Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Iaráic

Má tá tú ag taisteal chun na hIaráice, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar an Iaráic, moltar duit gan taisteal.

Foláireamh taistil

Moltar duit gan taisteal chun na hIaráice mar go bhfuil cúrsaí slándála fós an-tromchúiseach agus tá baol mór fós ann maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta. Má tá tú san Iaráic faoi láthair, moltar duit imeacht as láithreach.

Má mheasann tú go gcaithfidh tú a bheith san Iaráic, ba chóir duit socruithe dlúthshlándála gairmiúla, leanúnacha a dhéanamh agus bí cinnte go ndéantar iad a athbhreithniú go rialta.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, léigh an mhír sábháilteachta agus slándála ar an leathanach seo.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Iaráic nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Iaráic sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann san Iaráic, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí slándála san Iaráic an-chontúirteach agus tá baol an-mhór ann ó ionsaithe sceimhlitheoireachta.

Sceimhlitheoireacht

Tá ionsaithe go leor déanta ag sceimhlitheoirí agus ag fórsaí frith-rialtais ar áiteanna ina gcruinníonn eachtrannaigh, lena n-áirítear óstáin agus bialanna. Déanadh ionsaithe ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coiste Idirnáisiúnta Chumann na Croise Deirge, na NA agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna).

Fuadach

Tá baol ard ar fud na hIaráice go bhfuadófar náisiúnaigh coigríche. Fuadaíodh daoine ina gcuid tithe, ag an obair agus iad ag taisteal. Ní dhéanann fuadaitheoirí idirdhealú idir náisiúntachtaí ná reiligiúin. Ina measc siúd a fhuadaítear tá daoine a raibh socruithe slándála in áit acu agus maraíodh cuid acu siúd a fuadaíodh.

Dlithe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na hIaráice, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hIaráice, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht na hIaráice is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hIaráice.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn san Iaráic, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt. Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil: