DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhulgáir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhulgáir

Má tá tú ag taisteal chun na Bulgáire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Bulgáire

Chuir an Bhulgáir deireadh le gach srian taistil COVID-19 maidir le teacht isteach na tíre. Ní gá do phaisinéirí, beag beann ar as cén tír a tháinig siad, cáipéisí atá bainteach le COVID-19 a thaispeáint (i.e. Teastais Vacsaínithe, Teastais Téarnaimh, nó torthaí tástála PCR/Antaigine COVID-19) ar theacht isteach.

Ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar dhul go dtí an Bhulgáir an t-eolas is déanaí ó na húdaráis áitiúla a sheiceáil anseo agus anseo. Seiceáil an t-eolas seo go rialta, mar d’fhéadfadh sé a athrú go minic. Tabhair do d’aire gur féidir leis na haerlínte a mbearta agus a srianta COVID-19 féin a bheith i bhfeidhm. Ba cheart do phaisinéirí dul i gcomhairle lena n-aerlínte chun tuilleadh eolais a fháil.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le hAmbasáid na Bulgáire i mBaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh comhairle agus eolais maidir le COVID‑19 le fáil ar na naisc seo a leanas:

Aerfort Sóifia

Aerfort Burgas

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag an bhagairt sceimhlitheoireachta sa Bhulgáir, tá baol domhanda ann fós go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne sibhialtaigh, lena n-áirítear áiteanna a mbíonn tarraingt ag turasóirí agus easaoránaigh orthu.

Agóidí

Molaimid go láidir go seachnaíonn tú agóidí agus nach nglacfar grianghraif. Coimeád cothrom le dáta le tuairiscí na meán áitiúil agus lean comhairle na n-údarás áitiúil.

Coireacht

Bíonn leibhéal coireachta íseal sa Bhulgáir. Is rudaí coitianta iad peasghadaíocht agus mionchoireacht i limistéir turasóireachta, áfach, go háirithe timpeall ionaid saoire chósta na Mara Duibhe, agus moil iompair, ar nós aerfoirt agus críochfoirt bus.

Tabhair aire maidir le giuirléidí pearsanta, go háirithe ar iompar poiblí, agus timpeall áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu, chomh maith le margaí agus mealanna siopadóireachta. Ná siúil thart timpeall le do sparán nó do phas i bpóca cúil do chuid géine. Ná coimeád d’earraí luachmhara i mála/púitse arbh fhéidir le duine éigin eile a oscailt i ngan a fhios duit. Coimeád d’earraí luachmhara i dtaisce in áit shlán, amhail taisceadán óstáin. Bí aireach faoi chamscéimeanna a d’fhéadfaí tarlú. Má thagann duine éigin i do threo in áit ghnóthach, d’fhéadfaí gur iarracht é seo ó dhuine éigin d’aird a bhaint agus iad do do robáil.

Más mian leat coireacht a thuairisciú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na póilíní ar 112.

Tacsaithe

Is bealach bailí agus éifeachtach iad tacsaithe de ghnáth ó thaobh costais de chun taisteal thart timpeall. Bíonn tiománaithe tacsaí ar leith ann a ghearrann praghas ró-ard, áfach, go háirithe ag aerfoirt, stáisiúin traenach agus bus agus ó lasmuigh d’óstáin. Bain úsáid as tacsaí a mholtar trí do sholáthraí lóistín nó an té a d’eagraigh do thuras, chun é sin a sheachaint. Seiceáil go dtaispeántar rátaí in aghaidh an chiliméadair agus costais eile go soiléir ar ghreamán ar fhuinneog an ghluaisteáin agus go n-oibríonn méadar an tacsaí. 

Ba cheart duit tacsaí údaraithe a úsáid ag aerfort Sofia, trí áit a chur in áirithe ag an deasc tacsaí ag an halla teachta, áit a dtagann na paisinéirí isteach nó ag dul chun an stad tacsaithe oifigiúil díreach lasmuigh de dheireadh an chríochfoirt (ar thaobh deas agus tú ag teacht ó ngeata teachta i gCríochfort 2). Ná glac tacsaí ó aon duine a thagann chugat ag an gcríochfort a chuireann seirbhís tacsaí ar fáil. Mar mhalairt air sin, is féidir úsáid a bhaint as an Meitreo díreach ó Chríochfort 2 go dtí lár na cathrach.
Má cheapann tú gur ghearr tiománaí tacsaí praghas ró-ard ort, is féidir teagmháil a dhéanamh leis na póilíní tráchta (KAT) tríd an uimhir éigeandála 112. I Sunny Beach, is féidir leat admháil agus sonraí chlárúcháin an tiománaí a thógáil chuig comhlacht bainistíochta ionad saoire JSC Sunny Beach.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Bhulgáir, ba cheart duit a bheith an-chúramach. D’fhéadfadh cúrsaí bóthair a bheith contúirteach, agus bóithre (chomh maith le cosáin) ann de ghnáth nach dtabharfar cúram ceart dóibh, nach mbíonn go hiomlán soilsithe agus a bhíonn lán de phoill. Ba cheart duit tiomáint is d’oíche a sheachaint, go háirithe lasmuigh de mhórchathracha.

