go dtógfaidh sé beagán níos faide d'iarratas a phróiseáil.

Ná déan iarracht, in imthosca ar bith, taisteal ar phas atá tuairiscithe mar caillte nó goidte. Má aimsíonn tú an pas seo agus iarracht a dhéanamh taisteal leis, déanfar pasanna den sórt sin a choigistiú ag údaráis inimirce, agus d'fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú duit agus tú thar lear.

Ní féidir aon iarratas a dhéantar chuig seirbhís na bpasanna chun pas a fháil in ionad ceann atá caillte nó goidte a chur ar ceal sa chás go n-aimsítear an pas caillte nó goidte ina dhiaidh sin.

18. C. Cad iad na doiciméid a chaithfidh mé a chur isteach le m'iarratas?

F. Tá gach riachtanas doiciméadach ar fáil ar ár láithreán gréasáin.

19. C. Tá fadhb le m'iarratas? An féidir liom bualadh isteach chuig an oifig chun é a phlé?

F. Má bhíonn fadhb le d'iarratas, rachaimid i dteagmháil leat. Is trí choinne agus sin amháin a fheidhmíonn an cuntar poiblí.

20. C. Is gá dom taisteal go práinneach. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar phas éigeandála?

A. Ceadaítear leis an tseirbhís mhear-athnuachana pas a eisiúint ar an lá céanna más féidir leat cruthúnas taistil a thabhairt taobh istigh de thréimhse nach mó ná 3 lá. Ní féidir le hiarratasóirí céaduaire leas a bhaint as an tseirbhís seo. Más rud é go bhfuil níos mó na pas amháin caillte agat ní féidir leat leas a bhaint as an tseirbhís seo. Lasmuigh den tseirbhís mhear-athnuachana, eisítear pasanna éigeandála i bhfíor-chásanna éigeandála, amhail duine muinteartha leat a bheith ag fáil bháis thar lear nó cóir leighis phráinneach. Beidh cruthúnas doiciméadach ar an éigeandáil seo ag teastáil uainn chomh maith.