Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Laitvia

Má tá tú ag taisteal chun na Laitvia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Get travel and medical insurance

Before travelling, the Department strongly recommends that you obtain a European Health Insurance Card (EHIC), available by contacting the Health Service Executive, and that you also obtain comprehensive travel insurance which will cover all overseas medical costs, including medical repatriation/evacuation, repatriation of remains and legal costs. You should check any exclusions and, in particular, that your policy covers you for the activities you want to undertake.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar an Laitvia, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Laitvia nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Laitvia sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na Laitvia. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na Laitvia.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Uimhreacha teagmhála do sheirbhísí éigeandála

Uimhir éigeandála liachta/otharcharr: 03 nó 112
Póilíní: 02 nó 112
Príomhstáisiún Póilíní Nr. 1, Matisa iela 9, Rīga: +371 67086200
Seirbhís tarrthála agus dóiteán an Stáit:  01 nó 112

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Ríge.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil baol beag ó sceimhlitheoireacht sa Laitvia, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. 

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Laitvia ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Moltar duit gan a bheith ag siúl asat féin san oíche. Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Tharla roinnt eachtraí gadaíochta i mbrúnna agus mar sin tabhair an-aire de do chuid stuif nuair a úsáideann tú iad seo.

Camscéimeanna beáir/club

Tá roinnt camscéimeanna á bhfeidhmiú ag cuid de na beáir nochta/damhsa téisiúil nó beáir/clubanna eile a úsáideann seirbhísí banóstach (i.e. mná atá fostaithe chun custam a spreagadh) sa Laitvia.  Bhí roinnt cásanna a bhain le sracadh agus calaois chártaí creidmheasa luaite leis na hionaid sin. 

Má thagann banóstach chugat do spreagadh le dul chuig beár áirithe, ba chóir duit a bheith ar an eolas gur dóigh go mbeidh aon deoch a cheannóidh tú ón bhanóstach i bhfad níos daoire ná mar atá luach gnáthdheoch. Bí cinnte i gcónaí go gcuireann tú ceist faoi chostas na dí sula n-ordóidh nó sula n-íocfaidh tú as gach deoch de réir mar a ordaítear é. Sonraigh an deoch ar leith atá uait (i.e. má iarrann tú 'champagne' d’fhéadfadh sé tarlú go gcríochnófá ag ceannach buidéal den champagne is daoire sa bheár).  Rinne saoránaigh de chuid na hÉireann roinnt clamhsán faoi chlubanna oíche a bhí ag baint amach praghsanna a bhí an-ard. Dhiúltaigh cuid de na clubanna seo cead a thabhairt do dhaoine imeacht nó go raibh an bille (os cionn €5,000 i roinnt cásanna) íoctha. 

Tá liosta de bheáir den saghas seo ar fáil ar láithreáin ghréasáin éagsúla taistil agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go n-athraíonn go leor de na hionaid seo a gcuid ainmneacha go rialta ionas gur féidir leo leanúint ag sracadh ó thurasóirí neamh-amhrasacha.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tá sa Laitvia, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Ríge má tá cabhair uait.

Póilíní Turasóireachta Chathair Ríge

Cuireann an Roinn Póilíní Turasóireachta seirbhís 24 uair an chloig i mBéarla ar fáil do thurasóirí i Ríge a bhfuil fadhbanna acu, nó ar mhaith leo clamhsán a chlárú faoin tslí ar caitheadh leo i Ríge.  Is í an uimhir theileafóin ná +371 67181818.

Coireanna oird phoiblí

Bhí líon beag cásanna freisin arbh shaoránaigh de chuid na hÉireann iad féin a rinne coireanna oird phoiblí. Déantar dianphóilíneacht ar choireanna oird phoiblí i Ríge agus d’fhéadfadh sé go ngearrfaí 7 mbliana príosúin, agus/nó fíneáil ghéar ar aon duine a mbéarfaí orthu. Ba chóir go mbeadh tú ar an eolas freisin gur coir atá ann a bheith ar meisce in áit phoiblí agus go bhfuil sé in aghaidh an dlí drugaí a bheith do sheilbh, fiú amháin más líon beag drugaí atá ann, agus go bhféadfaí pianbhreith fhada choimeádta a ghearradh ort.

Is siombail tábhachtach do phobal na Laitvia é an Leacht Saoirse, atá ar imeall na Seanchathrach, agus ba chóir a bheith measúil ina leith. 

Is é an freagra a bhíonn ag na húdaráis i Ríge agus in áiteanna eile sa Laitvia ar choireanna go minic, ná daoine a bhfuil amhras fúthu a choinneáil sa phríosún nó go mbeidh an cás á éisteacht sa chúirt. Go ginearálta tógann sé seo idir 7-14 lá.

Pas caillte/goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas i Ríge, ba chóir duit ar dtús an chailliúint nó an ghoid a thuairisciú ag an stáisiún póilíní ag Matīsa iela 9 (idir Brīvības agus Tērbatas, map teil: 67086213). Is ar an stáisiún seo atá an fhreagracht don cheantar ina bhfuil an Seanchathair.

