DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chasacstáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chasacstáin

Má tá tú ag taisteal chun na Casacstáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an gCasacstáin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin gCasacstáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Is é 103 an uimhir do na seirbhísí éigeandála i gCasacstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Chasacstáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait áfach féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Moscó sa Rúis.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcúnamh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Féadfaidh eachtrannaigh taisteal beagnach gach áit sa Chasacstáin ach má theastaíonn uait taisteal go dtí aon cheann de na ‘críocha dúnta’ nó na háiteanna daingnithe, teastóidh cead roimh ré uait ó na húdaráis ábhartha. Níl cuid de na réigiúin srianta/mhíleata marcáilte go soiléir mar sin bí cúramach agus tú ag taisteal lasmuigh de na gnáthbhealaí.

Public demonstrations are only permitted when authorised, so rarely take place. You should avoid any demonstrations or political gatherings. If you become aware of any nearby violence you should leave the area immediately.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Chasacstáin íseal, tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i gcónaí ann a bhféadfadh a bheith dírithe ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna a mheallann turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

There have been a number of violent attacks and muggings on the expatriate community in Atyrau and Aktau in western Kazakhstan, and in Astana and Almaty. Attacks have largely taken place at night, in and around local nightclubs and bars or when arriving at home late at night, as the majority of apartment buildings have dark stairwells and no lifts. Avoid walking alone and where possible pre-arrange transport.

Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh le tú féin a chosaint ar an gcoiriúlacht agus tú sa Chasacstáin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • you must carry your passport with you at all times in case you are asked by the police for identification. Keep your passport in a safe place at all times
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Ná siúl leat féin istoíche mar gur tuairiscíodh mugálacha
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Mar a bhíonn i gcuid mhór cathracha móra, ba chóir a bheith aireach ar pheasghadaíocht in Astana, príomhchathair na Casacstáine. Áirítear anseo gadaíocht ó fheithiclí stoptha ag soilse tráchta nó carranna páirceáilte agus cóipeáil chártaí creidmheasa nó airgead ag meaisíní ATM calaoiseacha. Tharla robálacha ar thraenacha freisin mar sin cuir glas ar charráistí iarnróid ar thraenacha thar oíche.

Sábháilteacht phearsanta

Bí airdeallach faoi bhia nó deochanna a thógáil ó strainséirí i dtábhairní, i gclubanna oíche agus i mbialanna. Drugáladh roinnt cuairteoirí agus robáladh ina dhiaidh sin iad.

Pasanna caillte nó goidte

Má chailleann tú do phas, cuir é seo in iúl láithreach do na póilíní agus faigh dearbhú i scríbhinn faoin gcaillteanas. Teastóidh an tuairisc seo agus tú ag cur iarratas isteach ar phas éigeandála ó Ambasáid na hÉireann i Moscó.

Is féidir leis an Ambasáid iarratais ar phasanna nua a ghlacadh, a d’fhéadfadh idir ceithre go sé seachtaine a thógáil chun iad a phróiseáil i mBaile Átha Cliath, ach ní féidir leis pasanna iomlána nua a eisiúint.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chasacstáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Moscó le cúnamh a fháil.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Chasacstáin ba chóir duit a bheith cúramach agus na treoirlínte bunúsacha seo a leanúint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort 
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Casacstáine, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a sciobadh agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Ná taistil i dtacsaithe neamhoifigiúla, go háirithe istoíche agus tú leat féin, nó má bhíonn paisinéir eile sa charr cheana. Moltar duit tacsaí ceadúnaithe a thógáil agus tú sa Chasacstáin, agus ní hacnaithe príobháideacha.

Sábháilteacht aeir

Má tá sé i gceist agat dul chun na Casacstáine, seachain eitilt ar aerlínte atá liostaithe faoi chosc oibriúcháin an AE. Faoi láthair, ach amháin Air Astana, tá cead diúltaithe do gach aerlíne de chuid na Casacstáine seirbhísí a fheidhmiú san AE toisc nach gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Ní fios an gcloítear i gceart le nósanna imeachta cothabhála ar aerárthaigh a úsáidtear d’eitiltí inmheánacha nó réigiúnacha.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

You must have your passport with you at all times in Kazakhstan as well as your migration card that you received when you enter the country. Genuine police officials should always present their own credentials when asking you for proof of your identity.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis throma ar úsáid neamhdhleathach drugaí (cuma cén druga é), lena n-áirítear tréimhsí príosúin fada. 

