DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghabúin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghabúin

Má tá tú ag taisteal chun na Gabúine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Comhairle Taistil Ghinearálta

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Gabúine ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Féadfar go n-iarrtar ar phaisinéirí a dtástálacha diúltacha PCR a thaispeáint ar fhágáil dóibh, áfach, agus ba cheart dóibh comhairle a fháil óna n-aerlíne roimh thaisteal dóibh.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha cloí le haon bhearta scagtha breise atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis agus coimeád cothrom le dáta le heolas óna gcomhlacht taistil, iompar, nó soláthraí lóistín maidir leis an tionchar ar aon phleananna taistil atá acu ag an am.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i na Gabúine, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. 

Má bhíonn éigeandáil i gceist, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nAoad Cúnaimh Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachracha i m Baile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Moltar duit bailiúcháin phoiblí nó áiteanna ar dócha go dtarlóidh léirsithe a sheachaint. D’fhéadfaí go n-éireodh agóidí ina rudaí foréigneacha go tapa gan rabhadh. Moltar duit na meáin áitiúla a leanúint le haghaidh eolas ar chúrsaí.

Ár gcomhairle

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn sa Ghabúin agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a dhearbhú chun a chinntiú go bhfuil sé cruinn, oiriúnach agus cothrom le dáta. Spreagaimid go ndéanfar do thaighde féin, áfach, agus chun na naisc seo a leanas faoi chomhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile a léamh:

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun An Ghabúin agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua
  • Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn An Ghabúin.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens in need of consular assistance should contact the Irish Embassy in Abuja, Nigeria on +234 803 665 0069.

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000. The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 803 665 0069
Fax: +234 9 413 1805

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12-00

Contact us