DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Eilvéis, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Eilvéis

Má tá tú ag taisteal chun na hEilvéise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Eilvéis nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Eilvéis sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na hEilvéise. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na hEilvéise.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Sonraí teagmhála éigeandála

Is iad seo a leanas na huimhreacha comhionanna leis na huimhreacha éigeandála 999/112 san Eilvéis;

117         Póilíní  
118         Briogáid dóiteáin
144         Otharcharr (145 do nimhiú tocsaineach)
112         Líne Éigeandála Eorpach
140         Tarrtháil Feithicle   
1414       Aertharrtháil REGA

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBeirn nó leis an gConsal Oinigh i Zurich.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tarlaíonn agóidí agus léirsithe, i Zurich, an Ghinéiv, Beirn nó Basel den chuid is mó.  Bíonn siad dírithe go minic ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar chruinnithe idirnáisiúnta. D’éirigh roinnt de na hagóidí sin foréigneach san am a chuaigh thart. Moltar duit monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla maidir le léirsithe a d’fhéadfadh tarlú. Seachain na ceantair sin agus cloí le comhairle na n-údarás áitiúil.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil ráta sceimhlitheoireachta sách íseal san Eilvéis, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Eilvéis cé go dtarlaíonn mionghadaíocht, go háirithe sna stáisiúin traenach, stáisiúin bhreosla, ar iompar poiblí, ag aerfoirt agus i lár na cathrach. Tá méadú suntasach tagtha le déanaí ar líon na n-eachtraí gadaíochta i gceantar na Ginéive, idir nithe pearsanta agus gluaisteáin. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Eilvéis, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.

Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann agus ag an gConsal Oinigh má tá cúnamh ag teastáil uait.

Tiomáint

Tá na rialacha bóthair san Eilvéis mórán mar an gcéanna leis na rialacha in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus coinnithe go maith.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Forfheidhmítear rialacháin tráchta go docht san Eilvéis agus is féidir le fíneálacha troma, caillteanas ceadúnais agus príosúnacht a bheith mar thoradh ar shárú tromchúiseach ar bith ar na rialacha, go háirithe tiomáint faoi thionchar dí.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hEilvéise, mar shampla luasteorainneacha. Caitear go han-dáiríre le tiomáint ró-thapa agus d’fhéadfadh fíneáil mhór a bheith mar thoradh air, agus d’fhéadfaí an fhíneáil a sheoladh chugat fiú i ndiaidh duit an Eilvéis a fhágáil. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat sa todhchaí agus tú ag dul isteach nó ag imeacht as an Eilvéis má theipeann ort an fhíneáil a íoc.
  • Caith crios sábhála i gcónaí.
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta.
  • Ní mór go mbeadh gach gluaisteán feistithe le boinn gheimhridh agus tú ag tiomáint san Eilvéis le linn mhíonna an gheimhridh. D’fhéadfaí go mbeadh gá le slabhraí sneachta le haghaidh bealaí sléibhtiúla.
  • Ní mór do gach duine a thaistealaíonn ar mhótarbhealaí na hEilvéise, lena n-áirítear cuairteoirí gearrthéarmacha, cáin mótarbhealaigh, nó vignette, a íoc. Is ionann an táille bhliantúil reatha agus CHF40 agus is féidir é a cheannach ó Ghníomhaireacht Custaim Cónaidhme na hEilvéise agus ag na pointí trasnaithe teorann.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Dlíthe cónaidhme agus áitiúla

Is tír chónaidhme í an Eilvéis agus tá a dlíthe féin agus a ghníomhaireacht forfheidhmithe féin ag gach cantún aonair. I gcásanna ar leith, cosúil le rialacháin tráchta, tá feidhm ag dlí cónaidhme.

Alcól

Go ginearálta is ionann an aois maidir le beoir, fíon agus ceirtlis a ól agus 16 (cé go mbíonn sé níos airde i roinnt cantún nó i siopaí aonair), agus is ionann an aois maidir le halcóil eile (e.g. biotáillí, mianraí meisciúla, srl) a ól agus 18.  

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar fíneálacha troma agus téarmaí príosúin ar shealbhú drugaí san Eilvéis, agus bíonn siad éagsúil ag brath ar mhéid agus ar chineál na ndrugaí a bhíonn i gceist.  Is ionann aon iarracht teorainn na hEilvéise a thrasnú le drugaí i do sheilbh (mar shampla ag athrú eitiltí san Eilvéis via aerfort Zurich) agus cúisimh gáinneála uathoibríoch.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

 An Aeráid

Tá aeráid ilchríochach ag an Eilvéis, a bhfuil tionchar ag na hAlpa uirthi chomh maith. Ciallaíonn na gaoithe aduaidh tirime agus fuara go dtiteann na teochtaí go han-tapa, fiú in aimsir ghlan. Feidhmíonn na hAlpa mar bhacainn – imríonn an Mheánmhuir tionchar ar dheisceart na hEilvéise agus tá aeráid i bhfad níos boige ansin ná atá i dtuaisceart na hEilvéise. Cinntíonn na sléibhte go mbíonn difríochtaí ollmhóra ann ó thaobh na haimsire de i measc réigiún éagsúla. Is féidir dul ó thírdhreach fuar agus scamallach go dtí spéir álainn ghorm taobh istigh de chúpla nóiméad. Bí ag breathnú ar thuar na haimsire réigiúnacha agus glac le comhairle na n-údarás áitiúil.

Sneachta agus Maidhmeanna Sneachta

Tá baol ó mhaidhmeanna sneachta, sleamhnuithe sneachta, maidhmeanna tuile agus sleamhnuithe láibe i gceantair alpacha. Ní féidir an aimsir sna sléibhte a thuar agus is féidir léi athrú go tobann. Bí ag breathnú ar thuar na haimsire áitiúil agus ar ar choinníollacha sábháilteachta, lean comhairle na n-údarás áitiúil, feistigh tú féin go cuí, déan pleanáil chúramach ar do ghníomhaíochtaí agus inis do phleananna do dhuine éigin. Ní mór duit aird a thabhairt ar rabhaidh agus fógraí i scríbhinn agus cloí le fánaí agus cosáin atá marcáilte. Cinntigh go gclúdaíonn d’árachas taistil tú féin agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat a dhéanamh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hEilvéise, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht na hEilvéise is gaire.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Táillí fón póca

Toisc nach bhfuil an Eilvéis san AE nó san LEE (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch), níl táillí fánaíochta clúdaithe ag Rialachán Fánaíochta an AE. Mar thoradh ar sin, is féidir le táillí chuig agus ó fhóin phóna in Éirinn agus a bheith ard. Seiceáil le do soláthraí fón póca sula dtéann tú chun na hEilvéise.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, +41 (0)31 350 03 80, to obtain the number of the Duty Officer.

Embassy of Ireland
2nd Floor
Kirchenfeldstrasse 68
P.O. Box 262
CH-3000 Berne 6
Switzerland

Tel: +41 31 350 0380
Fax: +41 31 352 1455

Monday to Friday 09:30-12:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Stefan Studer
Honorary Consul of Ireland
Claridenstrasse 25
Postfach 2172
CH-8027 Zürich

Tel: 00 41 44 289 25 15

Email: Email us