DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Indinéis, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Indinéis

Má tá tú ag taisteal chun na hIndinéise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.  

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na hIndinéise

Caithfidh gach paisinéir atá 18 mbliana d’aois agus níos sine a bheith vacsaínithe go hiomlán chun dul isteach san Indinéis. Baineann tuilleadh riachtanais vacsaínithe agus teanndáileoige i gcás daoine fásta agus páistí idir 6 agus 17 mbliana d’aois (féach ‘Taisteal Intíre’).

Is féidir le turasóirí Éireannacha cur isteach ar víosa Indinéiseach ar theacht isteach dóibh (bailí ar feadh 30 lá) ar chostas IDR 500,000. Is féidir síneadh a chur leis an víosa a fhaightear ar theacht isteach uair amháin (síneadh 30 lá ar a mhéid) trí iarratas a dhéanamh chuig an oifig imirce Indinéiseach áitiúil. Ba cheart do thaistealaithe a víosaí a shíneadh laistigh den chéad 30 lá chun fíneáil ró-fhanachta a sheachaint. Is féidir teacht ar liosta iomlán de na cineálacha víosaí is féidir le taistealaithe a fháil i gcomhair na hIndinéise agus na riachtanais a bhaineann leo seo ar shuíomh gréasáin oifigiúil imirce na hIndinéise.

Athraítear na rialacháin COVID-19 maidir le taisteal ó thíortha eile agus laistigh den Indinéis go rialta, faoi ghearrfhógra go minic.  Moltar go láidir do dhaoine atá ag taisteal chun na hIndinéise na rialacháin is déanaí a sheiceáil lena n-aerlíne agus lena n-ambasáid Indinéiseach áitiúil sula bhfágfaidh siad (is féidir le taistealaithe atá ag fágáil na hÉireann agus ag taisteal díreach chun na hIndinéise fiosruithe a dhéanamh ag consular@indonesianembassy.org.uk

Caithfidh taistealaithe eachtracha a thagann isteach chun na hIndinéise:

  • Tabhairt faoi sheiceáil teochta ar theacht isteach dóibh. Bíonn ar phaisinéirí a léiríonn siomptóim COVID-19 nó teocht choirp níos airde ná 37.5 tabhairt faoi thástáil RT-PCR. Má bhíonn an tástáil deimhneach, d’fheadfaí paisinéirí a thabhairt chuig ospidéal nó chuig ionad leithlisithe agus iad féin ag íoc an chostais. Má bhíonn an tástáil diúltach, féadfaidh paisinéirí atá vacsaínithe go hiomlán leanúint lena n-aistear.
  • Aip PeduliLindungi a shuiteáil ar a ngutháin chun rochtain a fháil ar áiteanna poiblí. Úsáidtear an aip seo go forleathan agus go dian chun cruthúnas ar vacsaíniú a léiriú san Indinéis.
  • Cruthúnas ar vacsaíniú iomlán a thaispeáint. Glactar le Teastas Digiteach COVID An Aontais Eorpaigh mar chruthúnas ar vacsaíniú le haghaidh dul isteach san Indinéis. Tá díolúine ag taistealaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois agus acu siúd nach féidir leo vacsaín a ghlacadh ar chúiseanna sláinte ó chruthúnas ar vacsaíniú a thaispeáint nuair a thagann siad isteach.

Paisinéirí nach bhfuil vacsaíniú iomlán acu:

  • Níl díolúine ag paisinéirí nach bhfuil vacsaíniú COVID-19 faighte acu, cé acu an chéad dáileog, an dara dáileog nó an tríú dáileog ata i gceist, ó vacsaíniú agus caithfidh siad vacsaíniú a fháil ar theacht isteach chun na hIndinéise dóibh trí chlár sláinte áitiúil tar éis go ndéantar seiceáil le haghaidh siomptóim.

Má tá tú san Indinéis, ba cheart duit súil a choimeád ar fhorbairtí sa tsláinte phoiblí go rialta, comhairle sláinte phoiblí a leanúint, agus meas a bheith agat ar shrianta áitiúla san áit go bhfuil siad i bhfeidhm. Má bhíonn aon cheist agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Iacárta ag jakartaem@dfa.ie.

Taisteal Intíre

Tá srianta i bhfeidhm maidir le haerthaisteal, taisteal farraige agus taisteal ar an talamh intíre.  Féach ar shuíomh gréasáin oifigiúil COVID-19 Rialtas na hIndinéise chun teacht ar shonraí maidir le rialacháin agus seiceáil le d’aerlíne nó le do sholáthróir taistil má bhíonn sé de phlean agat taisteal go hinmheánach am ar bith.

Caithfidh eachtrannaigh atá ag taisteal laistigh den Indinéis cloí leis na coinníollacha seo a leanas:

  • Freagracht a ghlacadh as a gcuid sláinte féin agus cloí le rialacháin COVID-19.
  • Tá sé éigeantach aip ‘PeduliLindungi’ a úsáid mar riachtanas taistil laistigh den tír agus chun rochtain a fháil ar áiteanna poiblí.
  • Is féidir le taistealaithe a fuair teanndáileog mar aon leis an gcéad chúrsa vacsaínithe taisteal san Indinéis gan toradh diúltach ar thástáil COVID-19 a thaispeáint.
  • Caithfidh taistealaithe eachtrannacha nach bhfuil vacsaíniú iomlán acu agus atá san Indinéis cheana agus a thaistealóidh, go hinmheánach nó go hidirnáisiúnta, vacsaíniú a fháil trí chlár sláinte áitiúil.
  • Caithfidh taistealaithe a bhfuil díolúine ar bhonn leighis acu ó vacsaíniú tástáil dhiúltach PCR a rinneadh 3x24 uair sula bhfágfaidh siad a thaispeáint, mar aon le cruthúnas ar an díolúine.
  • Ní chuirtear páistí 6-17 mbliana d’aois atá ag taisteal go hinmheánach san Indinéis san áireamh le tástáil, ach beidh orthu cruthúnas ar chúrsa vacsaínithe COVID-19 iomlán a chur ar fáil.

Papua Thiar

De bharr teannas polaitiúil méadaithe i Papua agus i Papua Thiar, leanaimid ag tabhairt comhairle do shaoránaigh Éireannacha a bheith cúramach má bhíonn siad ag taisteal chuig na réigiúin seo. Lean comhairle na n-údarás áitiúil le do thoil agus seachain léirsithe agus agóidí a bhíonn ar bun.

Aceh, Sulawesi Láir agus Maluku

Iarrtar ar shaoránaigh Éireannacha a bheith fíor-airdeallach agus iad in Aceh, Cúige Sulawesi Láir (go hairithe Palu, Poso agus Tentena), agus i gCúige Maluku, de bharr an fhoréigin fhéideartha nó na coimhlinte foréigní.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Cé go bhfuil cúrsaí polaitíochta cobhsaí tríd is tríd, bíonn tionchar ag forbairtí in áiteanna eile, lena n-áirítear an Meánoirthear, ar an Indinéis.  Ag léirsithe le déanaí i lár Jakarta, bhí caismirtí foréigneacha idir léirsitheoirí agus na póilíní. Ba chóir duit aon léirsithe nó slógadh mór daoine a sheachaint. Má fhaigheann tú amach go bhfuil foréigean in aice láimhe ba chóir duit an áit a fhágáil láithreach. Coinnigh tú féin ar an eolas faoi fhorbairtí, lena n-áirítear trí shúil a choinneáil ar na meáin áitiúla, agus bí ar d’aire i gcónaí.

Ba chóir duit a bheith cúramach go háirithe i rith tréimhsí saoire mar an Cháisc, an Nollaig, Bliain Nua Nyepi (an Bhliain Nua Bailíoch – 23/24 Márta) agus Lá na Saoirse (17 Lúnasa), mar go mbíonn tréimhsí teannais le sonrú san Indinéis ag na tráthanna sin.

