DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chéinia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chéinia

Má tá tú ag taisteal chun na Céinia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na Céinia

Riachtanais Iontrála

Ceanglaítear ar gach paisinéir os cionn 12 bliana d'aois fianaise ar vacsaíniú maidir le COVID-19 a sholáthar tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) COVID-19 diúltach a rinneadh tráth nach mó ná 72 uair an chloig roimh imeacht. Ciallaíonn vacsaíniú go bhfuair tú na dáileoga forordaithe den vacsaín shonrach 14 lá ar a laghad roimh theacht i dtír (gan lá an vacsaínithe a áireamh).

Ní mór do gach paisinéir a thagann go dtí an Chéinia teastas deimhnithe vacsaínithe nó toradh torthaí tastála PCR diúltach a uaslódáil chuig suíomh gréasáin PanaBIOS (nó Global Haven) roimh theacht i dtír (eiseofar cód QR).​

Cuirfear paisinéirí os cionn 12 bliana d'aois nach bhfuil aon fhianaise vacsaínithe nó tástáil PCR faoi Mhearthástáil Antaiginí nuair a thagann siad i dtír ar a gcostas féin. Cuirfear aon phaisinéir os cionn 12 bliana d'aois a a bhfuil tástáil dhearfach sa Mearthástáil Antaiginí orthu faoi thástáil PCR ar a gcostas breise féin agus beidh orthu leithlisiú de réir na treorach is déanaí ón Aireacht Sláinte.

Tá paisinéirí faoi bhun 12 bhliain d'aois díolmhaithe ó cheanglais deimhnithe vacsaínithe nó tástála PCR.

Ceanglófar ar aon phaisinéirí a thagann isteach sa Chéinia a bhfuil siomptóim cosúil leis an bhfliú acu foirm aimsithe paisinéirí. Ceanglófar ar na paisinéirí sin tástáil PCR COVID-19 a dhéanamh freisin ar theacht i dtír dóibh ar a gcostas féin.

Le tabhairt faoi deara do phaisinéirí atá ag taisteal amach as an tír, d'fhéadfaí Mearthástálacha Antaigine nó tástálacha PCR COVID-19 réamhimeachta a mheas faoi rogha na n-aerlínte.

Is féidir sonraí iomlána faoi riachtanais iontrála Rialtas na Céinia maidir leis an gcoróinvíreas a fháil ar shuíomh gréasáin Údarás Eitlíochta Sibhialta na Céinia anseo

Víosaí Iontrála Chéinia

Eiseofar víosaí iontrála Chéinia go leictreonach, agus go leictreonach amháin, agus ní mór do phaisinéirí a gcuid r-víosaí a fháil sula n-imíonn siad. Is féidir leo siúd atá ag taisteal iarratas a dhéanamh ar víosaí iontrála aonair agus idirthurais ar an suíomh gréasáin r-víosaí. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Ambasáid na Céinia in Éirinn

Eolas úsáideach agus sonraí teagmhála:

Má tá tú sa Chéinia cheana féin, molaimid go láidir duit clárú leis an Ambasáid 

Tá faisnéis faoi COVID -19 ar fáil ar shuíomh gréasáin Aireacht Sláinte na Céinia

BEOLÍNE Ospidéal Ollscoile Aga Khan: +254709931700​

BEOLÍNE Aireacht Sláinte na Céinia Saor ó Dholla 0800721316 Fón Póca: 0729471414 agus 073235353

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá ábhar imní níos mó ann faoi láthair maidir leis an bhféidearthacht go dtarlóidh ionsaí sceimhlitheoireachta sa Chéinia. Rinne an grúpa sceimhlitheoireachta Al Shabaab ionsaithe ar fud na Céinia san am atá caite, lena n-áirítear i Nairobi, agus tá níos mó ionsaithe á mbagairt acu.

Mar thoradh air sin, iarrtar ar shaoránaigh na hÉireann sa Chéinia a bheith an-aireach agus cúramach, go háirithe in áiteanna poiblí lena n-áirítear óstáin, beáir agus bialanna, imeachtaí spóirt, ollmhargaí agus ionaid siopadóireachta, ionaid trá, foirgnimh rialtais, scoileanna idirnáisiúnta, busanna, traenacha agus moil iompair eile lena n-áirítear aerfoirt.

