DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Airgintín, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

an Airgintín

Má tá tú ag taisteal chun na hAirgintíne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na hAirgintíne

Tá teorainneacha na hAirgintíne ar oscailt do gach taistealaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear saoránaigh Éireannacha, faoi láthair, fad is a chloíonn siad leis na riachtanais iontrála agus sláinte reatha.

Caithfidh daoine neamhchónaitheacha a thagann isteach ráiteas leictreonach faoi mhionn a líonadh laistigh de 48 uair an chloig sula dtaistealaíonn siad chun na tíre, agus cruthúnas ar árachais a chlúdóidh aon chostas a bhaineann le COVID-19 a thaispeáint.

Níl aon riachtanais vacsaínithe nó tástála i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh taistealaithe a bhíonn ag dul isteach san Airgintín. Moltar dóibh siúd nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán triail dhiagnóiseach a dhéanamh laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh dóibh teacht isteach sa tír. 

Tá tuilleadh eolais maidir le riachtanais iontrála/fágála, tástáil, riachtanais vacsaínithe agus árachas sláinte ar fáil anseo. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh athrú teacht ar na bearta seo faoi ghearrfhógra, agus ba cheart féachaint orthu go díreach sna laethanta sula dtaistealaíonn tú go hidirnáisiúnta. 

COVID-19 

Tá an Airgintín i stad ina bhfuil scaradh sóisialta éigeantach i bhfeidhm. Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil a bheith éagsúil. Tá forbairt ag teacht ar an gcás ar bhonn leanúnach agus ba cheart duit seiceáil leis na húdaráis áitiúla maidir leis na bearta a tugadh isteach san áit ina bhfuil tusa.

Glac nóta den suíomh gréasáinseo a leanas le haghaidh eolas úsáideach maidir le bearta ar leith atá i bhfeidhm i bPríomhchathair Chónaidhme Buenos Aires. Tá tuilleadh eolais maidir le bearta náisiúnta, lena n-áirítear cúige Buenos Aires (a chuimsíonn cuid mhaith de bhruachbhailte na cathrach), ar fáil ar shuíomh gréasáin na hAireachta Sláinte.

Tá cead gluaiseacht idir dlínsí, fad is a bhíonn riachtanais an dlínse/chúige áirithe ar mhaith leat taisteal chuige á gcomhlíonadh agat. Féadfaidh toradh diúltach ar thástáil PCR COVID-19, iarratas a dhéanamh ar chead dul i mbun cúrsaíochta nó cead ar chúiseanna turasóireachta a bheith i gceist leis na riachtanais seo. Caithfidh tú na riachtanais atá i bhfeidhm a sheiceáil sula dtaistealaíonn tú.

Cuimhnigh le do thoil go bhféadfaí bearta a chur i bhfeidhm faoi ghearrfhógra agus go bhféadfaidís athrú go mear.  Moltar duit coimeád ar an eolas maidir le bearta atá á nglacadh ag na húdaráis sna ceantair ina bhfuil tú ag taisteal. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh le d’aerlíne nó le do thionscnóir turais agus comhairle Aireacht Sláinte na hAirgintíne a leanúint.

Má tá tú san Airgintín ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Molaimid go bhfoghlaimeofá dá mhéid agus gur féidir leat faoin Airgintín ó do ghníomhaire taistil, do thionscnóir turais agus ó threoirleabhair sula dtaistealaíonn tú. 

Chun éigeandáil a thuairisciú, déan teagmháil leis na póilíní, leis an otharcharr, nó leis an roinn dóiteáin trí ghlaoch ar 911 ó aon ghuthán seachas i gcúigí Cordoba, Mendoza, Iguazu, Tucuman, agus Tierra del Fuego, is gá glaoch ar 101 le haghaidh seirbhísí éigeandála sna háiteanna sin.

Má bhíonn tú i gCathair Buenos Aires, is féidir le Póilíní na dTurasóirí (Comisaría del Turista) cabhrú leat le daoine atá ar iarradh, nithe caillte agus íospartaigh gadaíochta. Tá an tseirbhís seo ar fáil i mBéarla agus is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:  Av. Corrientes 436. Guth. +54 9 11 5050 3293 / 9260 (Tá an dá líne ar fáil 24/7 & trí Whatsapp chomh maith)

Má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle uait, is féidir leat dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉireann. Tuilleadh eolais ar fail ar tháb sonraí teagmhála na hAmbasáide.