Sceimhlitheoireacht

Bíonn bagairt ard ón sceimhlitheoireacht san Indinéis. Leanann grúpaí sceimhlitheoirí ag pleanáil ionsaithe agus tá ar a gcumas na hionsaithe sin a dhéanamh ag cibé am agus áit ar mian leo sin a dhéanamh sa tír. Bíonn na hionsaithe neamhidirdhealaitheach, in áiteanna a mbíonn grúpaí móra daoine bailithe nó in áiteanna ar eol dóibh a mbíonn easaoránaigh agus turasóirí eachtracha: Ionaid saoire trá, beáir agus bialanna, óstáin agus ionaid siopadóireachta ina mbíonn siopaí idirnáisiúnta brandaí, áiteanna a mheallann turasóirí, áiteanna adhartha, críochfoirt farantóireachta agus aerfoirt. D’fhéadfadh na hionsaithe díriú ar Rialtas na hIndinéise agus leasanna forfheidhmithe dlí.

Coiriúlacht

Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí agus tú san Indinéis:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Sábháilteacht phearsanta

Má bhíonn tú ag tabhairt cuairte ar an Indinéis nó i do chónaí san Indinéis, ba chóir duit a bheith fíor-chúramach i gcónaí. Cinntigh go bhfuil tú ar do chompord le do shocruithe slándála, agus déan athbhreithniú orthu go rialta.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Indinéis, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an Ambasáid Éireannach i Singeapór má theastaíonn cúnamh uait.

Ag tiomáint

Má tá sé beartaithe agat tiomáint agus tú san Indinéis, ba chóir duit a bheith fíor chúramach.

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hIndinéise, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Alcól áitiúil

Bhásaigh roinnt turasóirí san Indinéis agus tá nasc déanta idir a mbás agus gur ól siad 'arak', nó fíon ríse áitiúil a bhí éillithe le meatánól. Moltar do thurasóirí, go háirithe turasóirí chuig Bali, Lombok agus na Gili Islands, gan an deoch sin a ól. 

Sábháilteacht ar mhuir

Ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach, go háirithe agus tú ag taisteal ar bhád. Tuairiscíodh gur iompaigh roinnt bád ar a mbéal fúthu i ndrochaimsir stoirme.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Ná bíodh aon bhaint agat le drugaí neamhdhleathacha. Is cionta tromchúiseacha san Indinéis drugaí mar sin a bheith i do sheilbh, a bheith á ngáinneáil nó á ndéanamh. Gearrtar pianbhreitheanna príosúin fada orthu siúd a mbeirtear orthu nó pionós an bháis féin fiú, go hiondúil tar éis próiseas dlí fadálach agus daor.

Is minic le póilíní áiteanna a chuardach (go háirithe i mBali), áiteanna a mbíonn turasóirí ó thar lear, agus d'fhéadfadh siad a éileamh ar aon duine tástáil fuail nó fola a thabhairt sa chás go bhfuil aon amhras ina leith go bhfuil drugaí tógtha. Is minic pianbhreitheanna suas le ceithre bliana a bheith gearrtha ar úsáid drugaí nó fiú méideanna beaga de dhrugaí mar marijuana nó eacstais a bheith ar iompar. D’fhéadfaí pionóis an bháis a ghearradh ar gháinneálaithe drugaí ciontaithe nó úsáideoirí drugaí crua mar cócaon nó hearóin.

Cultúr Moslamach

Ba chóir duit meas a léiriú do thraidisiúin, do chustaim, do dhlíthe agus do reiligiúin áitiúla ag gach tráth agus a bheith ar an eolas go bhféadfadh d’iompar dímheas a léiriú do chultúir nó creidimh reiligiúnacha eile, go háirithe i rith mí bheannaithe Ramadan nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar limistéir bheannaithe.

Ba chóir duit a bheith ar an eolas gan cion a dhéanamh in aghaidh íogaireachtaí Ioslamacha. Tharla sé ar uairibh gur chuir daoine le creideamh “bunúsaíoch” isteach ar thurasóirí ón iarthar i mbeáir agus i gclubanna oíche, go háirithe thart ar laethanta saoire Ioslamacha mar Ramadan.

Aitheantas pearsanta

Ba chóir duit fianaise de do chéannacht phearsanta a thaispeáint má iarrann na póilíní sin ort. Ba chóir duit fótachóip de na leathanaigh iomchuí i do phas a bheith ar iompar agat ar fhaitíos go gcailleann tú an pas bunaidh, agus ba chóir duit an pas féin a choimeád in áit shábháilte.

Cearrbhachas

Tá cearrbhachas neamhdhleathach san Indinéis.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Tá an Indinéis suite ar an líne seismeach so-ghalaithe ar a dtugtar an ‘Ring of Fire’ san Aigéan Ciúin. Tarlaíonn brúchtadh bolcánach agus creathanna talún go rialta, agus nuair a bhíonn siad sách dian agus coinníollacha na gcreathanna tromchúiseach go leor, bíonn an baol ann go gcruthófaí súnámaithe sa réigiún.  Tá cumas teoranta ag seirbhísí éigeandála agus tarrthála na hIndinéise agus na húdaráis áitiúla chun déileáil le tubaistí nádúrtha móra.

Crith talún

Tuigtear go dtarlaíonn 90% de chreathanna talún an domhain feadh an Ring of Fire agus tarlaíonn sin mar gheall ar theicteonaic phlátaí agus screamhghluaiseacht imbhualadh plátaí. Má bhíonn tú ag taisteal chun na hIndinéise nó i do chónaí ann, cinntigh go bhfuil a fhios agat cad atá le déanamh i gcás creathanna talún.

Bolcáin

Tá go leor bolcáin san Indinéis, agus is féidir le ceachtar acu brúchtadh gan choinne. Ba chóir duit a  bheith ar an airdeall, seiceáil tuairiscí nuachta agus cloígh le comhairle na ndaoine áitiúla sula dtéann tú ag taisteal chuig limistéir ina bhfuil bolcáin.

Tuile

Tarlaíonn maidhm thuile agus tuilte níos forleithne go rialta. Bíonn tuilte móra go háitiúil i gcathracha, go háirithe Jakarta, agus cuirtear isteach ar an saol ansin go mór agus maraítear daoine ar uairibh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don Indinéis, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó téigh i dteagmháil leis an Ambasáid nó an Consalacht de chuid na hIndinéise is gaire duit.

Pasanna

Cinntigh go bhfuil do phas bailí ar feadh íostréimhse sé mhí tar éis duit a bheith ar thuras chun na hIndinéise agus tíortha eile laistigh den Áise Thoir Theas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad sula dtéann tú ag taisteal an bhfuil gá le haon vacsaínithe don Indinéis.

Áiseanna leighis

Tá na caighdeáin cúraim sláinte agus leighis san Indinéis íseal go maith agus ní féidir brath go hiomlán ar thástálacha leighis éagsúla a dhéantar. Bíonn costas an-ard ar chóireáil leighis maith. I gceantair iargúlta, ní dóigh go mbeidh seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil iontu do ghortaithe nó do thinneas tromchúiseach.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le haslonnú liachta atá an-daor agus mar sin cinntigh go bhfuil clúdach árachais sláinte taistil cuimsitheach bailí agat agus go bhfuil cistí ar fáil duit chun costas aon chóireáil leighis a bheadh uait thar lear agus aisdúichiú a íoc.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance in Indonesia outside office hours, please contact the Embassy at +62 21 280 94300 and leave a message on the answering machine.

Embassy of Ireland
World Trade Centre 1
14th Floor
Jl. Jend. Sudirman kav 29-31
Jakarta 12920
Indonesia

Tel: 62 (0) 21-2809 4300
Fax: +62 (0) 21-521 1622

Monday to Friday: 9.00 - 12.30 and 14.00 - 16.00

Contact us