Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Chróit

Má tá tú ag taisteal chun na Cróite, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Get travel and medical insurance

Before travelling, the Department strongly recommends that you obtain a European Health Insurance Card (EHIC), available by contacting the Health Service Executive, and that you also obtain comprehensive travel insurance which will cover all overseas medical costs, including medical repatriation/evacuation, repatriation of remains and legal costs. You should check any exclusions and, in particular, that your policy covers you for the activities you want to undertake.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt ar an gCróit, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an gCróit nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin gCróit sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Níl an Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) bailí sa Chróit ós rud é nach ball den Aontas Eorpach í an Chróit.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

  • Seirbhísí éigeandála ginearálta – 112
  • Póilíní – 192
  • Briogáid Dóiteáin –193
  • Seirbhís otharchairr –194

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Chróit, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh i Ságrab nó le Ambasáid na hÉireann i Liúibleána sa tSlóivéin má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Mianaigh talún

Tá mianaigh talún fós ina bhfíorchontúirt i gcodanna den Chróit. Tá ceantair ina bhfuil daoine, príomhbhealaí agus beagnach gach ceantar turasóireachta saor ó mhianaigh agus tá sé sábháilte cuairt a thabhairt orthu. Ach nil ceantair iargúlta sna sléibhte agus faoin tuath glanta uile. Bí cúramach gan imeacht de bhóithre, limistéir phábháilte nó cosáin mharcáilte gan treoraí  le taithí agus ná téigh isteach riamh i limistéir atá idirdhealaithe ó limistéir eile. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ó Ionad Gnímh Mianach na Cróite.

Coiriúlacht

Is tír réasúnta sábháilte í an Chróit. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh agus pas agus airgead á n-iompar agat i gceantair thurasóireachta ghnóthacha.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná fág nithe pearsanta agus luachmhara gan duine ina mbun, go háirithe ar an trá
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Tabhair aire faoi leith do do nithe luachmhara má tá tú ag taisteal ar thraein, go háirithe san oíche.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chróit, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Liúibleána má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chróit, ba chóir duit a bheith cúramach agus tabhair ar aird go ndéantar feithiclí a thiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar. Más mian leat a bheith ag tiomáint, ba chóir duit féachaint ar láithreán gréasáin Chlub Gluaisteán na Cróite agus lean na treoracha seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Cróite, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tá sé in aghaidh an dlí fón póca a úsáid agus tú ag tiomáint, mura bhfuil fearas lámhshaor in úsáid agat
  • Teastaíonn suíocháin speisialta ó naíonáin agus níl cead ag leanaí faoi dhá bhliain déag d’aois suí sa suíochán tosaigh i gcarr
  • Ní mór ceannsoilse (maolaithe) a bheith ar siúl i gcónaí
  • Ní mór ceannsoilse a bheith ar siúl sa gheimhreadh (i.e. lasmuigh d’am coigilte sholas an lae) chomh maith le san oíche nuair atá drochléargas ann 

Trealamh geimhridh

Caithfidh tú boinn gheimhridh a úsáid ar an acastóir tiomána agus caithfidh tú slabhraí sneachta a bheith ar an bhfeithicil agat nuair a bhíonn ‘coinníollacha geimhridh’ ann. Tá ceithre bhonn gheimhridh nó ceithre bhonn samhraidh éigeantach, agus caithfidh an snáithe/slis rubair a bheith 4mm domhain ar a laghad ar gach ceann.

Trealamh sábháilteachta

Caithfidh tú veist sho-fheicthe a bheith agat sa charr chomh maith (ní sa bhúit) agus tú ag tiomáint agus caithfidh tú í a chaitheamh má bhíonn ort an carr a fhágáil ag am ar bith (e.g. má bhriseann tú síos).

Anáileadáin

Faoi dhlí na Croite, tá sé neamhdhleathach do thiománaithe gairmiúla (e.g. tarlóirí, tiománaithe tacsaí, etc.) agus daoine óga (16-24 bliain d'aois) tiomáint agus alcól ina gcóras (ní ghlactar le halcól i gcóras daoine i bhfeighil luamhán agus bád in aon chor). Is é 0.05 an teorainn fola/alcóil do thiománaithe eile.