 

     

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tá cúrsaí polaitíochta sách cobhsaí san Airgintín ach briseann corraíl shóisialta amach anois is arís. D’fhéadfá grúpaí léirseoirí (piqueteros) a fheiceáil agus iad ag blocáil na bpríomhbhóithre isteach is amach as an bpríomhchathair, ag cruthú moilleanna agus athrú slí, seans.

Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú timpeall ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turais. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí mar uaireanta bíonn trioblóid acu. 

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht san Airgintín, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Airgintín ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach sa stáisiún bus Retiro i mBuenos Aires, ar an gcóras iompair faoi thalamh i mBuenos Aires agus i gcathair Mendoza áit a ndéantar go leor goidte málaí agus peasghadaíochta. 

Camscéim choitianta i mBuenos Aires ná go ndoirteann gadaí amháin anlann ort agus go dtagann gadaí eile i gcabhair ort chun do chuid éadaí a ghlanadh mar dhea, ach chun do chuid stuif a ghoid uait i ndáiríre.

Tuairiscíodh coireanna níos foréigní sa cheantar thart ar San Telmo agus La Boca i mBuenos Aires agus níor chóir duit nithe luachmhara a bheith ar iompar agat sna háiteanna sin.

Nótaí bainc bréige

Tá méideanna móra nótaí bainc bréige ag dul thart san Airgintín. Féach láithreán gréasáin Banc Ceannais na hAirgintíne leis an tslí le nóta bainc bréige a aithint a fháil amach.

Uaireanta cuireann tiománaithe tacsaí, go háirithe iad sin a oibríonn ón aerfort, i leith custaiméirí gur úsáid sin airgead bréige, agus nóta bréige a bhí acu féin cheana a thabhairt ar ais dóibh.   Bí thar a bheith cúramach is tú ag íoc tiománaithe agus tabhair sraithuimhir na nótaí bainc ar aird sula dtabharfaidh tú chuig an tiománaí iad.

Má bhíonn tú ag stopadh tacsaí ar an tsráid, bí cinnte gan ach tacsaí raidió a stopadh - bíonn lógó ar an doras paisinéara cúil acu agus is minic a bhíonn solas nó comhartha ar an díon.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Airgintín, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBuenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san Airgintín, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Bíonn caighdeáin sábháilteachta bóithre an-éagsúil ar fud na tíre, mar a bhíonn an meas a léirítear ar luastheorainneacha agus comharthaí tráchta agus déanann tiománaithe rudaí nach mbeifeá ag súil leo uaireanta.

Tá coiriúlacht in aghaidh úsáideoirí carranna ag méadú - go háirithe agus iad stoptha ag soilse tráchta - agus moltar duit na fuinneoga a choimeád dúnta agus na doirse a choimeád faoi ghlas i gcónaí, go háirithe má bhíonn tú ag tiomáint sa chathair.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAirgintíne, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

     

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

An Aeráid

Tá aeráid mheasartha san Airgintín tríd is tríd ach de bharr gur tír mhór í bíonn éagsúlachtaí ann sna réigiúin. Is féidir a bheith ag súil le teas mór sa tuaisceart, aeráid deas sna pampas i lár tíre agus fuacht fo-Antartach i réigiúin Patagonia. 

Eanáir an mhí is teo agus Meitheamh agus Iúil na míonna is fuaire ar fud na tíre.  16°C an meán-teocht bhliantúil i mBuenos Aires agus 23°C an meán-teocht i gceantar Chaco sa tuaisceart.

Crith talún

Tá an Airgintín i gcrios gníomhach ó thaobh creathanna talún agus tharla siad ó am go chéile in áiteanna ar feadh na teorann leis an tSile. Má tá tú ag taisteal chun na hAirgintíne nó ag dul ag cónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat cad le déanamh i gcás creatha talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hAirgintíne, lena n-áirítear maidir le víosaí agus cúrsaí inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid na hAirgintíne.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hAirgintíne.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside office hours, for genuine emergencies involving Irish citizens, which cannot wait until the next working day, please call +54 9 11 5945 7483.

You may also wish to contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs and Trade in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Edificio Bluesky
6th Floor
Avenida del Libertador 1068
Recoleta
Buenos Aires
Argentina

Tel: +54 11 4808 5700
Fax: +54 11 5787 0802

Monday to Friday 9am to 1pm

Contact us