Eiseoidh na póilíní tuairisc duit ag deimhniú gur thug tú tuairisc go raibh do phas caillte nó goidte. Beidh ort an tuairisc seo a chur i láthair nuair a bheidh tú ag déanamh éilimh ar an Ambasáid ar dhoiciméad taistil nua. Teastóidh dhá ghrianghraf nua pas uait, foirm eile aitheantais agus táille riaracháin de Ls 10.50.  Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid chomh luath agus a fhaigheann tú tuairisc na bpóilíní chun socruithe a dhéanamh chun Doiciméad Éigeandála Taistil a tháirgeadh. Tá grianghraif le haghaidh pasanna ar fáil ó shiopaí grianghrafadóireachta agus, lasmuigh de ghnáth-uaireanta, ag both i stáisiún idirnáisiúnta bus Ríge (Prāgas iela 1, in aice leis an Margadh Lárnach. Tá rochtain 24-huair ar fáil ag an taobh-bhealach.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Laitvia, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Is sa Laitvia atá an líon cásanna is mó san AE ina bhfaigheann daoine bás de bharr timpistí bóthair. 

Nuair a théann tú isteach chun na Laitvia i gcarr agus i gcónaí nuair a bhíonn tú ag tiomáint sa Laitvia, caithfidh do dheimhniú árachais agus do bhundeimhniú clárúcháin feithicle, chomh maith le do cheadúnas tiomána, a bheith ar iompar agat. 

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Laitvia, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ba chóir go mbeadh feithiclí páirceáilte faoi ghlas i gcónaí agus go mbeadh an t-aláram (má tá ceann feistithe) gníomhachtaithe
  • Tá ceannsoilse maolaithe éigeantach ag gach am

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Laitvia, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Ag taisteal chun na Laitvia sa gheimhreadh

Bí ullamh d’aimsir an-fhuar agus a d’fhéadfadh a bheith guaiseach má tá sé i gceist agat taisteal chun na Laitvia sa gheimhreadh (Deireadh Fómhair go Márta). Tá an baol ann go mbeidh sneachta ar an talamh agus d’fhéadfadh an teocht titim go dtí -25 céim Celsius nó faoina bhun.

Tuilte áitiúla

D’fhéadfadh tuilte áitiúla a bheith lasmuigh de Ríge in amanna mar gheall ar leá an earraigh.

Go ginearálta, is é an t-am is fearr chun cuairt a thabhairt ar an tír ná idir Bealtaine-Meán Fómhair, nuair a bhíonn an teocht sa lá sa réimse 20-25 C, agus sa réimse 4-15 C san oíche. Is iad Eanáir agus Feabhra na míonna is fuaire den bhliain chun cuairt a thabhairt ar an tír.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann chun cuairteanna gearra a thabhairt ar an Laitvia ach má bhíonn tú ag fanacht ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá caithfidh tú cead cónaithe a fháil.

Sláinte

Ní theastaíonn vacsaíniú ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le dul chun na Laitvia.

Ospidéil sa Laitvia

Rīgas 1. Slimnīca, Bruninieku 5, Rīga (níl ar fáil 24-huair) +371 6727 0136
P. Stradiņa klīniskā universitātes slimnīca, Pilsoņu 13, Rīga  +371 6706 9600
Klīniskā slimnīca “Gaiļezers”, Hipokrāta 2, Rīga   +371 6704 2400
Liepājas pilsētas centrālā slimnīca, Slimnīcas 25, Liepāja  +371 6340 3255; +371 6340 3210
Daugavpils reģionālā slimnīca, Vasarnīcu 20, Daugavpils  +371 6540 5252
Ventspils slimnīca, Inženieru 60, Ventspils  +371 6362 4721
Jelgavas pilsētas slimnīca, Brīvības bulv. 6,Jelgava  +371 6302 1802
Valmieras slimnīca, Jumaras 195, Valmiera  +371 6420 2602

Seirbhísí atá ar fáil i mBéarla

Dochtúirí i Ríge a labhraíonn Béarla

ARS medical centre, Skolas iela 5     

+371 6720 1006 (fáiltiú)
+371 6720 1009 (seirbhís 24 huair i mBéarla)
+371 6720 1005 (uimhir bhaile do chásanna éigeandála)

Dr Anda Karina, Skolas iela 2  +371 6724 0202
Dr Livija Caune, Elizabetes iela 2 a  +371 6732 1980
Dr E. Tirans, General Practicioner, Bruninieku iela 67  +371 6731 5594

Gnólachtaí dlí a chuireann seirbhís i mBéarla ar fáil

A Baumana birojs, Tallinas iela 69-16, Rīga  +371 2927 3361
Rode & Partneri, Raiņa bulv. 3, Rīga  +371 6722 5228
Spigulis & Kukainis, Teatra iela 2, Rīga +371 6721 4272

Nótairí a chuireann seirbhís i mBéarla ar fáil

Ilona Ķibilde, Blaumana iela 16-18, Riga +371 6728 4737
Agrita Gustafssone, Kaļķu iela 26, Rīga +371 6721 0252

Rialacháin chustaim

Tá ceadúnas speisialta ag teastáil chun seandachtaí a thógáil amach as an tír má cheannaíonn tú deilbhín, leabhar, pictiúr nó earra cultúrtha eile atá 50 bliain nó níos síne, nó a chosnaíonn níos mó ná 300 lats. Is féidir iarratas a dhéanamh air seo ag an Chigireacht Stáit um Chosaint Oidhreachta, 19 Mazā Pils Street, Rīga [san Seanbhaile) (teil.:  +371 67229272).