Is minic a bhíonn tiomáint trodach ann sa Bhulgáir agus molaimid duit achrainn le tiománaithe trodacha a sheachaint. D’fhéadfadh líon mór trucailí agus leoraithe a bheith ann ar phríomh-mhótarbhealaigh i dtreo na Tuirce agus na Gréige. Ní rud mí-choitianta é casadh ar ghluaisteáin a ghluaiseann go mall agus feithiclí ainmhí-tharraingthe ar na bóithre. Is rud coitianta é tiomáint ar luas lasrach, chomh maith céanna, agus ba cheart do thiománaithe a bheith aireach.

D’fhéadfadh tiomáint a bheith deacair i rith an gheimhridh sa Bhulgáir agus ba cheart duit a chinntiú go bhfuil tú ullamh a dhóthain. Ní mór slabhraí sneachta a iompar ón 1 Samhna go dtí an 1 Márta agus ní mór iad a úsáid nuair a thaispeántar an comhartha ábhartha. Is rudaí riachtanacha iad boinn gheimhridh d’fheithiclí atá cláraithe sa Bhulgáir le linn choinníollacha bóthair an gheimhridh.

Ní mór duit tiomáint le soilse reatha nó le ceannsoilse léis mhaolaithe i rith na bliana, fiú le linn an lae. Is rud riachtanach é an trealamh seo a leanas a thógáil leat i d’fheithicil: múchtóir tine (níl sé riachtanach d’fheithiclí a bhfuil 2 bhonn orthu), fearas garchabhrach agus triantán rabhaidh (níl sé riachtanach d’fheithiclí a bhfuil 2 bhonn orthu). Ní mór d’aon duine a théann ar an mbóthar le linn cliste nó cás éigeandála casóg fhrithchaiteach a chaitheamh.

Más mian leat tiomáint:

  • Beir leat do láncheadúnas tiomána Éireannach agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus ábhartha agat.
  • Má tá tú ag tógáil do ghluaisteáin féin leat, cinntigh go bhfuil na buncháipéisí clárúcháin agus úinéireachta ar fad agat.
  • Ní mór do ghluaisteán ‘vignette’ nó greamán de cháin bhóthair a thaispeáint, chun taisteal ar bhóithre idir cathracha sa Bhulgáir. Féadfaidh tú iad seo a cheannach i mórstáisiúin pheitril, in oifigí poist, in oifigí bainc DZI agus ag pointí teorann agus críochfoirt.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Bulgáire, ar nós a cuid teorainneacha luais. Is iad sin na nithe seo a leanas: 50km/u i gcathracha agus i mbailte, 90km/u lasmuigh den bhaile, agus 130km/u ar mhórbhealaí. Bíonn teorainneacha luais 50 km/u i gcathracha agus i mbailte, 80 km/u lasmuigh den bhaile, agus 100 km/u ar mhórbhealaí ag gabháil le gluaisrothair.

Is rudaí coitianta iad seicphointí póilíní, go háirithe nuair a fhágann tú an baile, agus d’fhéadfaí fíneálacha láithreacha a ghearradh le haghaidh mionsáruithe. Tá tuairiscí ann de phóilíní ag déanamh iarrachta sracaireacht a dhéanamh trí fhíneálacha, áfach.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat sa Bhulgáir, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Má tá tú ag tógáil gluaisteáin atá ar cíos leat isteach sa Bhulgáir, cinntigh go bhfuil an bhuncháipéis conartha agat. Ba cheart don cháipéis a lua gur féidir an gluaisteán a thabhairt isteach sa Bhulgáir.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha, lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Teanga

Baineann teanga na Bulgáire úsáid as an aibítear Choireallach agus d’fhéadfaí nach n-aistrítear comharthaí eolais go Béarla lasmuigh de mhórchathracha.

Ceannach réadmhaoine

Tháinig tóir ar an mBulgáir le blianta beaga anuas mar áit a ndéantar infheistiú ar réadmhaoin. Má tá tú ag smaoineamh ar infheistiú a dhéanamh i réadmhaoin sa Bhulgáir, molaimid go láidir go bhfaigheann tú dlíodóir réadmhaoine neamhspleách, a labhraíonn Béarla chun comhairle a thabhairt duit sula gceannaíonn tú aon rud.