Déanann póilíní spotseiceáil go rialta ar thiománaithe do thiomáint faoi thionchar an óil, agus déanfar tástáil anála fiú ag láthair na timpiste is suaraí.  Meastar go mbíonn tiománaithe a dhiúltaíonn tástáil anála a dhéanamh a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil. Tá sé de dhualgas ar phóilíní na Cróite samplaí fola a thógáil leis an leibhéal alcóil san fhuil a thástáil i gcás timpiste ina maraítear duine nó ina mbíonn drochghortuithe.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Ag Ceannach Maoine

Tá saoránaigh agus daoine dleathacha ó bhallstáit de chuid an AE i dteideal maoin a cheannach i bPoblacht na Croite faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm do shaoránaigh na Cróite. Ach, tá difríocht mhór idir na nósanna imeachta a bhaineann le maoin a cheannach sa Chróit agus atá in Éirinn agus ba chóir duit taighde a dhéanamh ar an ábhar sula ndéantar comhaontú ar bith. Má tá sé i gceist agat maoin a cheannach sa Chróit, moltar go láidir duit comhairle a fháil ó chomhairleoir dlí neamhspleách ag tús an phróisis agus déan cinnte go bhfuil teideal soiléir ann maidir leis an maoin atá i gceist. Féadfaidh an Ambasáid sonraí teagmhála comhairleoirí dlí a bhfuil Béarla acu a thabhairt duit ach ní fhéadfar aon chomhairle dlí nó riaracháin a thabhairt duit maidir le maoin a cheannach sa Chróit.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Cróite, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Crith Talún

Níl creathanna talún neamhchoitianta sa Chróit agus taifeadtar creathanna beaga go leor uaireanta sa mhí i rith na bliana gan aon iarmhairtí. Tharla an crith talún deiridh ar mheánscála in 2010 ach níor gortaíodh aon duine ná ní dhearnadh mórán damáiste. Má tá tú ag taisteal chun na Cróite nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Dóiteáin foraoise

Tá dóiteáin foraoise an-choitianta le linn an tsamhraidh a bhíonn an-te agus an-tirim sa Chróit. Briseann dóiteáin amach go rialta agus cé go mbíonn siad faoi smacht go tapa ag Seirbhís Dóiteáin na Cróite, gan cur isteach ar thaisteal, tá sé tábhachtach a bheith eolach faoi 

dhóiteáin a d'fhéadfadh briseadh amach agus fanacht ar an airdeall.

Tabhair aire, go háirithe agus tú ag tabhairt cuairte ar nó ag tiomáint trí limistéir choillearnaí agus foraoise; déan cinnte go múchtar toitíní i gceart agus go ndéantar iad a dhiúscairt i gceart; ná las beárbaiciúnna agus ná fág aon bhruscar i do dhiaidh, go háirithe buidéil fholmha.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le cuairt a thabhairt ar an gCróit ar feadh suas le 90 lá. Ach, déan teagmháil le Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Cróite má tá sé i gceist agat fanacht níos faide.

Pasanna

Déan cinnte go bhfuil do phas bailí ar feadh do chuairte ar an gCróit. Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus bíodh ceann ar iompar agat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Clárú

Caithfidh tú clárú leis na póilíní áitiúil taobh istigh de 48 uair an chloig ó thagann tú chun na Cróite. De ghnáth is féidir é sin a dhéanamh trí do chóiríocht – tá sé de dhualgas ar óstáin, tithe lóistín agus seirbhísí cóiríochta eile, lena n-áirítear ionaid champála, a n-aíonna a chlárú. Gearrtar táille chaighdeánach de thuairim is €1 ar do bhille cóiríochta don tseirbhís sin. Féadfaidh tú clárú freisin ag an stáisiún póilíní áitiúil, ag oifigí turasóireachta i gcathracha agus i mbailte móra. D'fhéadfaí fíneáil de suas le €500 a ghearradh ort nó d'fhéadfaí tú a chur amach as an gCróit má theipeann ort clárú. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar chlárú ón Aireacht Inmheánach.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Cróite.

Airgead

Is é an Kuna airgeadra áitiúil na Cróite. Glactar leis na príomhchártaí creidmheasa/dochair uile i bhformhór na mbanc agus na n-óstán. Tá ATManna ar fáil go forleathan. Má tá siombail Maestro nó Cirrus ar do chártaí ATM, is féidir leat airgead a aistarraingt ó do chuntas in Éirinn.

Tuairiscíodh go bhfuil ardú tagtha ar líon na nótaí bainc Kúna na Cróite brionnaithe atá á n-aimsiú, go háirithe nótaí 200 agus 500. Tabhair aire agus tú ag ceannach Kuna; níor chóir duit é sin a dhéanamh ach ag ionaid iontaofa, mar shampla bainc agus meaisíní airgid.