DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghaimbia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghaimbia

Má tá tú ag taisteal chun na Gaimbia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise

Forléargas

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

An Fógra Taistil is Déanaí

Réigiúin na teorann: Seachain taisteal neamhriachtanach chuig limistéar teorann an deiscirt le réigiún Casamance na Seineagáile mar gheall ar bhaol ionsaithe ó ghrúpaí armtha agus mar gheall ar mhianaigh talún a bheith ann.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Is féidir le saoránaigh Éireannacha dul isteach i bPoblacht na Gaimbia gan víosa ar feadh suas le 90 lá.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chun na Gaimbia. Ba chóir go mbeadh íosbhailíocht 6 mhí ag pasanna Éireannacha.  Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig an nGaimbia treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh Ambasáid na hÉireann sa Nigéir a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter agus Facebook) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach sa Ghaimbia, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann sa Nigéir, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaínithe

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Is féidir le saoránaigh Éireannacha dul isteach i bPoblacht na Gaimbia gan víosa ar feadh suas le 90 lá ach ní mór dóibh na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • cruthúnas ar chistí leordhóthanacha,
  • doiciméid ina léirítear cruthúnas ar chuspóir an turais,
  • fianaise ar thicéad ar aghaidh/fillte,
  • doiciméid atá ag teastáil don chéad cheann scríbe eile.

Ba cheart do gach paisinéir a dheimhniú freisin le haerlíne go bhféadfar bordáil a cheadú gan víosa de réir mar a d'fhéadfadh coinníollacha athrú.

Ní mór do phasanna a bheith bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis duit teacht i dtír i bPoblacht na Gaimbia agus leathanach bán amháin ar a laghad a bheith acu. Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chuig Poblacht na Gaimbia agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja. Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  •  Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil le go mbeidh tú in ann dul abhaile;
  •  Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua.

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.