D’fhéadfaí go dtógfaidh sé roinnt ama cúiteamh dlíthiúil a fháil sa Bhulgáir má théann cúrsaí chun donais. Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha páirt a ghlacadh in imeachtaí dlíthiúla idir dhá pháirtí phríobháideacha, ná ní féidir linn páirt a ghlacadh i gcéimeanna chun infheistithe a athghabháil i mbearta réadmhaoine aonair.

Fágtar go leor réadmhaoine sa Bhulgáir atá faoi úinéireacht eachtrach folamh ar feadh tréimhsí ama. Molann póilíní na Bulgáire go ndéanann úinéirí socruithe slándála le linn an ama seo.

Pósadh

Ní mór do dhuine den chúpla a bheith ina s(h)aoránach den Bhulgáir nó a bheith ina c(h)ónaí sa Bhulgáir chun pósadh sa Bhulgáir. Má chomhlíonann tú na critéir sin, beidh Certificat de Coutume de dhíth ort chomh maith, nó Teastas Saoirse chun Pósadh mar a thugtar air freisin.

Má tá tú i do shaoránach Éireannach, ba cheart duit iarratas a dhéanamh dó seo trí Ambasáid na hÉireann a chlúdaíonn do thír chónaithe (mar shampla, Ambasáid Sofia má chónaíonn tú sa Bhulgáir) má chónaíonn tú thar lear, nó trí Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath má chónaíonn tú in Éirinn. Beidh ‘apostille’ de dhíth ar theastas a fhaightear i mBaile Átha Cliath freisin ón Roinn Gnóthaí Eachtracha d’fhonn ceanglais na Bulgáire a chomhlíonadh. Faigh tuilleadh eolais faoi fhíordheimhniú cáipéisí anseo. Beidh ort teastas a chur ar fáil sa dá chás go dtí an Aireacht Gnóthaí Eachtracha in Sofia chun stampa a fháil.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Sláinte

Árachas Taistil

D’fhéadfadh árachas taistil cuimsitheach go leor airgid a shábháil duit féin agus do do theaghlach má théann rud éigin amú le linn do shaoire. D’fhéadfadh billí de na céadta euro a tharlú ag ionaid sláinte phríobháideacha sa Bhulgáir de thoradh ar theagmhais nó ar thinnis fhánacha bheaga fiú. D’fhéadfadh billí a bheith ina mílte euro tar éis carntha, le haghaidh ábhair níos dáiríre. D’fhéadfadh costas na mílte euro níos mó a bheith ar aslonnú leighis nó ar aisdúichiú coirp go hÉirinn.

Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha sula bhfágann tú, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat. Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó le drugaí. Ní féidir árachas a thógáil amach tar éis teagmhais nó cóir leighis, agus i bhformhór na gcásanna ní mór árachas a cheannach sula bhfágann tú an baile.
Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Ní féidir leis an Ambasáid íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear.

Costais éigeandála

Chomh maith le cúram leighis iomlán thar lear, ba cheart go gcumhdaíonn do pholasaí árachais na nithe seo a leanas:

  • do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh - smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain;
  •  cóir leighis éigeandála lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, aon chostas a bhaineann leis an tréimhse fanachta níos faide nach mbíonn tú ag súil leis de thoradh ceisteanna leighis, agus aisdúichiú coirp;
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig;
  • aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt guaisbheartaíochta eile);
  •  cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • sealúchais a cailleadh agus a goideadh;
  • cealú agus ciorrú.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Molaimid duit Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEAS) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na Bulgáire. Is ionadaí é an cárta seo ar an bhfoirm E111 agus tá tú i dteideal cóir leighis éigeandála leis an gcárta i saoráid chúraim sláinte phoiblí ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh na Bulgáire. Ní ionadaí é an CEAS ar árachas taistil agus ní chumhdaíonn sé tromlach na córa leighis i gclinicí príobháideacha (áit a mbíonn cóir leighis ar fáil ag formhór na dturasóirí), aisdúichiú leighis, cóir leighis leanúnach nó cóir leighis de chineál neamhphráinneach. Seiceáil le riarthóir an ospidéil/an chlinic roimh ré i gcónaí má cheadaítear do CEAS nó muna gceadaítear é. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le haghaidh CEAS ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Saoráidí leighis

Bíonn oiliúint mhaith ar fhoireann leighis sa Bhulgáir de ghnáth ach uaireanta bíonn droch-acmhainní ag ospidéil agus ag clinicí. Má tá tú ag fanacht in ionaid saoire, bí cúramach go seiceálfar más saoráid phoiblí nó phríobháideach í an tsaoráid leighis agus cinntigh go bhfuil tú cumhdaithe maidir le hárachas ar do CEAS, nó gurbh acmhainn duit cóir leighis a cheannach má roghnaíonn tú saoráid phríobháideach.

Rinneadh tuairiscí le déanaí ina bhfuil otharcharranna mídhleathacha ag feidhmiú in ionaid saoire sciála Bansko, otharcharranna a ghearrann táillí móra ar thurasóirí d’aistriú chuig an ospidéal áitiúil. Má chasann tú ar aon theagmhas dá leithéid, ba cheart duit tuairisc a dhéanamh do na póilíní áitiúla trí ghlaoch a chur ar an uimhir éigeandála chaighdeánach, 112.

Vacsaínithe

Seiceáil le do dhochtúir ar a laghad ocht seachtaine sula dtaistealaíonn tú chun féachaint má tá aon vacsaín de dhíth ort don Bhulgáir.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Níl víosa de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach sa Bhulgáir. Tá pas aonair de dhíth ar leanaí chun teacht i dtír, áfach. Má bhíonn tú ag fanacht ar feadh tréimhse níos mó ná 90 lá ba cheart duit clárú leis na póilíní áitiúla agus cárta cónaitheachta sealadach a fháil.

Airgeadra

Is é Lev na Bulgáire é an t-airgeadra a úsáidtear, agus glactar le hairgead tirim mar fhoirm íoctha go forleathan. Tá cártaí creidmheasa in úsáid níos forleithne ach ní féidir a bheith ag brath orthu i ngach áit agus ní ghlactar leo in ionaid díolacháin faoi leith. Tá Uathmheaisíní Bainc ar fáil go forleathan chomh maith, agus glacfar le cártaí Éireannacha ó fhormhór dóibh siúd atá cleamhnaithe leis na bainc níos mó.

Is féidir Euro a mhalartú ina Lev i bhformhór na mbanc agus i mbiúrónna malartaithe sráide ar ghnáthrátaí. Bí cúramach go bhfiosrófar na rátaí a chuirfear ar fáil duit, áfach, agus ná bain úsáid ach as biúrónna ceadúnaithe amháin. Molaimid go mbaineann tú úsáid as biúrónna malartaithe airgeadra i mbainc más féidir. Seiceáil an ráta malartaithe ar an admháil sula sínítear don mhalartú toisc gur féidir difríocht a bheith idir rátaí malartaithe ó na rátaí a léirítear, rud a bhraitheann ar shuim an choimisiúin a ghearrfar.

Bí cúramach má thagann duine i do threo ar an tsráid a ofrálann chun airgead a mhalartú duit toisc gur dócha go mbíonn siad ina gcaimiléirí, atá meáite ar scéiméireacht a dhéanamh ar thurasóirí. Ba cheart duit a bheith cúramach agus tú ag baint úsáid as Uathmheaisíní Bainc, chomh cúramach agus a bheifeá in Éirinn, toisc go dtarlaíonn scimeáil cártaí ó am go ham.

Iarrann póilíní na Bulgáire go ndéanann aon duine ar a dtarlaíonn fadhbanna maidir le biúrónna malartaithe, calaois Uathmheaisíní Bainc nó calaois cárta creidmheasa é a thuairisciú don stáisiún póilíní is gaire chomh luath agus is féidir. D’fhéadfadh moilleanna ar thuairisciú srian a chur ar fhiosrúcháin.

Iompar poiblí

Bíonn iompar poiblí maith ann ar fud na Bulgáire, ach tá caighdeán éagsúil ag baint leis na busanna agus tramanna sna cathracha. Féadfaidh tú ticéid a cheannach ar an mórchóir ó bhothanna ticéad nó le haghaidh aistir aonair ar thramanna nó ar bhusanna. Tá córas meitreo ag Sofia le ceithre líne a ritheann trí lár na cathrach.

Is rud saor é taisteal de bhus nó d’aer laistigh den tír agus is féidir brath air. Is eitiltí inmheánacha iad seo idir Sofia, Plovdiv, Burgas agus Varna, eitiltí a bhfuil rochtain réasúnta maith orthu. Tá an gréasán bus an-fhairsing.

Níl tarraingt chomh mór sin ar thaisteal traenach agus níl caighdeán na seirbhíse chomh compordach leis an mbus. Is féidir gluaisteán a fháil ar cíos chomh maith, le comhlachtaí idirnáisiúnta a fheidhmíonn sa Bhulgáir ar nós Avis agus Hertz chomh maith le comhlachtaí áitiúla eile.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, +359 2 985 3425 to receive further information on emergency consular assistance.

Embassy of Ireland
Platinum Business Centre
26-28 Bacho Kiro Street
Sofia 1000
Bulgaria

Tel: +359 2 985 3425
Fax: +359 2 983 3302

Monday to Friday, 09:15 - 16:45

Contact us