Ba cheart do shaoránaigh tabhairt faoi deara:

  • Seachain taisteal neamhriachtanach laistigh de 75km ó theorainn na Céinia - na Somáile mar gheall ar an mbaol an-ard a bhaineann le gníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus fuadaigh sa réigiún.
  • Tá baol d'ionsaithe sceimhlitheoireachta níos mó ann in Naivasha, Nanyuki, Meru, Narok agus i gceantair chósta amhail contae Lamu agus ceantair chósta i gcontaetha Tana River agus Kilifi.
  • Má tá tú ag taisteal chuig Oileán Lamu nó Oileán Manda, ba chóir duit taisteal ar eitleán chuig Aerfort Lamu agus ní ar an mbóthar.
  • Tá imní ar Rialtas na Céinia go bhfuil cúrsaí slándála ag dul chun donais in Laikipia Thiar. Tá oibríochtaí slándála imithe i ndéine i Olmoran agus Dúlra Caomhanta Laikipia tar éis ionsaithe ag meirligh armtha.
  • Tá rátaí arda coireachta ag bruachbhailte Nairobi de Buruburu, Eastleigh, Kasarani, Kibera, Mathare, Pangani, South B agus South C.
  • Tá teagmhais de choireanna foréigneach ard ar fud na Céinia, lena n-áirítear robálacha, fuadach cairr agus fuadach. Molaimid do shaoránaigh na hÉireann atá ag taisteal chuig cathracha móra ar nós Nairobi nó Mombasa a bheith an-airdeallach. Iarr ar Ambasáid na hÉireann go mbeidh siad curtha ar an eolas má bhíonn baint agat le teagmhas ina mbíonn gá le freagairt phóilíní.

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle do shaoránaigh atá ag taisteal chun na Céinia clárú leis an Ambasáid agus a bheith an-chúramach agus iad sa Chéinia.

Ceanglaítear leis an dlí go bhfuil Aitheanta ar iompar agat i gcónaí agus d'fhéadfadh póilíní fianaise air sin a iarraidh. 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Chéinia trí ghlaoch ar 999.​ 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála do shaoránaigh Éireannacha a thugann cuairt ar Chéinia a bheith thar a bheith cúramach. Moltar duit a bheith ar an airdeall i gcónaí in áiteanna poiblí ar fud na Céinia, agus i Mombasa agus Nairobi ach go háirithe.

Seo a leanas roinnt de na heachtraí a tharla le déanaí:

  • An 25 Iúil, scaoil agus mharaigh póilíní i gCéinia triúr fear a raibh amhras fúthu go raibh baint acu le sraith ionsaithe a rinneadh ar Mombasa, an dara cathair is mó i gCéinia, le déanaí.
  • I mí Iúil 2014, maraíodh beirt turasóirí mná, duine amháin ón Rúis agus an duine eile ón nGearmáin, in dhá eachtra ar leithligh i Seanbhaile Mombasa.
  • An 20 Iúil, maraíodh ar a laghad ceathrar agus gortaíodh roinnt daoine eile nuair a scaoil fir a raibh gunnaí acu a bhí ar ghluaisrothar le daoine ar an tsráid gan idirdhealú i Mombasa, an Chéinia.
  • An 18 Iúil mharaigh fir a raibh gunnaí acu seachtar, ceathrar póilíní ina measc, i ndiaidh ionsaí ar chontae Lamu ar chósta na Céinia. Dhírigh siad ar bhus gar do bhaile Witu, thart ar 50km (31 míle) ó oileán Lamu, agus ansin scaoil siad le feithicil póilíní a tháinig ar an láthair le cúnamh a thabhairt. Tá ráite ag Al-Shabaab gurb iadsan a bhí freagrach as an ionsaí sin.
  • Maraíodh ar a laghad 73 duine le linn ionsaithe ag Al Shabaab ar bhailte cósta gar do Mpektoni i mí an Mheithimh.
  • Bhásaigh ar a laghad 10 agus gortaíodh 70 nuair a phléasc dhá bhuama ag Margadh Gikomba sa phríomhchathair, Nairobi an 16 Bealtaine 2014.
  • D’ionsaigh fir a raibh gunnaí acu ón grúpa Al Shabaab trí bhaile i limistéar Mpeketoni ar chósta na Céinia, i gceantar Lamu, an 15, 16 agus 23 Meitheamh. Maraíodh ar a laghad 73 duine.
  • An 16 Bealtaine, phléasc dhá ghaireas pléascacha seiftithe i Margadh Gikomba gar do Eastleigh i Nairobi. Tugann tuairiscí le fios gur maraíodh ar a laghad deichniúr agus gur gortaíodh 70. An 2 agus 4 Bealtaine, phléasc gairis phléascacha ar bhusanna i Mombasa agus i Nairobi. Maraíodh agus gortaíodh daoine sa dá chathair dá bharr sin.
  • An 17 Márta 2014, fuarthas gaireas pléascach seiftithe mór, chomh maith le roinnt arm, i gcarr a ghabh na póilíní i Mombasa. Tugann tuairiscí le tuiscint go bhféadfadh tuilleadh buamaí den chineál céanna a bheith ann i Mombasa agus sa réigiún níos leithne. Moltar do shaoránaigh na hÉireann a bheith níos airdeallaí.
  • An 2 Feabhra 2014, chuardaigh na póilíní Mosc i gCeantar Majengo i Mombasa, agus maraíodh roinnt daoine dá bharr. Meabhraítear do shaoránaigh Éireannacha sa réigiún go bhfuil ardteannas san áit agus go bhféadfadh agóidí foréigneacha briseadh amach. Moltar duit a bheith cúramach sa cheantar seo agus sluaite nó léirsithe a sheachaint.
  • Tharla ionsaí gránáide thart ar Thrá Diani i Mombasa i mí Eanáir 2014 agus gortaíodh go leor daoine.
  • Tharla pléascadh beag ag Aerfort Idirnáisiúnta Jomo Kenyatta i mí Eanáir 2014.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheach sa Chéinia, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar shibhialtaigh, lena n-áirítear áiteanna a mbíonn eachtrannaigh bailithe le chéile. Tá na húdaráis sa Chéinia tar éis an pobal a chur ar an airdeall maidir leis an mbaol ó ionsaithe sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, go háirithe thart ar Nairobi. Ó mhí Eanáir 2012 tharla roinnt foláireamh agus ionsaithe sceimhlitheoireachta, agus tharla ionsaithe buama agus gránáide i Nairobi agus Mombasa le roinnt míonna anuas.

Molaimid go leanfá tuairiscí maidir leis an staid slándála, agus a bheith thar a bheith cúramach in óstáin, ionaid siopadóireachta agus tránna, agus go háirithe in ionaid uirbeacha. Táimid ag coinneáil súil ar chúrsaí agus déanaimid nuashonrú ar an gcomhairle go rialta.

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Bhí an toghchán ginearálta agus uachtaránachta is déanaí ar súil sa Chéinia i mí an Mhárta 2013 agus tá na torthaí sin deimhnithe ag Cúirt Uachtarach Chéinia. D’fhéadfadh teannas a bheith ann go fóill agus molaimid duit a bheith airdeallach.

Léirsithe

Tá baol neamhaird agus círéibeacha go ginearálta sa Chéinia agus ba chóir duit sluaite móra daoine, léirsithe nó cruinnithe poiblí a sheachaint i gceantair uirbeacha agus tuaithe, a éiríonn achrannach uaireanta. Bí ar an eolas faoin méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus trí bheith i dteagmháil le d’óstán nó d’eagraí turas. 

Fuadach

Molaimid gan taisteal laistigh de 60km de theorainn na Somáile mura bhfuil sé riachtanach nó chuig ceantar Garissa nó na ceantair ar chósta ó thuaidh d’oileán Pate agus Kiwayu.  Ionsaíodh agus fuadaíodh turasóirí ón iarthar ó réadmhaoine cois trá ansin. Tá leochaileacht ar leith ag baint le cóiríocht cois trá agus báid seoil  bheaga ó thaobh ionsaithe den chineál sin. Má tá tú chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seoltóireachta, ná imigh as radharc in am ar bith.   

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht forleathan sa Chéinia go háirithe i Nairobi agus Mombasa. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh cártaí creidmheasa nó airgead tirim ar iompar agat toisc go gcuireann gadaithe iallach ar dhaoine airgead tirim a aistarraingt  
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Ná téigh ag siúl leat féin san oíche agus seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain tránna iargúlta go háirithe san oíche.

Coiriúlacht thromchúiseach

D’fhéadfadh eachtraí goidte carranna agus robálacha armtha tarlú in áit ar bith sa Chéinia, ach tá siad níos coitianta i Nairobi agus Mombasa. Ná taisteal san oíche agus bí airdeallach i gcónaí, go háirithe ar na bóithre a nascann lár chathair Nairobi le limistéir chónaithe.  Ná stop ar thaobh an bhóthair agus coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus fuinneoga dúnta i gcónaí. Ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh maidir le sábháilteacht phearsanta agus feithicle, agus, nuair is féidir, taisteal i gconbhua i gceantair iargúlta. Bí ar an eolas gur tharla ionsaithe armtha ar ghalfchúrsaí thart ar Nairobi.

Slumaí

Molaimid gan taisteal mura bhfuil sé riachtanach chuig ceantair ar ioncam íseal i Nairobi, lena n-áirítear bailecheantair nó slumaí, áiteanna a bhfuil leibhéil arda coiriúlachta iontu. 

Camscéimeanna turasóra

Bí ar an eolas maidir le póilíní bréagacha agus, má stopann siad tú, iarr orthu aitheantas a thaispeáint duit. 

Sábháilteacht phearsanta

Ná glac le bia nó deoch ó strainséirí toisc go bhféadfadh drugaí a bheith ann. Ná fán i gcampaí turasóireachta mura bhfuil slándáil mhaith imlíne iontu agus faigh comhairle ó do thionscnóir turas nó ó Chónaidhm Turasóireachta Chéinia (Teil: +254 20 604730).

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chéinia, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i Nairobi má bhíonn cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chéinia, ba chóir duit a bheith cúramach agus, más féidir é taisteal i gconbhua in áiteanna iargúlta.

Más mian leat a bheith ag tiomáint

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Céinia, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr áitiúil

Tá muintir na Céinia fáilteach agus báúil do chuairteoirí, ach ba chóir duit a bheith íogair don chultúr áitiúil. Is maslú é iompar gáifeach nó ionsaitheach, meisce, caint shalach agus dímheas, go háirithe i leith daoine scothaosta.

Cultúr Moslamach

Tá céatadán ard Moslamach sna réigiúin chósta sa Chéinia agus ba chóir duit a bheith cúramach ó thaobh iompar de agus iarracht a dhéanamh gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe le linn na míosa beannaithe Ramadan nó féilte creidimh eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar áiteanna reiligiúnacha.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh aon rud a ithe, a ól nó tobac a chaitheamh ó éirí go luí na gréine. Ba chóir duit staonadh ó bheith ag ól, ag ithe agus ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama sin.

Caith éadach coimeádach - seachain brístí gearra agus barréidí gan muinchillí a chaitheamh agus iad lasmuigh de na hionaid saoire agus na príomhbhailte.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Aeráid thrópaiceach atá sa Chéinia.   

Crith talún

Tá an Chéinia suite ar éasclíne (éasc Rift Valley) agus de bharr sin tarlaíonn creathanna talún. Sna réigiúin ar an teorainn leis an Aigéan Indiach tá baol súnámaithe ach tarlaíonn siad in uiscí farraige domhain de ghnáth agus tugtar rabhaidh roimh ré de ghnáth. Má tá tú ag taisteal chun na Céinia nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat cad ba chóir duit a dhéanamh má tharlaíonn crith talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shaoránaigh Éireannacha víosa a bheith acu chun dul isteach sa Chéinia. Ó Mheán Fómhair 2015 ar aghaidh, ní mór gach iarratas ar víosa don Chéinia a dhéanamh ar líne. Chun tuilleadh eolas a fháil ar riachtanais iontrála, lena n-áirítear víosaí gnó, deonacha nó oibre, déan teagmháil leis an Ambasáid nó Ard-Choimisiún is gaire duit sa Chéinia.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Céinia.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the Embassy Duty Officer on +254 (0) 716 353 999

Embassy of Ireland
4th Floor
Delta Office Suites
Manyani Road
Off Waiyaki Way
PO Box 30659-00100
Nairobi

Tel: +254 0205 135 300

Monday to Friday 8am to 4pm
Follow the Embassy on Twitter @IrlEmbKenya

Contact us