Grianghrafadóireacht

Tá srianta áirithe ar ghrianghraif a thógáil gar do d’aonaid mhíleata, do cheantair theorann agus do roinnt foirgneamh oifigiúla. Bíonn fógraí ar taispeáint ar uairibh faoi na srianta seo ach ní bhíonn i gcónaí, mar sin ba cheart duit a bheith aireach.

Hómaighnéasachas

Cé nach bhfuil an hómaighnéasachas neamhdhleathach sa Chasacstáin ní ligtear leis ná ní ghlactar leis go minic, go háirithe lasmuigh de na cathracha móra. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí. 

Custaim

Moltar go láidir duit do nithe luachmhara a dhearbhú agus tú ag dul isteach sa tír sa chaoi nach mbeidh ort cáin a íoc ar na nithe sin agus tú ag fágáil na Casacstáine.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Crith talún

Bhuail crith talún de 5.7 ar Scála Richter gar d’Almaty i 2012, ach níor tuairiscíodh gur gortaíodh nó gur maraíodh aon duine. Má tá tú taisteal chun na Casacstáine nó i do chónaí ann, cinntigh go bhfuil a fhios agat céard le déanamh i gcás creatha talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Bíonn ar shaoránaigh Éireannacha víosa a bheith acu agus iad ag taisteal chun na Casacstáine. Caithfidh tú víosa a bheith agat roimh thaisteal duit mar nach féidir é a fháil ar shroicheadh duit.  Moltar duit go láidir freisin gan fanacht thar thréimhse do víosa.

If you violate the conditions of your visa, you could face a short term of imprisonment and/or a ban on entry to Kazakhstan for up to 5 years. Overstaying the date written on your white immigration card may result in similar penalties, regardless of the validity of your visa.

Le tuilleadh eolais a fháil ar riachtanais iontrála don Chasacstáin déan teagmháil le do thoil le Ambasáid na Casacstáine i Londain.

Pasanna

Tá sé inmholta roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal sa Chasacstáin agus ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar i gcónaí le linn do chuairte agus bí cinnte gur chuir tú mionsonraí faoi  neasghaol i gcúl do phas.

Cártaí inimirce

Tabharfaidh oifigigh inimirce na Casacstáine cart inimirce bán duit ag aerfoirt agus ag ionaid teorann. Caithfidh tú an cárta seo a choinneáil le linn do chuairte ar an gCasacstáin agus é a thabhairt ar láimh ag an aerfort/ionaid teorann agus tú ag imeacht.

Dul thar an teorainn

Moltar duit gan dul thar an teorainn isteach nó amach as an gCasacstáin go mídhleathach toisc go bhfágfaidh easpa stampaí iontrála/fágála go mbeidh fadhbanna agat (eg coinneáil b’fhéidir, fíneálacha) agus tú ag fágáil na tíre nó ag teacht isteach in athuair.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal duit féachaint an dteastaíonn aon vacsaínithe don Chasacstáin.

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Is fadhb iad sceartáin a iompraíonn einceifilíteas sna sléibhte agus sna foraoiseacha, go háirithe i rith Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh.

Breoiteachtaí eile

Tuairiscíodh cásanna de chonfadh daonna le déanaí. Tuairiscíodh cásanna den eitinn i réigiúin Mhuir Aral agusSemipalatinsk, agus i bpríosúin chomh maith.

Airgead

Glacann formhór na n-óstán, na mbialanna agus siopaí móra le cártaí creidmheasa ach ní ghlacann siopaí níos lú ná fir thacsaí leo. Tá ATManna i bhformhór na gcathracha móra ach ba chóir duit do dhóthain airgid a thabhairt leat don chuairt. Ní ghlactar le seiceanna taistil de ghnáth.  

Airgeadra

Is é an tenge aonad airgeadra na Casacstáine. Má theastaíonn uait tenge a cheannach sa Chasacstáin, moltar duit Euro nó dollair SA a thabhairt leat le n-aistriú (is iad dollair SA an t-airgeadra eachtrach is mó a bhfuil glacadh leis). Ba chóir dea-bhail a bheith ar na nótaí go léir.

Ná déan airgead a mhalartú ach i mbainc, in óstáin agus i mbotháin mhalartaithe aitheanta – is coir í airgead a mhalartú le trádálaithe sráide. Tabhairt do phas agus do víosa leat mar go mbeidh ort iad a thaispeáint agus airgead á mhalartú agat.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Kazakhstan, please contact Embassy of Ireland Russia.
The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance.
If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 985 928 7615

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Monday to Friday 09:30-13:00 and 14:30-17:30

Contact us